Fuath Ban sa tír is sa teanga

Fuath Ban sa tír is sa teanga

Ar Twitter bhí ag caint faoi ‘An Iomarca Reiligiúin sa Ghaeilge’ http://alturl.com/w5efh rud nach bhfeiceann gach duine. Mhol údar an ailt sin, Eoin O Murchú gur ‘ linne an teanga seo, ná bíodh leisce orainn í a mhúnlú dúinn féin agus dár saol…’ Ceart go leor mar sin. Tá ár dteanga lán le gnéasachas, reiligiúin, agus fuath ban agus tá athrú ag teastáil go géar uainn. Tá sé sa litríocht is sa chaint a chruthaíonn aicme íochtaránach do mná is go dtí go mbeidh scaradh idir Stát is Eaglais leanfaidh sé ar aghaidh mar sin.

Léigh mé alt http://alturl.com/tjser inniu faoi scéal Xanth agus an fuath ban ann. Tháinig mise freisin ar leabhar a cheannaigh mé fadó. Cairde Liom a bhí air, é foilsithe ag Gael Linn. Bhí dathanna deasa ar na leathanaigh, rann beag ag bun gach leathanach agus spás do shíniúcháin is teachtaireacht beag os a chionn. D’fhéach mé air le cion. Thosaigh mé ag léamh na rannta ag súil le grá iontu:

Bíodh sí tinn, bíodh sí corrach,

Bíodh sí gan chodladh choíche,

Bíodh sí ciamhair cumhach,

Bíodh sí dubhach gach oíche.

 

Hmm. Aisteach. An chéad leathanach eile go bhfeicfidh mé.

 

Más ionúin leat na Bráithre

Bí leo go sásta socair;

Tabhair dóibh gach ní a iarann siad,

Is ná hiarr aon ní orthu.

 

Bhuel.. ní raibh mé ag súil leis sin ach oiread. Leathanach eile b’fhéidir.

 

Ní mheallfaidh tú mise, a bhean,

Mar a mheall tú fear gan chéill.

Ar do scéimhse cé chuaigh clú,

Is eol domsa cé tú féin.

 

Is ceann amháin eile ar fhaitíos go bhfuil dul amú orm.

 

Dar Duinnín is dar Donn,

Is bunoscionn liom atá mo bhean;

Dá ndéarfainn gur dubh é an fiach,

Do bhéarfadh sí Dian ach ea ach geal!

 

Agus araile.

Ach fan. Nuair a cheannaigh mé é fadó cheap mé go raibh sé gleoite. Is í mo stór, bean nach luífeadh liom ar ór… Cé a scríobh iad? Bhí rud amháin soiléir. Fear a scríobh gach ceann acu. Ná pós bean mar gheall ar eallach… a bhí ar leathanach amháin. Ní raibh aon chomhairle ag rá Ná pós fear… in aon áit. D’aithin mé fuath ban i go leor acu. Tagann tuiscint le súil siar.

Bhí sé sna leabhair ar scoil. Tá Mamaí sa chistin. Tá Daidí ag obair. Sin a bhí insan leabhar a bhí mo mhac ag léamh agus é ag freastal ar Scoil Naithí. Bhí mé ar buile. Chuaigh mé le caint lena mhúinteoir faoi an lá dár gcionn. Fear ó Chonamara a bhí ann nár thuig céard a bhí ag cur isteach orm ná céard a bhí cearr leis an leabhar ar chor ar bith. Tada. Clú dá laghad. Ach nuair atá tú tar éis do chloigeann a bhuaileadh arís agus arís eile i gcoinne an tsíleáil gloine, tuigeann tú go maith an dochar atá i ngnéasachas agus i leabhair a mhúineann do ghasúir go bhfuil aicme íochtaránach ag mná sa saol. Níor thuig an Máistir é mar níor fhulaing sé é. An dtuigfidh sé le súil siar nuair a fheicfidh sé na deacrachtaí a bhéas ag a chailíní beaga féin nó an cuma leis?

I go leor tíortha níl cead fiú dul ar scoil ag mná (meon an Taliban, go n-éirí leat, Malala). Bhí cead agamsa dul ach fós fiú in Éirinn ní raibh cothrom na féine ann. Bhí ranganna san eolaíocht i scoil na mbuachaillí nach raibh ar fáil dúinne. Mar a dúirt an príomhoide an tSiúir Bernadette linn sa rang agus í ag fáil réidh leis an rang Mata Onóracha, “Is cailiní sibh agus cén mhaitheas an t-am sin a caitheamh ar rudaí deacra nuair a bheidh sibh ag obair mar mhúineoirí nó banaltraí agus ag tabhairt aire de bhúr bpáistí féin as seo amach?” Súil siar. Bhí torthaí níos fearr againne ná mar a bhí ag buachaillí san Ardteisiméireacht ach theip ar na cailíní sa scrudú béal ag iarraidh dul isteach sna Státseirbhísí. Níor labhraíomar cosúil leis na leads agus b’iad na fir a bhí ag cur ceisteanna orainn. Dúirt mo Dhaid agus mo dhearthair liom nach raibh mná uathu san bpáipéir nuachtán a bhí acu. Bhí an ceacht soiléir. Tá oraibhse na mná fanacht sa bhaile agus aire a thabhairt do na fir chéile. Aicme íochtaránach.

