Éire i Néalta Báis

Scríobh Colum Mc Cann faoi our stunned submission to power in alt álainn le déanaí. Néal i mo chloigeann le cumhacht na bhfocal. Ceart aige. Ghéilleamar. Ghéilleamar do na Sasanaigh, don Eaglais, do na Baincéirí… Is seo muid ag fanacht mar ainmhí gortaithe go dtiocfaidh siad le fáil réidh linn i gceart.
Saoirse
Is Albain ag dul ó neart go neart ag iarraidh saoirse a bhaint amach, nach muid atá ciúin! Réalt acu in Albain le Nicola Sturgeon, chomh maith sin go bhfuil seans ann go gcaithfidh sí Sasana a shábháil sula bhaineann sí neamhspleachas amach d’Albain. Nach maith sin!
I 1916 dúirt Pádraig gur linne ár dtír féin. Rud réabhlóideach ag an am.
P Pearse
GRMA le @IrishRepublic as an bpictiúr
An bhfuil sé réabhlóideach fós é sin a rá os ard is muid gar go 2016? Ní bhfuaireamar an Tuaisceart ar ais go fóill. Feictear dom go bhfuil drugall ar dhaoine é a rá os ard ar fhaitíos go bhfuil sé réabhlóideach, go gcuirfeadh sé isteach ar ghrúpa faoi leith. Cén sórt daoine muid? Fós ar na glúine ag iarraidh bheith deabhéasach leis na daoine a ghoid ár dtír uainn? Ná géill. Ná coinnigh ciúin. Ná bíodh faitíos orainn an fhírinne a rá. Foghlaim ceacht ó Nicola Sturgeon & muintear na hAlban.
Teanga
Ach tá muidne difriúil. Muid ciúin is deabhéasach mar a mhúin Sasana dúinn a bheith. Sibhialta. D’éirigh leo an dochar a dhéanamh sular imigh siad. Dúirt siad linn go raibh muid níos lú ná iad, go raibh siad cumhachtach, go raibh a dteanga agus a nósanna níos fearr ná ár gcultúr. Is tá an iomarca daoine ann a chreideann é sin fós. Tá náire ar dhaoine a dteanga féin a labhairt i siopa nó ar an tsráid i mBaile Atha Cliath nó i mbaile mór ar bith sa tír. Fáinne fí.
Ní mar sin a bhí sé is mé sa Bhreatain Bheag. Chuir sé ionadh agus áthas orm daoine a chloisteáil ag labhairt a dteanga féin go nádúrtha gan náire ar bith fiú sa chathair. Neart le foghlaim agus le déanamh againn roimh 2016. Féach go hAlbain don saoirse agus go dtí An Bhreatain Bheag don teanga. Ag dul thar sáile? Téigh go dtí an Bhreatain Bheag go bhfeicfimid is go dtuigfimid mar náisiún gur féidir teanga Cheilteach a labhairt gan náire. Scoileanna, tógaigí daltaí ann. Éire, roghnaigh polaiteoirí ar nós Nicola a chreideann i saoirse agus i gcearta daonna. Tuig an luach atá sa teanga. Caill í agus caillimid muid féin.
Eaglais
Is cá bhfuil ár gcearta daonna? Bhí daoine inniu ag tabhairt amach faoi reifreann agus an tábhacht a bhaineann lenár ndaonlathas. Caithfimid a aithint nach bhfuil Daonlathas againn. Tá Dialathas againn. Sin an fáth a bhfuil gá le reifreann. Níl tada déanta fós faoi na Tuam Babies. Níl rogha ag bean faoi céard is féidir léi a dhéanamh lena corp féin. Nuair a rinne mé iarracht focal a cheartú ar tearma.ie fuair mé an freagra seo dhá lá ó shin!
ginmhilleadh
D’fhéadfainn bheith ag caint le sagart! Smaoinigh mé siar go na 90daí nuair a bhí frithghiniúnach uaim ó dhochtúir in Éirinn is thug sé íde béil dom ag rá liom gur cheart náire a bheith orm. Peacaí a bhí ionam, dar leis. Níl mórán aithrithe ó shin, feicim. Meon aigne na hEaglaise v cearta daonna chuile háit, fiú sa teanga. Níos measa fós sa dlí. Níl na gardaí sásta cén taobh is fearr sa reifreann a insint go poiblí. Cheapfá go dtuigfeadh siad cearta daonna. Ach bhí siadsan lánsásta sclábhaí & páistí a thabhairt don Eaglais. Cás X,  cás Savita, cás chuile lá beo de chailíní nó mná ag éalú go Sasana mar níl rogha ná cearta ná meas le fáil ina dtír féin mar gheall ar ghreim na hEaglaise. Iompúchán sna scoileanna le fada.
Baincéirí
Ghoid daoine ár dtír, ár gcearta, is airgead uainn. Dochar déine an-phianmhar go deo. Cé mhéad baincéirí atá i bpríosún?
Is caithfidh muintear na hÉireann íoc as? Cé mhéad? €180,818,600,000 anois nó níos mó? Ag fás go tapaidh. Féach ar an gclog  Le 4,627,491 daoine in Éirinn sin €39,075 an duine le n-íoc ag chuile dhuine sa tír go…? Cé a fhaigheann an t-airgead? Ach fan. Níl ach 1,903,100 fostaithe sa tír. Mar sin, dáiríre sin €95,000 an duine. GRMA le Terence Ward as an eolas seo.
Agus fanaimid ciúin. Is ceapann roinnt mhaith daoine sa tír go bhfuil daonlathas againn. Oscail na súile. Tuig gur thréigeamar an Tuaisceart nuair a bhí daoine ag fáil bháis ann agus gur cuma leis an iomraca faoin Tuaisceart anois. Tuig gur thréigeamar an teanga atá ag fáil bháis mar chreideamar nach raibh luach inti. Tuig nach bhfuil cearta daonna againn sa tír seo. Tuig gur ghéilleamar do na baincéirí agus don dlí atá ag marú daoine.
Ní binn béal ina thost. Sin dóchas i néalta báis.
Dúisigh. Ní fada uainn 2016. Cén sórt todhcaí atá uait?
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s