Thomas Hickey – Portráidí

Seo scéal Thomas Hickey, portráidí, 1741–1824 agus an Tipu Sultan

Thugamar cuairt ar Daria Daulat Bagh (Saibhreas na hAbhann), an Pálás an tSamhraidh a bhí ag Tipu Sultan ag Srirangapatna i gKarnataka. Bhí gach rud nua dúinn san India. Ní raibh a fhios againn cérbh é ná tada faoi. I mBengaluru a bhíomar i nDeisceart India le cairde nua is mhol siad dúinn teacht leo go dtí an áit seo nach raibh ró-fhada ón gcathair. Thángamar isteach tríd an geata buí. Bhí cuma sean ar an áit.

geata buí

Níor cheap mé go raibh mórán ann ar dtús. Ní raibh fiú doirse sa Phálás os ár gcomhair amach.

PTS

Seo iad ár gcairde nua, cúthaileach go leor sa phictiúr:

pravat

Ní raibh mórán ar an gcead isteach ach ní raibh mórán caite ar an áit ach oiread. Thaitin an scríbhneoireacht san teanga áitiúil liom. Tá Béarla ann freisin mar atá i go leor áiteachaí eile sa tír mar gheall ar stair na tire agus cé nár aithin mé é nuair a bhí mé ann, bhí an áit seo fíor-thábhachtach mar gheall ar an gcogadh a bhí ann idir na Sasanaigh agus Ceannaire Mór na háite seo: Tipu Sultan.

tender change

Bhí cogadh an-mhór anseo i Mysore: an ceathrú ceann san áit seo inar cailleadh Tipu Sultan. Leis sin fuair na Sasanaigh an lámh in uachtar i nDeisceart India.

singletonsrirang

The Last Effort and Fall of Tipu Sultan (Henry Singleton). Pictiúr eile den léigear ar Srirangapatna i 1799.

Bhí 26,000 saighdiúirí ag an gComhlacht Briotanach na hIndia Thoir (4000 acu ón Eoraip agus an cuid eile ón India). Bhí saighdiúirí eile acu ón Nizam de Hyderabad. Agus saighdiúirí eile ó na Maratha. Mar sin bhí tuairim is 50,000 saighdiúirí ag na Sasanaigh is ní raibh ag Tipu Sultan ach 30,000 acu. Bhris na Sasanaigh ballaí na cathrach agus fuair Tipu Sultan bás sa chogadh. B’é Wellington, an fear céanna a fuair an lámh in uachtar ar Napoleon níos déanaí a bhuaidh an cogadh. Nuair a cuireadh Tipu Sultan bhí stoirm uafásach ann is scríobh daoine faoi mar ní fhaca siad a leithéid roimhe.

tipu

Tipu Sultan

Ar bhallaí an Pháláis bhí pictiúirí den na cogaidh.

1340-1246tspw

Agus muid ag dul timpeall istigh sa Phálás thug mé faoi dearadh go raibh an cuid is mó de na pictiúirí ann i bpeann luaidhe agus iad uilig tarraingte ag duine dárbh ainm Thomas Hickey. Éireannach? Bhí orm fanacht go dtí go raibh mé ar ais sa bhaile arís gur Éireannach a bhí ann ceart go leor agus gurbh é an t-aon portráidí a bhí san áit sin nuair a bhí an cogadh deireanach ansin. Mar sin tharraing sé 55 pictiúirí  i gcailc de chlann Tipu Sultan agus saighdiúirí ann agus tá cuid mhaith acu le feiceáil san áit seo. Níl raibh cead againn grianghrafanna a thógáil dóibh faraor.

thomas-hickey

                                                        Thomas Hickey

Seo Thomas Hickey ina shuí ag an mbord. Ach cérbh é agus cén fáth an raibh sé san India? Rugadh é i 1741 i  mBaile Atha Cliath, mac le Noah Hickey a bhí ina mhilseogra ar Shráid Chéipéil.

D’fhoghlaim Thomas ealaín idir 1753 agus 1756 ag na scoileanna den Chumann Ríoga Bhaile Atha Cliath is bhuaidh sé duaiseanna iontu. Thosaigh sé le cailc, is tá cuid de na pictiúirí a rinne sé idir 1758 and 1759 dóibh le feiceáil sa Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Thaisteal sé go minic. Thosaigh sé leis an Iodáil. D’oibrigh sé in Éirinn agus i Sasana ina dhiaidh sin go dtí go bhfuair sé cead i 1780 dul leis an gComhlacht Briotanach na hIndia Thoir go dtí an India. D’fhág sé Portsmouth ach ghabh na Spainnigh agus na Francaigh ar na loinge. Lig siad saor Thomas i gCadiz agus thaisteal sé ón gcathair sin go Liospóin, áit inar bhain sé a shaothar amach mar phortráidí ar feadh 3 bhliana.

I 1783 d’fhág sé Liospóin is chuaigh sé go Calcúta.  I 1791 abhaile leis go hÉireann ar feadh tamaillín. Bhí seal aige ina dhiaidh sin sa tSín idir 1792 agus 1794 agus ansin ar ais leis arís go Londain is go BAC. I 1798 d’fhill sé don uair dheireanach ar an India lena iníonacha. Ansin a bhfuair sé bás i Madras i 1824 agus é 88 mbliana d’aois.

Seo cuid dena phictiúirí atá le feiceáil anois i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann:

Indian lady

agus seo ceann de

edmund burke

Edmund Burke i gcomhrá le  Charles James Fox  c.1783-1784

Seo pictiúr a tharraing Thomas Hickey de Purniya, Príomhaire Mysor, déanta i 1801

aire

An chéad uair eile a bhéas mé sa Ghailearaí Náisiúnta cuardóidh mé a phictiúirí agus smaoineoidh mé ar na pictiúirí atá fágtha aige in áit iarghúlta san India tar éis dó cogadh uafásach a fheiceáil. Nach raibh saol an-spéisiúil ar fad aige!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s