Mar a Fhaigheann Teanga Bás

Faigheann teanga bás nuair nach dtugann daoine spás ná meas di.

Bhí alt iontach i Nós le déanaí a dúirt Ná Géill. Bí beo le Gaeilge. Scríobh mé féin faoi Saol le Gaeilge a roghnú.

Ach nuair a dhiúltaíonn daoine go hiomlán caint leat i do theanga féin

& is léir go bhfuil meas dá laghad acu ar do theanga

fiú nuair is siombal de do thír iad na daoine céanna,

SIN fadhb ollmhór.

Nuair atá daoine ag baint tairbhe & airgead as an nasc idir a ngnó agus cultúr na tíre ba chóir dóibh Gaeilge a bheith acu nó daoine a fháil le Gaeilge le cabhrú le daoine.

Ar ais liom go hÉirinn ar saoire cúpla bliain ó shin agus shocraigh mé ar bheith mar thurasóir go bhfeicfinn na rudaí a d’fheicfeadh mo dhaltaí ag teacht go hÉirinn lena gcuid Gaeilge a úsáid. Guinness ar an liosta ar ndóigh. Rinne mé iarracht an taithí sin a bheith agam as Gaeilge ach ní raibh mé in ann. Bhí Gaeilge ar bith ar an suíomh arlíne. Fraincis? Cinnte. Spáinnis? Fadhb ar bith. Gearmáinis? Bhí sí ann. Sínis? Yep. Gaeilge? Tada.

Guinness English

Is d’iarr mé orthu nuair a shroich mé an áit an raibh aon rud ann dom, fiú brochure le Gaeilge go bhféadfainn an turas a dhéanamh mé féin ag leanúint eolas ann. Bhí siad acu i neart teangachaí eile ach níl Gaeilge ag Guinness. Agus is léir nach bhfuil suim ar bith acu an scéal sin a athrú. Sin masla. Sin drochmheas. Sin daoine ag rá linn gan ár dteanga faoin a labhairt mar ní fiú í mar a fheiceann siadsan an scéal.

Agus ar maidin inniu fuair mé freagra ó Aer Lingus ar Twitter.

Aer Lingus English

Ní raibh fadhb ar bith agam le eitilt. Is léir go raibh siad ag iarraidh bheith cabhrach. ACH as Béarla amháin. Agus SIN an fhadhb. Sin feall. Sin an rud an mharaíonn an Ghaeilge. Forgetting is of part the extinction. Iad ag leanúint ar aghaidh leis an obair a thosaigh Impiriúlachas na Breataine. Béarla amháin anseo. Soiléir, gan leithscéal, mar níl náire orthu mar níl meas acu ar an nGaeilge. Sin FEALL.

No Gaeilge

SIN mar a mharaíonn tú teanga, Aer Lingus.

Freagra