Eolas Faoi Ghlas is Bás Aaron Swartz

  • Is linne an t-eolas

    – Aaron Swartz (1986 – 2013)

    Aaron

  • Chuir Aaron Swartz lámh ina bhás féin an tseachtain seo ar an 1/11/2013.  Bhí sé 26 bliana d’aois. Tá sé níos éasca dúinn an nuacht a fháil anois mar gheall ar an RSS a scríobh sé nuair a bhí sé ceithre bhliain déag d’aois.  Bhí sé i gceist aige eolas poiblí a chuir ar fáil do chuile dhuine agus d’éirigh leis. Go raibh maith agat, a Aaron. Bhí an nuacht is an t-eolas ag teastáil go géar uainn.
  • Fear cliste ab ea é a bhunaigh Demand Progress   is Reddit.com agus d’oibrigh sé ar Creative Commons Is anois tá sé marbh. Scanraigh an FBI é mar tá saoirse i gcoinne  luacha an rialtais (na comhlachtaí móra). Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile mharaigh saint, díothacht, agus faillí Aaron Shwartz.
  • Maraíonn saint daoine. Níl coinsias soisíalta ag saint. Cuireann sí brabús thar dhaoine agus faigheann daoine bás mar gheall ar sin. Bhí Aaron ar thaobh saoirse is an rialtas ar thaobh cos ar bholg is brabús. Chuir MIT i leith Aaron gur ghoid sé 4 mhilliún doiciméadaigh uathu agus ó Jstor. Ach níor ghoid sé aon rud. Scaoil sé saor é. Is iad na hollscoileanna atá ag goideadh eolas uainn.
  • Mharaigh saint saoirse Aaron is chuir sí bagairtí agus deacrachtaí ina bhealach. Is féidir cur suas le bagairt nó dhó ach bhí na comhlachtaí móra, oideachas príomháideach agus an córas dlí ina choinne ró-mhinic. Tháinig na comhlachtaí le chéile le bagairtí uafásacha is iad ag iarraidh a airgead a chosaint.  Le meon coilíneach cheap siad gurbh fhéidir leo gach rud saor a dhíol do dhaoine. Ní féidir le daoine bochta freastal ar ollscoileanna anseo anois. Ní féidir linne nach bhfuil san ollscoil téacsanna áirithe a léamh. Tá MIT agus JSTOR ciontach anseo.  Bhí Aaron ina fellow at the Center for Ethics at Harvard University rud a chuir ag gáire ós ard mé. An dtuigeann siad eitic ansin i Harvard? Thuig Aaron é. Agus bhí an dlí ag iarraidh é a chuir i bpriosún é mar gheall air. Bhí MIT agus Jstor ag iarraidh airgead a bhaint de:  $4 milliún mar chaill siad airgead dar leo ach ghoid siadsan an t-eolas sa chéad áit. Is linne é.
  • Maraíonn díothacht daoine. Bhí an dlí ag iarraidh Aaron a chur faoi ghlas mar ní raibh sé sásta eolas a bheith faoi ghlas. Tá sé cosúil le Bradley Manning sa chás seo. Buíochas le Dia nár fhulaing sé an céasadh a d’fhulaing Bradley ach ar bhealach d’fhulaing sé céasadh meabhrach uafásach freisin leis an FBI á leanúint is á bhagairt. Is féidir leis an rialtas anseo rudaí uafáasacha a dhéanamh mar a rinne siad le Bradley Manning agus bhí an t-eolas sin ag Aaron.  Thuig sé díothacht cearta.
