An Bronntanas

Sábháilte

Sraith teilifíse An Bronntanas a bhí le feiceáil ag tosnú ar an 23/10/2014 ar TG4. Scéinséir comhaimseartha mar a thugann ROSG air. Oireann sé. Tá an chéad clár feicthe agam agus deirim: Ná Cailligí É!  Scéal faoi bhád tarrthála amach ó chósta Chonamara atá ann. Bád a shábháileann daoine, amantaí. Amantaí eile an scéal i bhfad níos casta ná sin. Agus nach aoibheann an teannas! Seans ag an gceann seo ag na Oscars agus é ar an liosta fada faoi láthair.

An iomarca daoine sa tír seo fós a cheapann nach mbeadh i gclár as Gaeilge ach seanstíl ar nós Cré na Cille. Is ag an tús ar feadh cúpla soicind ceapann tú go mbeidh sé mar sin. Nó mar Broadchurch b’fhéidir. Nó meascán eatarthu. Níl ‘fhios agat. Fan go bhfeicfidh tú.

Bhfuil sé traidisiúnta? Sa chaoi go bhfuil sé lonnaithe i gConamara, tá. Ach téann sé a bhealach féin is déanann tú dearmad glan go sciobtha gur i nGaeilge atá sé is tú iomlán gafa leis an scéal. Go dtí go bhfuil orthu caint as Béarla le daoine nach dtuigeann. Agus ansin, ionadh na hionadh, Béarla atá ait agus tú cleachtaithe lenár dteanga féin. Cliste. An-chliste.

Bhí gá le clár mar seo le fada. Clár ar nós scannán. Clár a rugann greim ort. An iomarca daoine againn sa tír nach dtuigeann go bhfuil saolta ag na daoine a labhraíonn Gaeilge chomh spéisiúil le saol in áit ar bith eile. Ní leor spéisiúil le cur síos ar na daoine sa tsraith seo. Beidh do chroí i do bhéal ag breathnú air.

So, bígí ag súil le dráma le teannas. Deacair domsa fanacht le Clár 2. Cuireann sé ardáthas orm clár chomh maith seo a fheiceáil ar TG4. Ardmholadh do chuile dhuine a bhí páirteach ann.

Bronntanas

íomhá iontach le Publicis Dublin

A++

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s