Seafóid Orangesfest i nGlaschú

Tugadh cead don Orange Order Orangefest a bhunú i nGlaschú. Sin mí roimh an Mórshiúl a bhíonn acu sa chathair céanna. Anuraidh bhí foréigean ag an ócáid sin agus daoine gortaithe, cailín óg (12) gearrtha san aghaidh ina measc. Ach ní haon ionadh é mar is fuathghrúpa é an Orange Order agus ‘fhios againn é sin le fada.

Tá an Orange Order ar nós an KKK agus stair leis. Is leagan den Orange Order é an KKK. Sin an fáth go bhfuil gráin ar an KKK ar Chaitlicí.Ar a laghad aithníonn SAM gur fuathghrúpa atá ann.

Féach ar chuid de na téarmaí a bhaineann le gráin atá againn i SAM. Tháinig an téarma Redneck ó na héidí a chaith ministrí ins na 1640daí in Albain. Bhí cúnantóirí ann a dhiúltaigh easpaig Shasana. Shínigh siad forógra le fuil is chaith siad éadach dearg timpeall a muiníl le cur in iúl go raibh sé sínithe acu.

Covenant signingAg síniú 1698 ag diúltú Eaglais Shasana

Ghlaoigh na daoine ar an teorainn idir Albain & Sasana Rednecks orthu. De réir a chéile b’ionann an téarma Redneck agus Preispitéireach. Tháinig neart Albannaich & Albannaich Ulaidh go Deisceart SAM. San lá atá inniu ann, ciallaíonn an téarma a bigoted and conventional person, a loutish ultra-conservative. Rud a oireann go maith don Orange Order.

Tháinig Hillbilly ó leanúintí William (An Rí) i SAM. Ansin i SAM freisin a bhí paráid, crosa trí thine, agus an nós caint faoin bpápa le gráin. Déanann leabhar amháin The Fiery Cross den sraith leabhar Outlander tagairt do chros dóite le glaoch ar na hAlbannaigh teacht le chéile. San áit inar thosaigh an Klan (clan), ‘sé oráiste an dath oifigiúil atá ag Ollscoil Tennessee.

TENNESSEE ORANGE

Stair fhada. Agus an dochar a dhéanann an KKK i SAM freisin ar ndóigh. Seo mar atá an Orange Order in Éirinn:

bonfire

Bhfuil siad ag iarraidh an Saltire a fheiceáil trí thine as seo amach?

Nach cuimhin libh an chaoi ‘na raibh na Dílseoirí i nGlaschú nuair a chaill Albain an reifreann?

orange in Glasgow

Pic ó @NeilMcKay

Agus anois ba mhaith le daoine Orangefest a bheith acu ansin? Ní dóigh liom é. Tá daoine ar buile le Sasana arís agus ag síniú arís. Shínigh 20,000 achainí i gcoinne Orangefest in aon lá amháin. Tuig an gráin. Tuig an dochar. Níl ach rud amháin nach féidir a thuiscint anseo. Cén fáth ar thug Glaschú cead dóibh Orangefest a eagrú? Sin feall. Bain an cead díobh a leithéid a dhéanamh arís. Má thosnaíonn siad leis an diabhlaíocht a dhéanann siad sa Tuaisceart in Albain freisin beidh síocháin millte ansin.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s