  • San amhrán Casas de cartón tá líne ag insint go na daoine bochta go bhfuil scoileanna do mhadraí acu i dtíortha eile. Tá sé deacair é sin a mhíniú. Bhí páipéar nuachtán ag m’athair agus cheannaigh daoine é gach seachtain. Anois is féidir an nuacht a fháil saor in aisce agus b’fhearr liom domhan mar sin. Tugann sé seans do dhaoine gan airgead.  Thuig Aaron díothacht saoirse.
  • Bhí siad á bhagairt Aaron a chuir i bpriosún ar feadh 35/50 bliana. Cuireadh mo mhac féin i bpriosún ar feadh lá amháin agus ba bheag nár bhuail taom croí mé. Bhí sé i Minneapolis nuair a bhí an GOP ag socrú a chogadh agus é ar na sráideanna leis na mic léinn eile nuair a rinne na gardaí ‘mass arrest’ agus gabh siad 400 daoine Agus is féidir leo é a dhéanamh! An gá dom a scríobh nár tharla sé mar sin agus nach raibh bealach amach ag éinne mar bhí na gárdaí (saighdiúirí i ndáiríre) i ngach áit? Téann an rialtas thar fóir go minic. Thuig Aaron díothacht slándála. Tá faitíos ar dhaoine. Tuigeann daoine mar Aaron an méid a tharlaíonn i bpriosúin Is é géarleanúint in áit ionchúiseamh atá in úsáid ag an rialtas ach tá níos éascaí iad a meascadh suas i mBéarla (persecution agus prosecution).
  • Maraíonn faillí daoine. Cuireann meon scothroghnaigh glas ar eolas d’fhormhór an cine daonna atá ag iarraidh an domhan a thuiscint. Thuig Aaron faillí na daoine bochta, faillí cultúrtha, faillí scoláirí. Tá daoine cliste gan airgead sa domhan seo agus is féidir leo an domhan a fheabhsú má tá seans acu. Bhí mé i mBarnes & Noble (siopa leabhar)  le mo dhearthair cúpla bliain ó shin. Mhínigh mé nach raibh tada le déanamh agam nuair a tháinig mé go SAM sula raibh mo chárta glas agam. Chaith mé mo laethanta i leabharlann agus sa siopa leabhar sin. D’fhéach mé timpeall agus mhínigh mé gur féidir neart leabhar a léamh faoi ábhar ar bith ansin ach má tú ag iarraidh é a thuiscint i gceart caithfidh tú leabhar na hollscoile a fháil agus ní raibh siad ansin. Níor fhreastal mo dhearthair ar ollscoil agus chonaic mé díomá ina shúile. Ní fhéadfadh sé na leabhair a léigh mé a léamh. Níl siad le fáil dó. Is níl sé sin ceart ná coir.
  • Bhí an rialtas ag díol 18 milliún doiciméid poiblí don phobal nuair a scaoil Aaron iad saor in aisce is bhí an ceart aige é sin a dhéanamh ach bhí an FBI ar dheargbuile faoi. Ba chóir go mbeadh doiciméid Jstor le fáil saor in aisce do gach duine ach níl. Caithfidh siad é sin a athrú. Caithfidh siad a thuiscint go gciallaíonn Not For Profit nach féidir an t-eolas a dhíol.
