Gaeilge: Teanga Dhomanda

Gaeilge: Teanga Dhomanda

Irish in Public School SAM fadó

Gaeilge i Meiriceá fadó

Daily Argos, 8ú Nollaig 1874  Buíochas le Liam Hogan as an íomhá seo.


SAM

Seo thuas an fógra a spreag an blag seo. Tá Gaeilge i SAM le fada. Cuireann sé ionadh ar dhaoine. Bhí Gaeilge i Meiriceá san 17ú aois. Neart daoine le Gaeilge i bPennsylvania sa 18ú aois. Ar ndóigh, san 19ú aois d’imigh na mílte ag teitheadh ón nGorta Mór. Thóg cuid acu litríocht as Gaeilge leo.

Foilsíodh an chéad nuachtán as Gaeilge in aon áit riamh, ní in Éirinn ach, i Meiriceá i 1881. An Gaodhal a bhí air. Lean siad ar aghaidh ag foilsiú an nuachtán go dtí an 20iú aois agus inniu tá leagan nua de leis an t-ainm An Gael le fáil arlíne.

Labhair beagnach 20,000 daoine Gaeilge i Meiriceá i 2005. Is féidir Gaeilge a fhoghlaim san ollscoil i Mericeá i mBostún, Harvard, Nua Eabhrac, nó in Ollscoil Notre Dame.

Faraor níl ollscoil ag múineadh Gaeilge againn i gCalifornia go fóill.

Ceanada

I gCeanada, tá Gaeltacht acu, Gaeltacht Bhaile na hÉireann, i Tamworth agus áit le ainm as Gaeilge: Talamh an Éisc. Níos fearr ná an praistriúchán atá againn in Éirinn. In am do De-Anglicization!

Is féidir Gaeilge a fhoghlaim i gCeanada i Halifax, Montreal, Toronto nó Newfoundland.

Sasana

Is ar ndóigh bhí agus tá Gaeilge i dtíortha eile. Éasca a thuiscint, b’fhéidir, go mbeadh Gaeilge i Sasana. Níl an tír i bhfad uainn. Ach banríon Shasana ag foghlaim Gaeilge?!

Liz 1 Irish primerGaeilge i Sasana fadó. Frásaí as Gaeilge don Bhanríon Éilis I.

Bhí daoine le Gaeilge i Sasana fadó agus anois. Stair fhada. I Lancashire, Manchester, agus Birmingham san 18ú aois.  I nGlaschú agus sa Bhreatain Bheag (theas) freisin.  Bhí siad in Albain, Sasana, agus sa Bhreatain Bheag nuair a theith siad ón nGorta Mór. Faoi láthair tá timpeall 9,000 daoine le Gaeilge san RA.

I bhfad níos faide siar ná sin ar fud an domhain bhí Gaeilge le cloisteáil. Nach bhfuil cleachtadh againn leis an imirce!

An Astráil

Australia Gaeilge

San Ollscoil Newman i Melbourne san Astráil tá litríocht as Gaeilge le feiceáil ann: an bailiúchán tábhachtach Uí Dhónaill. Cén fáth? Mar tá stair fhada ag an Astráil leis an dteanga freisin. San 18ú aois chuaigh na hÉireannaigh mar phríosúnaigh ann. Gaeilge acu. Os rud é go raibh gráin acu ar na daoine a chuir i bpríosún iad, ba í an Ghaeilge an teanga a bhí acu le dul in aghaidh na Sasanaigh.

Bhí b’fhéidir 75,000 daoine le Gaeilge i Victoria, an Astráil, san 19ú aois de réir an leabhar Hidden Ireland in Victoria.

Múineadh Gaeilge i scoileanna i Melbourne sna 1920dí. Ansin freisin a d’fhoilsigh siad An Gael, iris dátheangach an uair seo. Fós tá daoine ag foilsiú nuachtlitir as Gaeilge ón Astráil. An Lúibín atá air.

Bhí ranganna sa Ghaeilge le fáil saor in aisce i Sydney ó The Irish National Association le tacaíocht óna gcraobh de Chonradh na Gaeilge ó 1960 go 2007. Lean siad ar aghaidh leis na ranganna go neamhspleach ina dhiaidh sin. I 1993 bhunaigh Máirtín Ó Dubhlaigh Scoil Samhraidh na hAstráile. Bhailigh sé múinteoirí le chéile. Anois tá gréasán ann d’fhoghlaimeoirí: Cumann Gaeilge na hAstráile Bhuaigh siad duais ó Glór na nGael i 2009.

