Nelson Mandela 1918 -2013

Deireann an stair, ná  bíodh dóchas agat…

Ach ansin, uair amháin sa saol is féidir leis an

dtonn tuile na córa a bhíomar ag tnúth léi,

éirí suas is bíonn rím idir dóchas agus stair.

–          Seamus Heaney

~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~

Tháinig dóchas agus stair le chéile le Nelson Mandela,

an fear a chaith Apartheid óna thír agus a spreag a náisiún féin agus an domhan mór.

Is thuig sé tábhacht teangachaí.

Mandela teanga

     Tá sé imithe uainn is tá poll mór ann ach freisin tá grá agus dóchas againn agus tuiscint nach bhfuil aon rud dodhéanta, gur féidir aon rud a dhéanamh má chreidimid ann.

Bhí gaol láidir idir Mandela agus Éire. Tháinig Nelson Mandela ar cuairt go hÉirinn trí huaire:

1990 – tar éis teacht amach ón bpriosún dó

2000 – le céim a fháil ó Coláiste na Trionáide agus le caint leis an Dáil

2003 – don Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha Speisialta agus le céim a fháil ó CUG

1988

Bhronn Baile Atha Cliath saoirse na cathrach ar Nelson Mandela i 1988. Bhí sé i bpriosún ag an am is thug a bhean chéile cuairt orainn dó. Roghnaigh Mandela an ócáid seo mar a chéad sheans i 26 mbliana teangmháil a dhéanamh leis an domhan mór.

Spring mandela

Trína dhlíodóir ghabh sé buíochas ag rá gurbh iad na hÉireannaigh na original freedom fighters.

1990

Ní raibh sé i bhfad i ndiaidh a shaoirse a bhaint amach gur thaisteal sé go hÉirinn le buíochas a ghabháil le daoine agus le caint leis an Dáil.

robinson Mandela

Ina óráid sa Dáil ghlac sé buíochas leis an tír as an tacaíocht a thugamar do dhaoine a bhí ag iarraidh fáil réidh le apartheid agus d’iarr sé tacaíocht arís agus é ag iarraidh a náisiún a neartú. Luaigh sé an foireann rugbaí, na scríbhneoirí, na healaínteoirí, agus oibrithe Dunnnes’ i measc oibrithe eile a thug tacaíocht dó.

dunnes mandela

Ag Coláiste na Trionóide labhair sé faoin Tuaisceart.

trinity mandela

Le bold actions amháin a dúirt sé bheadh síocháin a mhaireann ann.

tuaisceart mandela

2000

Bhronn Ollscoil na Gaillimhe céim air agus d’úsáid sé an ócáid le tabhairt amach faoi úsáid aerfort na Sionainne ag eitleáin SAM a bhí ag glacadh páirt i gcogadh George Bush ar an Iaráic. Agus an ceart ar fad aige.

mcaleese mandela

Níl ‘fhios agam cén fáth nach bhfuil Bertie i bpriosún faoi!

Bhí grá mór ag gach duine do Mandela agus bhí am aige do gach duine. Ar an eitlleán agus ag an aerfort in Éirinn bhí bualadh bos mór dó. Sa trácht d’oscail sé an fhuinneog le caint le daoine eile i gcarranna eile. Bhí sé an-chairdiúil. I nGaillimh bhronn siad céim air agus ina dhiaidh ag an óstán bhí craic is spraoi aige le Macnas agus na Corrs. Amach leis ag damhsa le ceol na Corrs. I mBaile Atha Cliath bhuail sé le go leor daoine cáiliúla. Ina measc bhí Mohammed Ali, na Shrivers agus na Kennedys, Bono, The Edge agus Gerry Adams.

gerry mandela

Bhí cómhrá fada idir Bono agus Mandela faoi SEIF agus plean á dhéanamh acu cúnamh a thabhairt don Aifric.

bono mandela

An lá is é ag fágáil na tire bhí páistí taobh amuigh den óstán ina raibh sé ag fanacht. Chuaigh sé ag caint leo. Phioc sé suas cailín amháin le siondróm Down agus thug sé barróg mór di.

Tá grá mór againn don bhfear crógach seo agus a chroí mór.

Fágfaidh mé sibh le inspioráid óna fhocail féin: comhairle

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s