  • Tá faillí cultúrtha ann fiú in Éirinn. Chuaigh mé ar thóir Scéalta Cois Chladaigh nuair a bhí mé sa bhaile. Chuaigh mé ó leabharlann go leabharlann is go ollscoileanna is faoi dheireadh fuair mé cóip sa Leabharlann Náisiúnta agus ní raibh an téip an obair i gceart. Ní raibh bealach éisteacht leis an téip sa Leabharlann Náisiúnta ach oiread. Bhí mo bhéal ar oscailt agam le suaitheadh cultúir faoin bhfaillí seo. ‘Ach seo ár n-oidhreacht’ a mhínigh mé don bhfear ann. ‘Is linne an teanga agus na háiseanna. Ní féidir rud mar seo a choinneáil ó na daoine.’ Bhí an fear cairdiúil ach ní raibh freagra aige. Faigheann na hollscoileanna airgead ón rialtas. Faigheann an rialtas an t-airgead uainne. Nuair a chaith an tOllamh Séamas O Catháin an t-am sin go léir ag bailiú scéalta ní raibh sé dhá dhéanamh ar a shon féin ach ar son na tire nó b’fhéidir nach dtuigeann daoine é sin. Nuair a roinnt John Henry a scéalta, rinne sé é sin dúinne is cá bhfuil siad? Ní bhfuair mé freagra ó UCD. Nuair a dhéanann tú dearmad is cuid den díothu thú. Tá gá le oideachas ach ní chóir don chóras oideachais doirse a dhúnadh.  Tá chuile dhuine fiosrach.
  • Is cuimhin liom scéal álainn a léigh mé ar scoil The Windows of Wonder le Bryan Mac Mahon. Tá orainn na fuinneoga a oscailt, na doirse a oscailt agus an seans céanna a thabhairt do chuile dhuine. Ná díol eolas. Níl ach praghas amháin air, suim. Má tá suim agat, ar aghaidh leat.  Níl taithí agam ar MIT ach tá ar Jstor. Nuair a bhí mé san ollscoil d’úsáid mé an áis ach ní féidir liom é a úsáid níos mó mar nílim san ollscoil anois. Is cuireann sé isteach orm. Léigh mé i Jstor faoi litríocht agus bhain mé taitneamh as tuaraimí údair eile. Ach tugtar le fios gur pribhléid í agus gur íoc an ollscoil as. Bhí praghas ar an eolas. Ní raibh mé ag iarraidh aon phribhléid. Níor cheap mé go raibh mé níos fearr ná éinne eile. Bhí oideachas uaim is eolas uaim agus níor smaoinaigh mé riamh ar eolas mar thráchtearra. An gcaithfidh páiste airgead a íoc le fáil amach cén fáth a bhfuil an spéir gorm? Nach bhfuil fonn ar an tuismitheoir an t-eolas sin a roinnt leis agus le duine ar bith eile a bhfuil suim aige ann?
  • Agus dóibh súid a déarfaidh go raibh rud éigin cearr le Aaron, go raibh sé faoi dhúlagar, tá an ceart agaibh. Ach bhí go leor ceart leis is bímid go léir faoi dhúlagar go mór, mór nuair nach bhfuil cothrom na féinne inár dtír is an rialtas ag iarraidh muid a chur i bpriosún.  Tuigeann an rialtas an bagairt. Níl fhios ag an tromlach céard atá ar siúl ag an rialtas is b’fhearr leis an rialtas é a choinneáil mar sin. Nuair a thagann do nuacht duit le airgead ó na baincéirí, níl nuacht agat. Níl fonn orm éisteacht le daoine mór le rá cosúil le Bush nó Condaleeza Rice. Caithfidh tú $$$ a íoc le éisteacht leo. Ach tá ard-áthas orm éisteacht le daoine cosúil le Aaron agus daoine ar indigenous tweets mar roinneann siad an t-eolas is tá sá nádurtha is níl aon clár oibre folaigh acu. Ní raibh aithne agam ar Aaron ach tá mé fíor bhrónach anseo mar rinne siad feall is tá duine iontach caillte againn.

