Caointeoireacht: pian i gceol

Bhí duine ag iarraidh orm le déanaí sampla a thabhairt di de chaointeoireacht nó Keening mar a thug sí air. Bhí mé san Celtic Arts Center i gCathair na nAingeal coicís ó shin nuair a chuir an stráinséir an cheist sin orm. Ba léir go raibh sí dáiríre faoi. Smaoinigh mé siar, chuir mé ceisteanna ar dhaoine, agus fuair mé freagraí. Chuala mé caointeoireacht uair amháin fadó agus mé i Leitir Móir. Ar ndóigh bhí na focail ochón agus ochó ó ann. ‘Bhfuil am níos oiriúnaí do na focail sin? Bhí mé ag rith ón rang Gaeilge go rang Rince agus ní raibh am agam smaoineamh siar i gceart don bhean nuair a chuir sí an cheist orm. Ach ag deireadh na hoíche shuigh mé síos ag bord léi agus tháinig sé ar ais chugam. Is níos déanaí sa tseachtain, chas mé di é. Bhí mé ag smaoineamh ar mo mháthair ag an am. Faoiseamh.

Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar An Irish Wake agus is beag duine nach dtuigeann céard is Keening ann. Is rud príobháideach é pian san lá inniu ann b’fhéidir. Ach an chóir go mbeadh sé mar sin? Rud a thuigeann an cine daonna cé nár mhaith le daoine caint faoi go minic: níl éalú ón mbás. Feicthe agam agus mé i mo chónaí i dtíortha éagsúla. Thaitin an scannán Departures ón tSeapáin liom ar an ábhar seo.

Ní leis na Ceiltigh amháin traidisúin ar nós caointeoireacht. Tá na dúchasaigh in áiteachaí eile ar fud an domhain fós ag caointeoireacht ina stíl féin agus nach nádúrtha an rud é sin? An coronach in Albain, la llorona (bean sí) i Meicsiceó fós, Ululatus sa Róimh fadó agus ullaloo in Éirinn; chaoin daoine na mairbh pé áit ina raibh siad. Le amhráin binn ar dtús b’fhéidir ach le croíthe briste ag cuid acu nuair a bhí sé in am slán a rá leis na mairbh. Seo caoineadh na Yaminawa i bPerú:

Ar chuala éinne Caointeoireacht?

Chaith mé an cheist amach ar an idirlíon: an raibh taifead le fáil de Keening áit ar bith? Tháinig na freagraí ar ais. Fuair mé amach ó mo chairde i Nua Eabhrac ar dtús gur mhair an nós ansin agus ní rud ciúin a bhí i gceist ann mar a chuimhnigh siadsan air. Rud a scanródh thú, a dúirt siad. Tháinig an frása ‘screadadh is caoineadh a scanródh daoine‘ ó Eanach Dhúin chugam. Gach duine againne ag smaoineamh ar na mná caointe. Duine ar bith againn ag smaoineamh ar fhir ag canadh rud éigin foirmiúil.

Tháinig mé ar an gcur síos seo de Caithris nó Caoineadh do na Mairbh  i Drums of Autumn, le Duncan Innes le déanaí. Sea, táim gafa le Outlander. Is féidir éisteacht leis an gcur síos leath bealach thíos san leathanach seo agus Cathy-Ann MacPhee á léamh. Rud a scanraigh na daoine a bhí san gcur síos sin freisin. Cosúil leis an gcur síos a fuair mé ó mo chairde ó Nua Eabhrac.

Cén chaoi ‘ raibh sé in Éirinn fadó?

De réir Gerald De Barry (Giraldus Cambensis) san dara aois déag, bhíodh dhá ghrúpa ann. Grúpa amháin ag an mbun agus an grúpa eile ag barr an choirp. Thosaigh duine amháin ag an mbarr ag casadh go bog le tionlacan ó chláirseach mar shampla. Ansin ón nóta deireanach thagadh freagra ón ngrúpa ag an mbun. B’shin an ullaloo. Freagra ansin ón mbarr agus ansin chas siad uilig le chéile. Ansin thosaíodh siad an dara caoineadh ag tosnú ag an mbun an uair seo. Lean sé ar aghaidh mar sin i rith na hoíche. Bhí tagairtí do shaol an duine sna focail le ceisteanna agus freagraí. Tháinig mé ar an gcur síos thíos ó dhuine a chuala caoineadh ón alt seo: Ar nós cláirseach mar seo ar siad: https://www.youtube.com/watch?v=CtzSm76ppS4

Trí lá agus trí oíche.