Is mé ag obair is iomaí uair a bhuail mé mo chloigeann i gcoinne an tsíleáil gloine. Is bhí orm cur suas le ana-chuid seafóid. Is mé ag múineadh Seapáinis i Meánscoil i dTamhlacht, ghlaoigh an príomhoide Séamus orm lá teacht isteach le caint leis.

Séamus: Tugaim faoi deara nach mbíonn smideadh ort.

Mise: (Ionadh orm) Tá sé sin fíor.

Séamus: (Tost míchompórdach) An bhfuil cúis leis sin?

Mise: Tá. Ní maith liom é.

Tost níos faide. Allas ar a éadan.

Mise: ‘Bhfuil tú ag rá liom go mba chóir dom? Má tá riail faoi le bheith ‘proifisiúnta’ tá mé sásta leis sin.

Séamus: (Buíoch) A, ana-mhaith ar fad.

Mise: Rud amháin. Caithfidh sé bheith ‘across the board’ an dtuigeann tú? ‘Sé sin le rá nuair a chuirfidh tú smideadh ort, a Shéamais, déanfaidh mise an rud céanna le bheith féireáilte an bhfuil ‘fhios agat.

Bhí orm deighleáil le amadáin mar sin go minic. Is cuimhin liom an fear sin ón IDA a bhris mo chroí uair ag iarraidh orm cén chaoi a bhféadfainn aire a thabhairt do na páistí in agallamh, ceist nár chuala m’fhear chéile riamh. Ní bhfuair mé an post sin. Bhí sé ag duine eile roimh an agallamh. Old Boys Network. An iad na cinn is measa a bhíonn i gceannas? Bhuail mé mo chloigeann in aghaidh an tsíleáil gloine chomh minic sin i mo shaol. Tuig é, a dúirt an tsíleáil sin liom, d’aicme íochtaránach. Níor chreid mé é. Caithfear é a bhriseadh.

Beidh an Eaglais (gnéasach) i gceannas in Éirinn fhad is atá oideachas agus sláinte aici. Caithfear Stát is Eaglais a scaradh óna chéile. Ní raibh feabhas do mná i ndiaidh dúnmharú Savita. Tá cumhacht ag an Eaglais sa tír is sa teanga. Bhí na heaspaig níos tábhachtaí ná na sagairt agus iad níos tábhachtaí ná na mná rialta. Chonaic tú. Thuig tú. Ní raibh sé ceadaithe labhairt amach, ceistiú, caint faoi rudaí a bhí tabú. Ní raibh foclóir agam le bheith ag caint faoi gnéas i mBéarla ná i nGaeilge. Bhí ‘fhios agam gur peaca a bhí ann. Aineolas in am an cás X, Annie Lovett, na Magdalenes agus feicim go leanann sé ar aghaidh is mná ag dul go Sasana fós. Do-chreidthe! Oideachas? Aineolas. Is iad na Bráithre Críostaithe a scríobh na leabhair a d’úsáideamar ar scoil. Tá daoine áirithe fós ag ceapadh gur naoimh a bhí iontu. Thuig go leor leor daoine sa tír ró-mhaith gur ainmhithe a bhí i gcuid mhaith acu i ndáiríre. Brú.

Rinne Ballykissangel tagairt don fhadhb do mhúinteoirí in Éirinn. Is fiú féachaint ar an deacracht atá ag Breandan ann. Muna dtéann sé ag an Aifreann tá a phost i mbaol. Má insíonn sé do na gasúir go bhfuil rogha acu mar a deireann an Bunreacht leo, tá a phost i mbaol. Féach ar 2:00 ar aghaidh http://www.youtube.com/watch?v=lM6b2o99yCM Ní haon ionadh a dúirt an bhean sin le Savita “This is a Catholic country.” Faisisteach a dhéarfainn féin. Ní fhaca mé easpag tanaí, ná sagart fionn, ná pálás bocht ná meas ar mhná ó shagart ar bith i mo pharóiste. Chonaic mé agus chuala mé saint, sotal is seafóid ar mhaithe leo féin. Is thángadar go mo theach is mé óg le féachaint go raibh pictiúr d’Íosa i ngach seomra agus rinne Mamaí cinnte go raibh mar thuig sí na rialacha. Faisisteach.