King agus Obama

Féin-Mharú: mar a Chaillimid na Dúchasaigh

Féin-Mharú an Treibh Guarani-Kaiowá Pleanáilte

Scéal ó 2012

San lá atá inniu ann tá na mílte ag iarraidh éalú ó áiteachaí ina bhfuil a gcearta caillte acu, ina bhfuil daoine ag iarraidh línte nua a tharraingt, ina bhfuil cogadh in ainm Dia amháin nó Dia eile mar dhea mar is cumhacht agus saint is cúis leis. Cén sórt domhan atá againn nach dtugann meas do dhaoine i gcruachás?

Ach ar ais go cearta agus na dúchasaigh ag fulaingt i bhfad ar fud an domhain. An scéal céanna ar bhealach. Chomh cráite sin go raibh siad réidh le fáil réidh leo féin!

Le díshealbhú, bagairt, agus ionsaí tá siad marbh le frustrachas

An Nuacht:

Tháinig an scéal eadochasach seo chugham i dtuít ó cheoltóir san mBrasaíl. D’oscail mé an nasc agus léigh mé an litir faoi na treibheanna Guarani-Kaiowá san mBrasaíl atá ag seasamh an fód don uair dheireanach. Níl acu ach dóchas go gcloisfidh breitheamh a gcás ón litir ach dáiríre ní chreideann siad sa chóras dlí agus anois b’fhearr leo bheith curtha lena muintear. N’fheadar an ndéanfaidh a namhaide fiú a leithéid dóibh.

An Litir (i leagan simplí) ón gcomhphobail de Guaráinis-Kaiowá Pyelito Kue / Mbarakay-Iguatemi:

Dírithe ag an Rialtas agus Cúirte na Brasaíle

‘Is sinne (50 fir, mná 50 agus 70 leanaí) an phobal Guaráinis-Kaiowá a thagann ó Tekoha Pyelito kue / Mbrakay . Scríobhamar an litir seo lenár staid stairiúil a mhíniú agus an beart a rinneamar a léiriú daoibh mar gheall ar an t-ordú uaibhse (Uimhir. 0000032-87.2012.4.03.6006) a bhfuaireamar ar an 29ú  lá de Meán Fomhair 2012. Fuaireamar amach go mbeidh ár bpobal ionsaithe, ráibthe, caite amach ó cheantar na habhainn, an áit ina bhfuilimid, mar gheall ar an t-ordú seo ón gcúirt náisiúnta Ashland.

Mar sin tá sé soiléir dúinn, leis an gníomh seo ón gCúirt náisiúnta, go bhfuil sibh ag cothú is ag méidiú an foréigean is ag diúltiú ár gcearta maireachtáil anseo in aice na habhainn Hovy agus freisin inár gceantar dúchasach Pyelito Kue / Mbarakay. Tuigimid go soiléir nach bhfuil i gcinneadh na cúirte seo ach cuid den chinedhíothú is sciosadh amach ár dtreibh atá i Mato Grosso do Sul…’

Leanann an litir ar aghaidh le rá nach bhfuil dóchas acu, nach gcreideann siad sa dlí agus gur fearr féin–mharú chuile dhuine beo acu ná fulaingt faoin dlí. Agus sin an rud atá beartaithe acu a dheanamh. Ar a laghad beidh siad ina ait fhéin agus impíonn siad bheith curtha lena muintear san áit sin.

Nasc: http://dialogospoliticos.wordpress.com/2012/10/20/indios-guarani-kaiowa-anunciam-suicidio-coletivo-no-mato-grosso-do-sul/

Geit:

Féin-mharú an treibh uilig? Tá sé an-deacair go deo é sin a thuiscint nuair atá meas ag daoine ar an saol.  Smaoinigh mé fhéin ar dul go an Iaráic mar chosain do na daoine ann nuair a thosaigh siad ag caint ar ‘Shock and Awe.’ Ní mharódh siad daoine ó Mheiriceá nó daoine mór le rá a bhí ag dul ann. Sin a cheap mé ag an am.  Bhí orm rud éigin a dhéanamh agus bhí sé chomh tabhachtach sin go raibh mé réidh (mar a deireann saighdiúirí go minic) an íobairt is mó a dhéanamh agus mé fhéin a chur i mbaol. Is bhí neart daoine eile ag dul ann mar chosain.

Tuigim an grá.Tuigim an frustrachas nuair nach féidir leat aon rud eile a dhéanamh. Ach ní oibríonn sé. D’fhéach mé ar an nuacht, d’éist mé le daoine, chuala mé daoine a’ rá ‘Nuke Iraq’ agus thuig mé faoi dheireadh nárbh íobair a bhí ag teastáil ach an fhírinne, labhartha go hard i ngach áit go mbainfí an cumhacht ó na diabhail gan náire, gan croíthe a mharaíonn daoine mar is cuma leo.

