Aistear san India

Bhí mé san India ar feadh coicíse is táim ar ais arís agus ag iarraidh mo smaointe fós a shortáil amach faoi. Tá griangrafanna agam ar a laghad.

Seo an tús:

Clic Daoine

Thaitin an phic seo den bhean is a leanbh go mór liom. Bhí sí chomh bródúil sin as. Bhí daoine eile thart amhrasach fúinn is cuid de na leaids óga borb linn ach ansin tháinig an nádúr is an maitheas amach le bean lán le grá dá gasúr.

Bean an ti is a leainbhin

Seo thíos an ceann is fearr liom de na pictiúirí ar fad. Ba bheag nár thóg mé é. I bPálás amháin bhí fear ag scuabadh an talamh is gan duine ar bith ag tabhairt aird air. Ach bhí rud éigin faoi. Dígnit b’fhéidir. D’iarr mé cead air a phic a thógáil is nuair a sheas sé go hard ag an doras is d’fhéach sé amach mar a bheadh sé ar a shaol fadó. Níl ‘fhios agam céard a bhí ann ach bhí sé cumhachtach le misneach is bród. Bhí daoine eile ag féachaint orm ar nós, Cén fáth an mbeadh pic uait den bhfear sin? Mé fós an-sásta gur iarr mé cead air.

Fear le scuab

Clic Ionaid Naofa

Idir sean, caite, agus dáiríre álainn amach is amach, seo teampall i measc na sléibhte in áit ina mbíonn moncaithe ag rith thart saor. Cosúil le domhan caillte. Ní raibh dóthain ama againn ann. Chuir fógra ag rá nach raibh cead ag mná ag an am sin den mhí dul isteach ann as go mór dom. Tuigim: a dtír, a gcultúr… Ach súil agam go dtiocfaidh athrú ar an scéal sin.

So, teampall ina bhfuil snoiteáin de mná agus fir ag teacht le chéile sa bhrí sin ar na ballaí, na mílte acu! I bhfad ón Mhaighdean Mhuire in Eaglais Chaitliceach! Fíorspéisiúil.

Ranakpur Teampall Jain

Tá sé ard.

Clic Bláthanna

Ar oileán ó thuaidh, d’fhanamar i bPálás eile. Sea. Tuigim. Nílimid déanta d’airgead. Ach is féidir le turasóirí ón iarthar fancht iontu mar níl siad ródhaor. Ach le daoine ag rá leat i gcónaí gur mhaith leo go mbeadh tú mar rí nó banríon is tú leo is ag smaoineamh ar dhaoine fíorbhocht a chonaiceamar ar an mbealach go dtí an áit sin, aithríonn tú míchompóirdeach leis an dtaithí ar fad. Chuir lead óg na bláthanna ar an talamh ar fud na háite gach maidin. Saol suaimhneach.

Peitil ar an talamh.Peitil ar an urlar.

Clic Áirsí

Is breá liom áirsí. Níl ‘fhios agam cén fáth. Portal. Bealach ó áit amháin go háit eile. Dul ó dhorcha go geal…

Geata ag Jaswant Thada.Halla sa lár.

Clic An Spéir

An solas difriúil i ngach tír. Thaitin dul faoi na gréine ar an loch go mór liom.

Loch Pichola álainn.Jaswant Thada.

Clic Doirse

Mar an gcéanna le áirsí: seans eile go domhan eile.

Ag an ostan

Clic Ballaí

Chuir mé pics mar seo ar Twitter leis na focail. Níl mé sa tSín. Cheap daoine go raibh. Ba chóir go mbeadh clú agus cáil ar na ballaí seo atá ar fud cathracha agus réigiúin, go mór,mór sa Tuaisceart.

Ballaí na cathrach, Jaipur.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s