I 2011 bhí 1,895 ag úsáid Gaeilge sa bhaile san Astráil. Is féidir Gaeilge a fhoghlaim in Ollscoil Sydney.

An Nua Shéalainn

An Gorta Mór a sheol daoine ó Éirinn go dtí an Nua Shéalainn go mór, mór sna 1840daí. Ansin ar thóir óir agus airgid idir 1860 – 1870 ar aghaidh.

I 1894 d’fhoilsigh an New Zealand Tablet, eolas faoi conas Gaeilge a fhoghlaim. I 1895 bunaíodh grúpa i nDunedin (féach t-an ainm sin) ar nós an  Philo-Celtic Society i Nua Eabhrac. Buníodh craobhanna de Chonradh na Gaeilge i Milton agus i Balclutha (ainm spéisiúil). D’fhoilsigh an Southern Cross in Invercargill (féach arís) nuacht as Gaeilge. I 1903 thaisteal sagart, William Ganly, as Árainn go Milton is bhuail sé le neart Gaeilgeoirí ann.

Teanga dhomhanda

Talamh an Eisc

Bím ag léamh tweetanna as Gaeilge ó Rúiseach, ag léamh leabhair as Gaeilge a scríobh Ollanach, ag caint le Meiriceáinigh atá ag tógáil a ngasúir le Gaeilge. In Éirinn is féidir liom saoire a chaitheamh sa tír gan mórán Béarla a labhairt is bualadh le daoine le Gaeilge den scoth ar fud na tíre.

Cuid dár gcultúr, an Ghaeilge. Tá formhór na ndaoine in Éirinn bródúil aisti. Stair fhada ársa ag an teanga. Ach cén chaoi ar thit sí i mbaol?

Teanga i mBaol

Bhí Gaeilge ag muintir na hÉireann san 19ú aois. Is ins an 20iú aois a thosaigh an teanga ag dul i laige. Nuair a bhunaigh rialtas na Breataine bunscoileanna in Éirinn, ní raibh cead Gaeilge a mhúineadh iontu go dtí 1871. Sin a tharlaíonn le coilíniú. Ghoid siad an tír is bhí siad ag iarraidh fáil réidh le gach rud a thug le fios gur Éireannaigh a bhí ionainn. Iad ag iarraidh muid a athrú go hiomlán go mbeadh muid cosúil leo, go mbeadh muid dílis don ‘ríocht’ a ‘bhí acu.’ Anglified.

Rinne an Gorta Mór an-damáiste freisin. Cé a bhí ciontach? Bhuel, bhí an chumhacht ag impiriúlachas na Breataine. Iadsan a bhí ceapaithe bheith ‘i gceannas’ (lucht ansmachta) ar an tír. Na tiarnaí talún (daoine a ghoid talamh agus a d’iarr ar na daoine ar leo an talamh céanna cíos a íoc as)? Is na hÉireannaigh ag fáil bháis, sheol na tiarnaí talún bia ó Éirinn thar lear. B’fhearr leo brabús a shábháil ná daoine. An Eaglais Shasanach ciontach? Níor cháin siad na tiarnaí talún mar ba chóir? Monashaothrú? Smaoineamh seafóideach amach is amach.Theip ar an ‘Lumper’ ach bhí bia eile sa tír. Ach ní do na hÉireannaigh. B’shin feall.  Sa gheimhreadh i 1846-47 is 400,000 Éireannaigh ag fáil bháis leis an ocras, sheol na tiarnaí talún luach £17,000,000 de bhia ón tír.

San 19ú aois in Éirinn bhí neart daoine ag labhairt Gaeilge is mar sin bhí ar an Eaglais agus an rialtas deighleáil leo as Gaeilge. Bua mór do pholaiteoirí ag an am Gaeilge a bheith acu. Fiú le Béarla acu, labhair daoine Gaeilge sa Chúirt roimh an Gorta Mhór. Bhí daoine ann le asitriúchán a dhéanamh sa Chúirt don dream aonteangach a bhí i gceannas. Fiú i Londain san Old Bailey bhí gá le duine le haistriú ón nGaeilge dóibh i 1768. Is cuireann sé sin ionadh ar dhaoine. Ní in Éirinn amháin a bhí is atá an Ghaeilge.