Mo Fhreagra:

Tá freagra agam do na Guarani-Kaiowá: ná déan é. Is cuma leo san rialtas faoin litir seo is faoi bhúr gcás. Ach má fhaigeann sibh bás beidh an bua acu. Leanfaidh siad ar aghaidh leis an dochar le grúpaí eile agus is cuma leo faoi na marbh. Tá siad bodhar is dall is ní thuigeann siad aon rud seachas a ngutha fhéin agus saibhreas $$$.

Cé go bhfuil an cás i bhfad níos measa daoibhse, chaill mé is mo chlann ár gcultúr nuair a thángamar go dtí na Stáit Aontaithe. Ach tá dóchas ann agus is féidir difríocht a dhéanamh anseo agus cúrsaí a fheabhsú. Anseo atáim ag scríobh faoi bhúr gcás i mo theanga fhéin arís. Creid nó ná creid, b’iad Meireacánaigh a thug an spreagadh dom mo chultúr a aithint arís lena suim sa Ghaeilge. Is féidir an troid a dhéanamh leis an dlí ó áiteachaí eile.

Ní neart go cur le chéile agus cé nach bhfeiceann sibhse ach an dream damanta ansin, tá níos mó daoine maithe sa domhan ná daoine gan croíthe. Ach ní labhraíonn siadsan os ard is caithfimid dul á gcuartú. Tuigeann go leor daoine bhúr gcás ach tá i bhfad níos mó daoine amuigh ansin nár chuala faoi go fóill. Seas an fód  (anseo nó ansiúd) mar a rinne bhúr muintear romhaibh. Éist leis na focail san amhrán seo agus creid iad: http://www.youtube.com/watch?v=8ebkce5ukn4

Turas ONCE

Nuair a théim ar aid go hÉirinn bím chomh gnóthach sin nach mbíonn am agam dom féin le dul ag taisteal. Maidin amháin bhí mé ar dhulagas leis féin a thabhairt go dtí an aerfort ag a 4:00rn. Dúirt siad go léir go mba chóir dom teacht díreach ar ais is dul a luí arís ach bhí mé i mBaile Atha Cliath. Seans agam na háiteachaí a chonaic mé sa scannán ONCE a fheiceáil i ndáiríre. Is é féin ar bord, sa charr liom go Cnoc Chill Iníon Léinín, an áit inar thug sí an freagra rómánsúil Miluju Tebe dó. 

Image

Thiomáin mé i dtreo na sléibhte ach chuaigh mé ar strae. Stop mé le treoir a fháil ó lead ag garáiste. Lead óg ón Rómáin a thuig mo thír níis fearr ná mise a chuir ar an mbóthar ceart mé. Roimh i bhfad bhí mé stoptha ag geata ag Victoria Hill. An raibh dul amú orm? Chuir mé ceist ar duine ag obair ann le fáil amach go raibh mé san áit ceart (céard atá Victoria ag déanamh fós anseo?!), isteach liom agus suas an cnoc.

Dealbh taobh istigh den geata.

Thus Dedalus Flew air.

Beagnach a 6:00 ar maidin agus geal agus daoine ag siúl thart fiú ag an am sin. Mé san áit ceart. Aithrigh an ainm sin ó Victoria Hill le bhur dtoil. Mar a chuirimid daoine ar strae agus muid fós ag iarraidh bheith béasach faoin stair. Ag barr an chnoic is tuirse orm tháinig mé ar an radharc IONTACH sin ó ONCE. Tá Éire fíorálainn!

Image

Tá stair ag an gcnoc seo domsa. Bhí mé anseo cheana ach dhreap mé ó thaobh eile é. Bhí an draíocht céanna san aer an uair seo. Chaith mé uair a chloig ann ag siúl thart, ag stánadh ar an áilleacht, gafa. An uair dheireanach ní fhaca mé an oibilisc ná an pirimid.

