Amhrán Na Mara: an scannán Éireannach is fearr riamh

Bhí cruinniú i gCnoic Beverly de na Beochantóirí is fearr ar domhan. Ina measc agus na daoine is spéisiúla domsa: Isao Takahata agus Tomm Moore. Bhí sé iontach deas iad a fheiceáil ar an leathanach céanna sa chlár agus ar an leathanach céanna san áilleacht is téamaí atá acu ina gcuid scannáin. Ní raibh mé ceapaithe bheith ann ach bhí duine eile tinn agus tháinig an ticéad chugham. Míle buíochas, Karma agus Eva. Biseach luath, Tricia, a chroí.

song of the sea miol mor

Bhí mé ann le tacaíocht a thabhairt do Song Of The Sea, an scannán iontach ó Tomm Moore is a fhoireann atá bunaithe i gCill Ceannaigh. Is Ceilteach tríd is tríd mé agus grá mór agam do mo theanga féin is ceol iontach maith. Mar sin bhí mé thar a bheith sásta leis an scannán a rinne sé. Tá draíocht ann. Is cumhacht. Is ár ndúchas.

Song of the sea Mac Lir

Cé gur ghoid bunúsachaí Manannan ó Éirinn le déanaí, tá súil agam go dtiocfaidh sé ar ais le cumhacht a thabhairt dár gcultúr is a tábhacht ag na Oscars an Domhnach seo chugainn. Ní go fisiciúil amháin atá i gceist agam ach oiread. Tá Saoirse uainn. Domhan amháin agus domhan eile, idir am is áit, tá an scannán seo uainn.

Song of the sea seanachaí

Ag an am céanna tá ardmheas agam ar Isao Takahata a rinne Hotaru No Haka, an scannán beochain is fearr ar domhan, riamh. Lán stad. Dáiríre. Mura bhfuil sé feicthe agat, réitigh é sin anois. Faigh é. Ach tuig go bhfuil sé láidir agus brónach. Bhí cónaí orm sa tSeapáin nuair a tháinig an scannán sin amach, blianta ó shin. Roghnaigh mo sensei an leagan manga de dom mar mo chéad leabhar le léamh as Seapáinis. Léite agam sula bhfaca mé an scannán, tá áit láidir ag an Hotaru no Haka (le Takahata) i mo chroí. Seo an leabhar a chur ar an mbóthar mé le labhairt amach i gcoinne gach cogadh, gach áit. A mhúin grá do chearta daonna dom. Seo an scannán a roghnaigh mé le gach rang is mé ag múineadh Seapáinis.

Is ansin a bhí mé tarraingte i ndá threo an oíche ar fad. Grá mór agam do Song Of The Sea agus an-tógtha go deo le a bhí le rá ag Tomm Moore faoi thábhacht na scéalta agus an nasc eatarthu agus an timpeallacht i nglór binn mo mhuintir féin. Grá mór agam do Takahata ag caint i dteanga a bhí agam mar mo phríomhtheanga ar feadh ceithre bliana de mo shaol, rud a tharraing ar ais mé go dtí an domhan sin le rithim na teangan agus an meon aigne atá le sonrú ann. B’shin draíocht eile.

Ná bíodh faitíos oraibh. Cé go bhfuil Hotaru No Haka níos fearr ná Song Of The Sea agus gach aon scannán beochain riamh, níl sé san iomaíocht don Oscar i mbliana. Cé go bhfuil scannán ag Takahata san iomaíocht Kaguyahime Taketorimonogatari Princess Kaguya agus scéal álainn ar fad é a léinn do mo ghasúr go minic is mé sa tSeapáin, tá Song Of The Sea níos fearr. Tuigim go bhfuilim claonta ach fiú má tá, táim claonta ar dhá thaobh agus fós an bua ag Tomm sa chomórtas seo. Is rud iontach ar fad sin.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil neart ceachtanna foghlaimthe ag Tomm ó Stuideó Ghibli: Macha ina scannán ar nós Yubaba Ghibli agus duine i gcloch mar a bhí ag tús Spirited Away agus mar atá againn i ndáiríre in ár gcultúr.

Song of the sea feic offBethany syone head

Nuair a chonaic mé Spirited Away agus anime sa tSeapáin ar dtús, smaoinigh mé ar na scéalta go léir againne agus ar an gcaoi a bhféadfadh muid iad a léiriú sa stíl sin. Faraor níl scil ar bith agam leis sin ach, buíochas leis na Déithe, tá daoine mar Tomm san domhan seo. Is tuigeann sé.

Inniu léim sa pháipéar go dtuigeann sé an fhadb le Éire Iarchoilíneach. Is d’úsáid sé an scannán Once mar shampla de. Sin é. Tá sé foirfe. Tuigeann sé.

Seo an dream a bhí ann aréir: DeBlois le How To Train Your Dragon 2, Hall le Big Hero 6, Stacchi le The Boxtrolls ina measc. Bhí sé fíor spéisiúil éisteach leo. Trua nach raibh bean ar bith san iomaíocht. Tháinig an ciall is fearr sa ghrúpa ó Tomm agus na Seapánaigh. Má tá ciall ag an domhan beidh an bua ag Tomm ar an Domhnach. Súil leis na Déithe agam go bhfeicfidh neart daoine a scannán agus go dtuigfidh siad é.

Is saoi thú, Tomm, agus éacht déanta agat. Maith thú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s