Litríocht Cheilteach in LA

Filíocht lá amháin agus dráma an lá ina dhiaidh: An saol ag dul i bhfeabhas!

Ag eagrú muid féin anseo arís le Saol Dylan Thomas a cheiliúradh. Smaoinigh mé siar ar an gcéad uair a ghlac mé páirt ann. Bhí mé ag cruinniú Ceilteacht ag an amharclann Zombie Joe’s Underground i N. Hollywood. Tháinig aiseoirí is ceoltóirí le chéile is bhí tráthnóna lán d’fhilíocht Dylan Thomas, Seamus Heaney agus filí mór le rá eile ón domhan Ceilteach againn. Bhí an t-ádh liom bheith ansin ina measc.

TheatreBanshee

Is ansin a bhuail mé le Barry Lynch, aisteoir den scoth, a d’inis dom faoin dráma By The Bog of Cats san amharclann Banshee i gCathair na nAingeal. Amharclann deas in áit dheas i mBurbank is ea é is roimh dul isteach ann chonaic mé na siopaí seandachaí agus caféanna sa cheantar. Ní raibh tada ar eolas agam faoin dráma roimh réidh.

Bhí mé an-tógtha leis an dráma atá fíor-chumhachtach. Thug mé faoi dearadh go raibh an fear óg in aice liom ag caoineadh ag an deireadh cé go raibh sé ag iarraidh é a choinneáil faoi cheilt. Moladh go Marina Carr (ón Tulach Mhór, ball de Aosdána) a scríobh an dráma agus do na haisteoirí go léir.

Scéal Medea (Euripides) atá ann i bhfoirm nua. Sa dráma le Euripides thug Medea cúnamh draíochta dá fear chéile Jason agus d’éirigh leis sa saol. In áit buíochas a ghabháil léi thréig sé í agus phós sé bean eile. Mar a cheapfá bhí ar Medea díoltas a bhaint amach. Ins an dráma le Marina Carr tá an scéal suite in aice le portach in Éirinn. In áit Medea, tá tincéir álainn againn agus í tréighthe ag a máthair agus ag a leannán. Foghlaimímid i bhfad níos mó faoi na heachtraí ina saol a mhúnlaigh í. Cé go bhfuil draíocht ann tá an leagan seo i bhfad níos cóngaraí don saol a thuigfeadh go leor daoine san lá atá inniu ann. Coimeád an linbh agus ciníochas mar théamaí láidre ann.

Bean na gCat (Casey Kramer) agus Hester an tincéir (Kasey Camp), na mná sa dráma a bhíonn i dteangmháil le taibhsí.

Cat woman

Tagann Hester go bainis a leannáin agus í gléasta mar bhrídeog agus milleann sí an bainis go léir. Ní fiú é mar ní phósfaidh a leannán Carthage (Joseph Patrick O Malley) í.

wedding scene

Cé go bhfuil sí láidir, níl Hester in ann briseadh amach ón saol atá aici. Bhí a saol socraithe ag na Déithe mar gheall ar na rudaí a tharla fadó. Tá neart íospartaigh sa scéal agus baineann an tincéir díoltas amach ach is í a hiníon atá sa i lár an scéil an íospartach is mó.

baby

Tragóid iontach agus má tá seans agaibh an dráma a léamh nó a fheiceáil ná caill é. Faraor chonaic mé é ar an lá deireanach dó san amharclann sin. Ach cinnte dearfa beidh mé ar ais ag an amharclann sin le drámaí eile a fheiceáil (má cheadaíonn na Déithe é sin).

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s