ImageCheap mé go raibh mé i Meiriceá Theas nuair a chonaic mé é seo.

Bhí oibilisc níos lú níos faide síos le seomra beag ann.

Radharc ón seomra sin.

Bhí áiteachaí a bhí cosúil le iarthar na tíre.

Image

Lean mé orm ag siúl thart go dtí gur tháinig mé go áit a d’aithin mé ómo chéad turas ann. Is shuigh mé ar an gcloch is rinne mé guí.

Ba mhór an difríocht idir an bóthar lán le carranna a d’fhág mé, an cosán leathan suas go barr an chnoic agus an coill seo.

Chuaigh mé trí na crainnte is ansin romhan bhí radharc ar an gcathair.

Tá an oiread sin le déanamh anseo, ag dreapadh aillte, an stair ann, na radharcanna, srl.

Rus a chonaic mé go minic is mé óg beagnach as radharc anseo freisin,

Ins an eolas go léir a bhfuair mé san aerfort ní bhfuair mé tada faoin áit seo agus is mór an trua é sin. Go Dealginis agus Páirc Mharlay liom ina dhiaidh roimh dul abhaile dom. Bhí ionadh orthu ar fad nuair a chuala siad an scéal is nuair a chonaic siad na pics. Ach sin an rud. Tá áilleacht ansin is déanaimid dearmad air. Amach linn le taitneamh a bhaint as an saol.

Am Caillte

Caillte

‘How’s my little gearrachaile?’ a chloisinn fadó ó mo Dhaid. Bhí amantaí maithe ann ach ‘siad na nóiméidí caillte a fhanann liom: nuair a bhí mo Mhaim a lorg fáisce is dhiúltaigh sé di é, nuair a bhí sé ag obair gan stad srl. Níor airigh mé mórán grá uaidh. B’fhéidir nach raibh grá ann ach ní dóigh liom gur fíor é sin ach oiread. B’aisteoir é nuair a bhí gá leis is nuair a thagadh duine ar chuairt bhí sé i dea humor ar feadh an ama sin. Is bhí grá ann fadó sular chaill said é is faoi dheireadh tháinig sé ar ais arís is anois níl ‘fhios agam cá bhfuil sé. Ait. Ach nach bhfuilimid uilig ait.

Teach na seandaoine

Tá mo Dhaid i dteach na seandaoine sa Mhuileann gCearr anois. Bíonn laethanta maithe aige agus amantaí eile nuair nach mbíonn sé ag iarraidh caint le duine ar bith is é ar a leaba leath ina chodladh ag déanamh tada is an t-am ag sciobadh uaidh. N’fheadar cén sórt smaointe a bhíonns aige ansin. Tá Parkinsons aige anois is tá sé fíor-dhian air dul amach ag siúl. Is cinnte go bhíonn gruaim air go minic agus mo Mhaim imithe ar shlí na fírinne tar éis bheith san áit céanna le blianta fada le Alzheimers. Caillte.

An pháirc in aice le mo theach (sa gheimreadh ar ndóigh)

Is mé ag fás aníos chloisinn faoi dhaoine i dteach na ngealt ach dúirt mo Mhaim liom gur ‘daoine le Dia’ a bhí san áit sin agus thaitin an frása sin liom. Bhí cineáltas ann. Nuair a bhí mé an-óg is cuimhin liom mo thuismitheoirí ag glaoch ‘sweethearts’ orthu féin. De réir a chéile d’imigh an grá. Nó b’fhéidir nár imigh. B’fhéidir go raibh siad tuirseach ag iarraidh bia a chur ar an mbord dúinne. Níl ‘fhios agam, dáiríre. Ait an mac an saol srl. Chaill said beirt dá gclann: mo dhearthair is mo dheirfiúr a d’fhág an saol seo sula raibh seans acu fásadh. Caithfidh go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm orthu. Níl a n-ainmneacha le fáil in aon reilig. Stair caillte. Sin an chéad rud eile a chaithfidh mé a cheartú is mé sa bhaile.