Laochra?

Is bhí ár laochra ann le Gaeilge a shábháil, nach raibh? Daoine le meas acu orainne mar Éireannaigh. Meas orainn agus ar ár gcultúr. Domhnall Ó Conaill, an Eaglais Chaitliceach srl.

Ach ní raibh meas acu ar ár dteanga. Cheap Domhnall, gabh mo leithscéal, Daniel, go raibh Gaeilge ‘backward.’ Bhí na bunscoileanna faoi bhainiscíocht an Eaglais Chaitliceach i gcoinne Gaeilge a úsáid go dtí 1890.  Rinne siad an t-uafás dochar don teanga. Rinne tuismitheoirí le Gaeilge iarracht Béarla a ‘thabhairt’ dá ngasúir le seans a thabhairt dóibh mar teanga ‘backward’ a bhí sa Ghaeilge, mar sin a cheap siad,  mar sin a mhúin an scoil dóibh.

Fiú san lá atá inniu ann, maireann an meon aigne sin. Soiléir a fheiceáil má théann duine le éisteacht leis na TDí sa Dáil ag caint, as Béarla ar ndóigh. Cé a bheadh ag caint as Gaeilge sa chathair? An smaoineamh go bhfuil sé ‘backward’ nó níos lú fós go daingean ina ndearcadh ar an saol. Dearcadh a bhfuaireamar ó dhaoine a bhí ag iarraidh fáil réidh linn fadó. Níl an teanga ‘backward’ ar ndóigh ach tá an meon aigne sin.  Daoine aineolach a mhúin an ceacht sin. Ná creid an tseafóid sin níos mó.

Ach bhí laochra ann. Seachas na múinteoirí a mhúin Gaeilge in ainneoin na rialacha, ba iad Protastúnaigh ar dtús a rinne iarracht an teanga a shábháil. Ina measc, William Neilson agus Samuel Ferguson.

Conradh na Gaeilge

Douglas Hyde

Ansin bhí an Craoibhín againn, Douglas Hyde, an fear a bhunaigh Conradh na Gaeilge, bail ó na Déithe air! Ag an am céanna d’fhás an CLG, d’fhoghlaim daoine faoin gcultúr le drámaíocht san Abbey le cúnamh ó  Yeats, Synge, O’Casey agus Lady Gregory. Cé gur scríobh siad as Béarla. I 1902 bhí trí craobh de Chonradh na Gaeilge i nGlaschú agus craobh eile i Manchester. D’fhoilsigh craobh i Londain nuacht as Gaeilge.

Ba é Douglas Hyde a thuig go raibh gá le “De-Anglicizing” na tíre. An ceart ar fad aige. Fós ag teastáil go géar uainn!

Béarla go Gaeilge

Roimh theacht Coláiste Lurgan lena hamhráin as Gaeilge bhí Clannad againn. Bhí amhrán le liricí as Gaeilge le cloisteáil ar Top of the Pops.

Bhí ionadh ar dhaoine faoi. An raibh a dteanga féin ag na hÉireannaigh? Nach maith a choinnigh Sasana é sin faoi cheilt ó dhaoine. Is minic a chloisim ionadh ó dhaoine go bhfuil ár dteanga féin againn. Irish is a language? Isn’t that just the way you speak English? An-jab déanta ag an RA leis an mbolscaireacht is iad ag iarraidh ag stair, an teanga is an fhírinne a scriosadh. Ach maireann an teanga. Ná bíodh muid ag rá gur Gaelic (rud a bhí ann i bhfad ó shin ó áit éigin) í mar sin Anglicization agus tá feall sa chóras sin. Irish atá ar an dteanga sa Bhéarla. Albain, tuig é seo le do thoil. Scottish agaibhse. Bhur dteanga. Bí chomh bródúil aisti agus atá sibh as bhur dtír. Neart le foghlaim againne uaibh maidir le saoirse a bhaint amach. Foghlaim uainn maidir leis an téarma is fearr don teanga le do thoil..

Anois an dúshlán: faigh réidh le Anglicizations agus labhair Gaeilge le bród gach áit. Is slabhra é an náire. Bris é agus bí saor.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s