Nósanna ag Tórramh

Nósanna in Éirinn

Breithlá #1 nuair a thagann duine ar an saol.

Breithlá #2 nuair a thosaíonn a shaol spioradálta nuair a bhíonn sé baistithe.

Breithlá #3 nuair a fhágann duine an saol seo. Tosnaíonn saol nua.

Le déanamh ag tórramh

1. Oscail na doirse agus na fuinneoga nuair atá an duine ag fáil bháis. Lig don anam éalú. Ná lig cat isteach sa teach.

2. Stop an clog ag an am nuair a fhaigheann an duine bás. Bhíodh daoine ag cur an cheist Cathain a bhfuair sé bás? go minic agus bhíodh an freagra ar an gclog.

3. Clúdaigh na scatháin.

4. Abair Paidirín, paidreacha gan críoch. Rófhada de gnáth leis na aguisíní..

5. Cuir casúr, cloch thine agus sponc sa chónra. Casúr le bualadh ar an doras nuair a shroiceann an duine neamh. Cloch thine agus sponc leis an mbealach a lasadh trí Gleann na Scáile.

6. Ceangail na ladhraca móra le chéile ionaisc nach mbeidh an taibhse in ann siúl thart.

7. Tabhair éadaí an fhir marbh go duine bocht. Caithfidh an duine sin iad a chaitheamh ag an Aifreann 3 Domhnaigh i ndiaidh a chéile. Sa chás nach mbeadh an duine in ann freastal ar an Aifreann bheadh ar dhuine na héadaí a thabhairt go dtí an séipéal an lá sin dó.

8. Cuir babhla snaoisín ar ucht an duine marbh. Thagadh slua go dtí an corp mar bhíodh an-tóir ar an snaoisín agus bhíodh orthu an babhla a athlíonadh arís agus arís eile. Sa Bhéarla tá an frása ‘disappeared like snuff at a wake’ fós againn. Freisin dá mbeadh an duine fós beo d’fheicfidís an t-ucht ag éirí & ag íslú.

9. Roinn píopa, lán le tabac, thart. Bíodh caointeoireacht ar siúl ag na mná ach chuirfeadh an iomarca de isteach ar an anam sa saol eile. Mar sin bíodh ceol & ól & spraoi ann chomh maith. Bhíodh difríocht idir thórramh do sheanduine agus do dhuine óg. Dá mbeadh saol fada maith caite ag an duine, bheadh an tórramh beomhar. Mhaireadh sé trí oíche is trí lá. Dá mbeadh duine óg tar éis bás a fháil, ní bheadh an oiread sin spraoi ann ar chor ar bith. Bhíodh neart cluichí ag an dtórramh: The Burning Toothache, Kissing the Goat & The Red Thief of the Horses ina measc ach chuir an Eaglais cosc orthu i 1927.

10.  Ar an mbealach go dtí an reilig stop ag gach crosbhóthar le paidreacha a rá. Bealach eile le aithint an raibh an duine fós beo ná cloigín a úsáid.  Agus an cónra ag dul isteach sa chré bhíodh píosa téada ceangailte go méar an duine marbh trí píopa a bhí ag giobadh amach tríd an talamh agus cloigín ceangailte leis ar an mbarr. Feiceann fadhbanna leis an gcóras seo le duine a shábháil. Leis an ngaoth atá againn in Éirinn cén chaoi an mbeadh ‘fhios ag duine go raibh an duine nó an ghaoth ag creathadh an cloigín?

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s