Cheap mé go mbeadh sé difriúil i SAM. Bhí mé mícheart. Tá greim ag an Eaglais anseo fresin.  ‘Cé mhéid feiminigh atá againn sa rang?’ a d’iarr an t-ollamh ón Ghailís orainn an chéad lá sa rang i gCalifornia. D’ardaigh mé mo lámh go bródúil ach bhí mé im’aonar san rang mór sin. Tionchar na hEaglaise sa chultúr Easpáinnic. Peaca é bheith id’ fheimineach. Sin a deireann an Eaglais leo. Mhínigh mé go raibh mé ar son cearta daonna agus ionanntas agus d’aontaigh siad leis sin. Mar sin féin bhí rud éigin gránna ag baint le feimineachas, cheap siad agus ní raibh siad in ann é a mhíniú dom. Nár thuig mé m’áit sa saol? Ní raibh sé ceart do mná bheith ag labhairt amach mar sin, dar leo. Bhí an-obair déanta ag an Eaglais. Fuath ban acu i ngan fhios dóibh féin. Nach iad a bhí breá géilliúil.

Tá fuath ban i ngach tír. Ach ní leithscéal d’aon tír é sin. Tá fir a cheapann gur rudaí iad mná curtha ar an saol le freastal ar a riachtanaisí. Seo a tharla le déanaí in ollscoil i SAM http://alturl.com/esqo6  Níl meas ag na fir seo ar mná agus cinnte ní fhéachann siad orainn mar dhaoine leis na cearta daonna céanna is atá acu féin. Ní aicme íochtaránach atá i gceist anseo mar ní fhéachann siad ar na mná mar dhaoine ar chor ar bith. Tá gráin ann chomh maith. Mar sin is cuma leo má ghortaíonn siad mná.

I mo chúrsa san ollscoil bhí ceist agam. Cá raibh na mná a scríobh leabhair fadó? Chuir sé isteach go mór orm go raibheamar ag léamh leabhair scríobhtha ag fir amháin. Gach uile leabhar ar an gcúrsa is bhí go leor le léamh againn! Níor scríobh mná ag an am sin a dúradh liom. Níor ligeadh cead do na mná freastal ar scoil ag an am sin. Tuigim cuid den scéal sin mar bhí taithí agam ar ghnéasachas ach fós bhí rud éigin mícheart.  Sa deireadh roghnaigh mé scríobh faoin údar Fernán Caballero. Ní raibh m’ollamh sásta nuair a bhí mé ag caint fúithi mar Cecilia Böhl de Faber. Cheartaigh sé mé: ‘Fernán Caballero.’ Tuigim go raibh uirthi dul faoi cheilt an uair sin. Ach nach bhfuil sí in ann fiú amháin inniu a bheith aithinte mar bhean? Nach bhfuil sé tuillte aici? Nár chóir dúinn fios a bheith againn gurbh í bean a scríobh na leabhair sin? Ní raibh m’ollamh compórdach leis. Fuair sé a oideachas in ollscoil Chaitliceach sa Spáinn.

In Éirinn tá an Eaglais fós i gceannas ar an tír. Tá cumhacht ag na sagairt agus na heaspaig  http://www.lifesitenews.com/news/irish-politician-who-voted-for-abortion-bill-removed-as-extraordinary-minis/ Tá daoine nach dtuigeann é sin mar ní raibh seans acu saoirse ón gcumhacht sin a bhlasadh. Dóibh súid a d’fhoghlaim faoi ghnéasachas agus fuath ban, aithníonn siad go bhfuil mná agus cailíní in aicme íochtaránach in oideachas, sna hospidéil, san rialtas http://jn1.tv/video/news/irish-politician-sorry-for-parliament-groping.html sa tír agus sa teanga. Níl meas ag an Eaglais ar mná is a gcearta daonna. Tá aicme íochtaránach acu san Eaglais agus faighimid oideachas ón Eaglais (a gcluiche, a rialacha, a bpaidreacha 7rl). Seans mhaith nach mbeidh bean ina pápa ná fiú ina sagart. Is dar leis an Eaglais ba chóir do na fir na rialacha a scríobh do na mná agus ní chóir go mbeadh rogha ag na mná. Maith dúinn é, Savita! Tá siad i gceannas le fada agus gach bean ag fulaingt mar gheall air, cuid acu i ngan fhios dóibh fein.

Is tá an ceart agat, Eoin. Tá an teanga lán le Muire agus Pádraig agus níl gá leo ná na paidreacha, ná an Chéad Comaoineach is Aifreann sa scoil is an Chéad Faoistin agus an tseafóid sin uilig. Más mian le daoine an reiligiúin sin a chleachtadh tá sé de cheart acu é sin a dhéanamh ach bíodh sé scartha ónár oideachas poiblí. Ar son ár gcearta daonna!

Ag múineadh le Gaeilge Gan Stró anseo i SAM, caithfidh mé a mhíniú do mo dhaltaí cén fáth an bhfuil DIa is Muire duit ann mar bheannacht, an chaoi ina raibh is a bhí greim ag an Eaglais ar oideachas na tíre, an chaoi nach bhfeiceann daoine iompúchán mar tá siad chomh cleachtaithe sin leis. Ach ná bac, a deirim leo. Abair Haigh nó Aon scéal? srl Ní raibh an rogha sin agam nuair a tháinig cigirí áirithe ag an scoil fadó.

Maidir leis na cearta sin, scar Stát & Eaglais ansin sa bhaile le bhur dtoil ar mhaihe na tíre. Cearta fós de dhíth.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s