Sin an fhad a mhaireadh ócáid mar sin. Smaoinigh mé ar Chré na Cille ansin:

Ach sin amhrán. Amhrán álainn brónach. Ní hionann sin agus caointeoireacht nó an ionann? Bhí sé deacair teacht ar thaifead ar bith ach le cabhair ó mo chairde ar Twitter tá samplaí agam anois.

An ceann seo ó Inis Mór i 1949 cé nach bhfuil duine marbh ann ag an am agus an bhean dhá dhéanamh mar shampla dóibh. Ceol ciúin nach scanródh duine ann ach oiread. Bríd Iarnáin (Bean Uí Mhaoiláin) ar inis Mór ag casadh. Buíochas le Dúchas.ie as.

Mar an gcéanna leis an dtaifead seo ó Joe Heaney. Chuir sé ionadh orm go raibh fear ag casadh an uair seo. Cheap mé go raibh sé de nós ag na mná amháin caointeoireacht a dhéanamh. An raibh difríocht idir an stíl bhinn agus ciúin seo agus caointeoireacht a bhíodh ar siúl ag mná mar ghairm? An bhfuilimid ag caint faoin difríocht idir chaoineadh agus caointeoireacht b’fhéidir? Deighilt idir mbéalaireacht litearthacht sa chaoineadh b’fhéidir mar a dhéantar cur síos air anseo? Béaloideas nó litríocht?

Litríocht atá i gCaoineadh Art Uí Laoighaire ar ndóigh agus é ar eolas ag go leor daoine ón scoil.

Agus seo Caoineadh an Dálaigh Céard faoi na daoine a scríobh faoi chaointeoireacht: Bourke, Ó Coileáin, Lysaght, Ó Madagáin, Ó Buachalla. ‘Bhfuil bean ar bith ina measc? An mbeadh bean sásta caint le fear faoi fadó nó fiú anois? Ach níor thug na scoláirí mórán aird ar mhná ag caoineadh. Thaitin filíocht leo. B’shin rud a thuig siad. Seachas Caoineadh Airt Uí Laoghaire agus Caoineadh na Trí Muire, tá caoineadh do mhná ann freisin. Is mór an trua nach bhfuair mé ag an aistriúcháin Béarla den dán seo a bhí scríofa sa Ghaeilge.

An chuid eile den stair caillte againn. b’fhéidir. Go dtí go dtagann bean isteach go halla i Hollywood agus cuireann sí ceist orm faoi. Agus tagann sé ar ais chugam. Tá an stíl gur féidir éisteach leis i Keen For A Dead Child anseo cosúil leis an Keening mar a thuigim é. Cuireann sé ionadh orm freastal ar thórramh anseo i SAM. Rud uaigneach gan mórán daoine ann go minic. Ní mar sin sa bhaile. Tá gá le slán ceart a rá le daoine.  Cé a dhéarfaidh slán liom anseo i SAM nuair a thagann an t-am sin agus mé i bhfad i gcéin ó mo mhuintir féin? Níor mhaith liom bheith san Ardeaglais ina raibh Domhnall O Lubhlaí sa Mhuileann gCearr. Tá mé cinnte dearfa de sin. Nuair a theipeann an Eaglais orainn in Éirinn, caithfimid bealach eile a fháil. Níl ‘fhios an bhfuil an grúpa seo réidh fós don obair seo. Súil agam go gcuirfidh duine in Éirinn mé gar do mo mhuintir féin agus go gcasfar amháin de gach sórt ag an dtórramh.

Chuirfeadh sé áthas orm dá mbeadh spraoi agus craic ann. Ba chóir dúinn é sin ar a laghad a bheith againn ar an saol seo. Faigheann gach rud bás. Bíodh nádúr agus nósanna nádúrtha againn go dtí an deireadh.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s