An Muileann gCearr

Ach nuair a chuir siad Maim isteach i dteach na seandaoine tháinig athrú ar Dhaid. Bhí siad uilig ag caint faoi: an fear a tháinig isteach lá i ndiaidh a chéile is a bhí ag caint lena bhean chéile is gan clú aici céard a bhí sé a rá. Ach d’aithin sí an grá arís is bhí sí óg arís ar bhealach is ‘le Dia’ ar bhealach eile. Tógadh í. Agus fuair sí sonas sular imigh sí, ró-dhéanach ar bhealach ach b’fhéidir go raibh sí níos fearr as. Agus Daid agus a chlann? Tá an gleic ann a bhí ann i gcónaí fós ann. Dream stuacach muid. Ach níl againn ach seal sa saol seo. Ní chóir am a chailleadh mar sin mar ní féidir le duine dul ar aghaidh. Tá Daid fós stuacach agus creideann sé i ndílseacht agus meascann sé an obair a rinne sé lena luach agus is mór an trua é. Ní ligeann sé do dhaoine an grá a thug sé do mo Mhaim a thabhairt dó. Seansanna caillte. Ach fós, fhad is atá saol ann, tá dóchas.

Is dóigh nár chóir dom an lúdramán a luaigh ach, bhuel, níl meas dá laghad agam ar a dhochtúir.  Ach sin scéal eile. Fágfaigh mé ar cheall é. Ach tá gá le feabhas ar an staid ina bhfuil cúrsaí. Ní bheidh mé san mbaile ar feadh bliain eile agus níl dabht ar bith orm go mbeidh rudaí ag dul in olcas. Sin an chaoi ina bhfuil an saol is níl neart agam air. Chlúdaigh mé a chosa leis na pluideanna is dúirt mé ‘Slán go bhfeicfidh mé aríst thú’ is tháinig an deahumor ar ais agus bhí mé buíochasach as an mbronntanas sin. Sin é. Grá fós ann. Slán.

Mo bhealach abhaile: an saol san aer

Go dtí go bhfeicfidh muid a chéile aríst…

D’fhill mé an lá sin ag an teach inar fhás mé suas is léigh mé an triú scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

Bean a Tógadh As

Tá Gach Reilig Beannaithe

Cré, Cró is Cearta

Nuair a bhí mé san mbaile  thug mé cuairt ar reilig do pháistí nach raibh baistithe agus do dhaoine a fuair bás ón gCalar. Tá an reilig bheag ann le fada an lá taobh leis an chanáil ríoga in aice le droichead Cill Phádraig taobh amuigh den Muileann gCearr. Sa bhaile sin a tógadh mé. Sa reilig sin atá m’uncail, dearthaireacha m’athair agus níl focal fúthu scríobhtha ann. Tá sé deacair go leor an áit seo a fheiceáil ón gcosán ach tá an-stair ag baint leis.

Bhí áthas orm a fheiceáil an uair seo go raibh cuí ar an reilig. Níl a fhios agam an bhfuil áthas orm faoin gcros ach caithfidh mé cuimriú go raibh a leithéid ann roimh am Naomh Pádraig. Tá rósanna ag fás ann anois agus faoi dheireadh tá cuimhneamh ar chlann amháin ann ar leac bheag.

Tá na leanaí atá curtha anseo agus a mhuintear a mhaireann sa chó dorcha le fada an lá. Is trua sin. Tá sé ceart is cóir aithint a thabhairt do na mairbh. Mo mhíle bhuíochas do na daoine a chuir an chéad leac suas mar ba mhaith liom an rud céann a dhéanamh anois do mo dhaoine ach níl sé éasca. Tá an meon aigne céanna againn in Éirinn agus atá acu sa Spáinn. ‘Sé ‘Veulve Ud. mañana’ nó ‘an méar fhada’ a chuireann gach rud siar anseo i gcónaí gcónaí.

