Samhain: Féile Ceilteach

Samhain: Athbhliain Cheilteach leath bealach idir cónocht an fhómhair agus grianstad an gheimridh. Thángamar ar an saol seo ó áit dhorcha. Tosnaíonn an bhliain dorcha leis an nGeimhreadh. Tús na bliana sa domhan Ceilteach, Samhain. Am le bheith ag déanamh spraoi. Seo mar a chonaic Outlander é:

Druid dance 1

Ceol le fáil anseo


Damhsa

B’fhearr liom fhéin Rince Mór na Tine a dhéanamh an tráth seo. Cuir lampaí láimhe ar an urlár sa lár. Mar atá sé sa leabhar ‘ár rincí foirne’ ach ag cur lámha suas agus síos le gach 123 go fonnmhar ag an tús. Fág amach an cuid deireanach (malartú áite) agus tosaigh arís. Tóg na lampaí ón lár agus bí ag casadh isteach agus amach, ar dheis agus ar ais agus araile. Lean an treo den damhsa agus ag casadh i gconaí in áit na gnáthchéimeanna. Cuir suas an lampa sa lár agus le do bholg ag an imeall. An-taitneamhach!


Féile

Samhain, Imbolg, Bealtaine, agus Lúnasa: sin na féilte móra againne. Aos Sí agus na mairbh ag siúl thart leis na beo ar Oíche Shamhna agus b’fhearr meas agus fáilte a chur rompu le bia agus deoch. Ach ná lig dóibh tú a aithint. Cuir culaith ort nach dtuigfidh siad cé atá ann. Ansin bí ag spraoi agus ag ceiliúradh leo i gcónaí le meas.

New GrangeAnocht tagann na mairbh agus na daoine beaga amach, na sí ó rath is lios ar fud na tíre. Bí ag ceiliúradh agus ag déanamh spraoi agus meas agaibh i gcónaí do na daoine maithe.


Donn, Tiarna na Marbh

Is é Donn (Mil Éspaine nó Seang), Tiarna na marbh. Bhí Donn i gceannas ar a dhearthaireacha Amergin, Ir, Heremon, Arranan, Colpa agus Heber a tháinig go hÉirinn fadó ag lorg díoltais. Ba iad na hArdríthe (dearthaireacha & garmhic do Dhagda) Éthur mac Cuill, Tethur mac Cecht agus Cethur mac Greine a mharaigh gaol leo, Ith. Chuaigh Donn le caint leis na banríonacha Banba, Fodhla agus Ériu  ag Teamhair ar dtús.  Dúirt Ériu leo go mbeadh an t-ádh leo in Éirinn agus bhí Amergin an-sásta leis sin ach mhaslaigh Donn í ag rá nach raibh sé buíoch as a dúirt sí ach as a Déithe féin. Dúirt Éiriú ansin nach mbeadh an t-ádh mar gheall ar an masla sin. Ná maslaigh na mná! Fuair Donn bás ar Theach Duinn amach ón gcósta is tá cónaí air ansin anois mar Thiarna na Marbh. Seo a theach, carraig san fharraige  in aice le hOileán Baoi.

 

Bull Rock DurseyAr oícheanta stoirmiúla, bíonn sé ag marcaíocht ar chapall bán agus deireann daoine, ‘Tá Donn ar muir anocht.’ Bíonn na mairbh ag siúl thart ar fud na tíre mar scáilí go dtí go gcloiseann siad Corn Dhuinn ag Samhain ag glaoch orthu teacht go dtí a theach agus uaidh sin thar farraige go dtí an domhan eile.


Amárach beidh na spioraid ar ais ina mbailte féin. Anocht, bí ag spraoi leo faoin ngealach. Bí beannaithe.


Tá nós cosúil le samhain ag go leor cultúir: fáilte a chur roimh na mairbh uair sa bhliain. Anseo i California tá an Día de los muertos láidir agus spraoi agus craic ann chomh maith le meas do na mairbh. Nach maith sin.


Ach inniu agus mé ag scríobh faoin miotaseolaíocht álainn, ársa atá againn feicim aineolas ón Vatacáin a deireann go bhfuil Samhain ‘evil’. Ba chóir go mbeadh náire orthu ach ní bheidh ar ndóigh. OSNA!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s