Ealaín

 Le plé:

Ar dtús, cad é Ealaín agus an fiú é?

Cén luach atá ag ealaín?

Cén fáth an bhfuil praghas ard ar obair Picasso?

An bhfuil luach i Graffitii?

An bhfuil luach in obair Banksy? Cén fáth?

An bhfuil rud álainn? Cén chaoi an bhfuil fhios agat?

Cén baint atá ag inspioráid & scil le ealaíon?

An dtéann píosa ealaíona i bhfeidm orm? An bhfuil an taithí céanna ag gach duine?

Níl na freagraí go léir anseo. Beidh muid ag plé na téamaí seo amárach. Ach seo cúpla smaointe.


Líníocht

Texaco Winner Mayo

Thuas tá pictiúr a tharraing cailín 16 d’aois as Maigh Eo le peann luaidhe. Dáiríre. Is fiú smaoineamh ar an gcumhacht atá ag comórtas ar nós Texaco agus conas ealaín a spreagadh.


Na Dathanna

Dearcadh

An mar an gcéanna a fheicimid dathanna?

Dathanna

An bhfuil gnéasachas ag baint leis an íomhá seo?

Cén dath is fearr leatsa agus cén fáth?

Cén chaoi a n-úsáidtear dathanna le rudaí a dhíol sna siopaí?


Céard atá ar eolas againn faoi ealaín Ceilteach?

La tene mirror

Céard faoi Líníocht Ceilteach?

Sí an bhrú

Sí an Bhrú, 3200rC

Ailtireachtiontach san áit seo freisin.

Fós le feiceáil sna geansaithe sa cniotáil … ag teach tar ais sa stíl leis an gclár Outlander.


Péinteáil:
Cé acu is fearr Mona Lisa nó Las Meninas?

las meninas
Ar chuala sibh faoi Leonardo Da Vinci, El Greco, Monet?

Cén ealaíontóir is fearr libh?

Pompeii Elmore

Céard faoi Éireannaigh?
Céard faoi Mná? Seachas Georgia O Keefe.

Irish female artists

Ceiltigh?

Boann bru na boinne

Boann Bru Na Boinne le Jim Fitzpatrick  

Stíl ó na Lochlannaigh go minic againn mar stíl Ceilteach.


Grianghrafadóireacht

Tá pics iontach ar Twitter.

Seo glaoch amach do mo chairde ar Twitter:

@magnumlady Val i Sligeach,

@Buailtin Seán Mac An tSíghigh,

Fiontán Ó Caoláin @fiontanoc

Rónán Mc Laughlin @romclaughlin

agus an WWW An Wild Atlantic Way Slí an Atlantaigh Fhiáin

lena bpictiúirí de áilleacht na tíre, an fharraige, na gealáin thuaidh agus Bealach na Bó Finne mar shampla.

Milky way

An-éasca pictiúr a thógáil sa lá atá inniu ann.

Níl gá le semora dorcha agus ceimicí níos mó.

ifón nó a leithéid ag gach duine agus tá scil faoi leith ag na daoine thuas.


Scannánaíocht

Cad é an scannán is fearr leat agus cén fáth?

Domsa, is é Once an scannán is fearr a tháinig ó Éirinn.

An raibh éinne anseo ag obair ar scannán?

Ar bhuail éinne anseo le aisteoirí mór le rá.
Bhuel, tá muidne i Hollywood agus caithfimid dul ag caint faoi scannánaíocht. Pictiúrí beo. Cathair Sony agus Paramount agus na dearthaireacha Warner.  Muid ag bualadh le aisteoirí ar an tsráid sa café agus fiú sna Celtic Arts Center anseo ó am go ham. Réaltaí ar an gcosán i Hollywood agus gach duine ag scríobh Script. Ins an domhan Ceilteach na laethanta seo, tú clú agus cáil ar an gclár teilifíse Outlander ar tá Gaidhlig le cloisteáil ann. Caitríona Balfe an príomhaisteoir ann agus is Éireannach í.Suimiúil mar tá sé bunaithe ar sraith leabhair. Bhí sé de nós go mór, mór sa Spáinn agus iad ag déanamh scannáin ar dtús na scannán a bhunú ar leabhar claisiceach.

Ach tá baint ag na hÉireannaigh le Hollywood le fada.

Rinne Roger Corman 20 scannáin B cosúil le Swamp Women i Stuideó i gConamara ins na 90dí le aisteoirí ó Hollywood agus muintir na háite.

Liam Neeson an-cháiliúil anseo agus Colm Farrell. D’éirigh go maith le In Bruges, The Guard, agus Clavary ó na dearthaireacha McDonagh. D’éirigh go hiontach le Daniel Day Lewis le In The Name Of the Father, My Left Foot, agus The Boxer. Bhí Michael Collins agus The Wind That Shakes The Barley iontach ag míniú stair na hÉireann dúinn ach mar bhean bhí díomá orm. An male gaze a thugann siad air agus sin atá le feiceáil sna scannáin de gnáth. Mar sin tá mé fíorshásta le Caitríona Balfe in Outlander.

Ar chuala sibh faoin scrúdú Bechdel?

Déan é tú féin an chéad uair eile a fhéachann tú ar scannán (ficsean) go bhfeicfidh tú an bhfuil bheirt bhan ainmnithe ann agus iad ag caint le chéile faoi rud éigin seachas fir. Sin an scrúdú. Gnéasachas i bhfad róláidir sa domhan fós agus i Hollywood freisin.


Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s