An chéad leac sa reilig. Do formhór na daoine ann níl ann ach clocha gan ainmneach nach féidir a fheiceáil faoin bhféar.

Faoi dheireadh (trí bliain ina dhiaidh sin) d’éirigh liom leac a chur ann do m’uncail ach bhí orm éisteacht le scéalta Faoi Domhnall Lovely ar dtús ó fhear a cheap nach raibh dochar ann. Is iomaí cineál taibhsí atá againn in Éirinn!

Tá mé cleachtaithe le clocha mar seo faoin tuath is mé ag siúl trí na páirceanna thart anseo ó bhí mé óg. Doine a bhfuair bás sa Ghorta Mór, seans, is gan fágtha ach cloch, Ach an cuma céanna ag na clocha ar fad ón am sin.

  Is fada an turas atá agam ó California go Muileann gCearr. D’fhág mé an reilig agus shiúl mé ar ais ar bhruach an canáil ag stopadh le caint le capaill ar an mbealach. An chéad lá brea a bhí againn. Bhí an t-ádh liom.

Sa chré atá siad, mo mhuintear, ní sa chró. Is tá draíocht agus síocháin san áit seo. Níor mhaith liom go ndéanfaí dearmad ar áiteachaí mar seo go deo ná ar na daoine a mhair ar an saol seo fadó, fiú ar feadh seal an-bheag ar fad.

Ag smaoineamh ar mo thuras shuigh mé síos sa bhaile is léigh mé an dara scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

Aingle na dTrí Sciathán

Balor i Lár na Tíre

Mheall Balor Ann Mé

Bhí mé in Éirinn sa chúigiú cúige. D’éirigh mé maidin amháin is thug mé faoi deara go raibh meall i m’ascaill. Ag an dochtúir liom go sciopaidh le fáil amach nach raibh mé ag fáil bháis fós agus nach raibh aon dochar ann. Salann, uisce and brú air is bheinn ceart go leor arís a dúirt sí liom. Baineadh geit asam mar sin féin. Ní ait an rud é mar sin gur chaith mé an lá ar fad ag dul ó reilig go reilig is ag dreapadh cnoc spioradálta.

Tar éis dul ag caint le m’athair nach raibh fonn cainte air ar chor ar bith thug mé cuairt ar Bhaile Fhobhair, Co na hIarmhí. Tá cáil air mar mhainistir is bhí baint aige leis an bplá i 655. Chuaigh mé ann ag guí ar son mo shláinte. ‘Siad na déithe págánaigh a ghaloigh orm. D’fhéach mé ar leagan amach na háite ar mhapa a bhí ann. Ar thaobh mo lámha clé bhí an séipéil is an mhainistir sa ghleann thíos fúm. Ar dheis bhí cnoc mór is cloch mór milteach ar a bharr is bhí fonn orm dul suas an lá sin in áit dul síos. ‘Carrick Balor’ a bhí air de réir an mapa is mar sin suas liom. Ag an mbarr bhí mé tuirseach ach lán sásta i gcomhluadar na beithigh ar bharr an chnoic ag breathnú síos ar an radharc álainn. Ní raibh capall ann ná bagairt ná brú ar bith agus lig mé do mochorp sos a thógáil ann is mhothaigh mé teas is solas ag dul trím.

Roimh dul abhaile dom thug mé faoi deara go raibh crann in aice leis an gcarrchlós is é maisithe le píosaí éadaí. Stróic mé cuid de mo sheaicéad agus cheangail mé é ar chraobh is d’imigh mé liom.

Cheannaigh mé iasc is sceallóga ó fhear ó Nepal sa chipper i mBaile Fhobhair roimh dul abhaile dom is bhí cómhrá taitneamhach againn. Bail ó na Déithe ar a gcuid oibre. Ar ais sa teach dom thosaigh mé ag léamh faoin tSlua Sí ón leabhar Scéalta Chois Cladaigh. An-turas, an lá sin!