Tinneas SAM: Gunnaí

Tá SAM tinn. Tá dlíthe ag an tír nach noibríonn i gceart agus daoine ag fáil bháis mar gheall air. Tá dlíthe againn le daoine a chosaint. Faraor, tá sé soiléir go gcosnaíonn an dlí na daoine saibhre agus cumhacht níos fearr ná na daoine bochta. Ach tá an tuiscint ann go mba chóir don dlí daoine a choinneáil slán. Ní maith liom an crios suíocháin sa charr. Ba bhreá liom mo shaoirse agus bheith in ann mo rogha rud a dhéanamh. Cuireann sé isteach orm agus é ag brú ar mo mhuineál. Ach tuigim gur maith an dlí é, go sábháileann sé daoine agus glacaim leis. Faraor, níl na gárdaí, gnáthdaoine, daoine tinn ná Obama ag glacadh leis an dlí mar bhealach muid a shábháil.

alamo guns

Theip ar na gárdaí ag an Alamo le déanaí ach tá trua agam dóibh. Bhailigh na céadta ag an Alamo, agus seo rud a dhéanann siad go rialta ar fud, lena ngunnaí acu le feiceáil go hoscailte agus iad ar na sráideanna. Bhí sé in aghaidh an dlí ach bhí an oiread sin faitíos ar na gárdaí (níor adhmhaigh siad é sin) nár stop siad an ‘Rally.’ http://abcnews.go.com/Politics/wireStory/armed-gun-rights-activists-rally-alamo-20622895 B’shin 2013. Cúrsaí ag dul in olcas ó shin. Bhí cuid de na daoine ann ag maíomh gur maith leis na turasóirí ‘Saoirse SAM’ a fheiceáil. Tá siad iomlán as a meabhair. Cuireann siad faitíos an domhain ar thurasóirí ann. Is mór an trua nár stop na gárdaí iad.

Lax airport

Shiúl duine isteach san aerfort i gCathair na nAingeal le raidhfil ionsaithe. Gnáth duine a bhí ann a cheap daoine ar dtús. Smaoinigh ar sin!

Bímse féin san aerfort sin go minic agus chuile uair bím ar buile leis an TSA (gardaí slándála) ann. Tuigim céard atá ar siúl, cé atá ag déanamh airgid as. Cén dallamullóg a chuireann siad ar na Meiriceánaigh le caint faoi bhagairt ó Al Qaeda agus araile. Tagann an bhagairt is mó ó dhaoine sa tír seo le gunnaí agus ní chuirfidh scuaine fada is daoine ag baint a mbróga dóibh stop leis sin. Déanfaidh an frustrachas dochar.

Mharaigh fear duine amháin inniu is tá seisear san ospidéal – scéal coitianta http://www.cnn.com/2013/11/01/us/lax-gunfire/ . Is dóigh gur cheap an fear go raibh an ceart aige gunna a bheith aige. Tá an iomarca daoine a fheiceann rud cosúil leis an tseafóid ag an Alamo agus ceapann siad go bhfuil sé nádúrtha agus ceart gunnaí a bheith acu mar níor stop na gárdaí iad.

Tá cúrsaí as smacht le fada ach duine ar bith sásta an rud ceart a dhéanamh.

Neo nazi dad

Go minic tá na daoine seo le gunnaí tinn.  I measc na scéalta eile le déanaí: beidh buachaill (13) i bpriosún ar feadh 10 mbliana mar mharaigh sé a Dhaid (Neo-Nazi) http://www.news.com.au/world/boy-13-gets-10-years-in-youth-detention-for-killing-neonazi-dad/story-fndir2ev-1226751008347 agus beidh an buachaill 14 a mharaigh a mhúinteoir sa chúirt ‘mar dhuine fásta’ (coir eile SAM) http://bostonherald.com/news_opinion/local_coverage/2013/10/14_year_old_charged_as_adult_in_murder_of_danvers_teacher

An bhfuil aon ceachtanna anseo? Tá daoine le trioblóidí sa domhan seo. Tabhair cúnamh dóibh. Tá sochapataigh ann agus beidh i gcónaí. Déan staidear orthu agus tabhair cúnamh dóibh agus cosain daoine mar #1. Ar son Dé, ná tabhair gunnaí dóibh! Ní thuigeann na daoine tinn seo an dlí nó is cuma leo.

weapons

Is cén chaoi a mbeidh ‘fhios againn an sochapataigh iad agus iad ag iarraidh gunnaí a cheannach? Ní féidir. Mar sin níl ach riail amháin ciallmhar. Seo an dlí atá ag teastáil ón tír: cosc iomlán ar ghunnaí. Ní thaitnóidh sé le gach duine. Is cuma. Ní thaitníonn an crois suíocháin liom. Ach sábháileann sé daoine. Tá ar Obama an dlí sin a dhéanamh. Cosc iomlán. Beidh sé deacair le Barack Comhghéill Obama é sin a dhéanamh ach is cuma.

Caithfidh an dlí muide a shábháil. Nuair a thugtar cead le gunnaí, cuirtear saolta i gcontúirt. http://www.huffingtonpost.com/2013/10/28/gun-deaths-since-newtown_n_4165061.html Bliain i ndiaidh an eachtra sa scoil i Newtown Connecticut a d’fhág 20 páistí óga agus 6 daoine fásta marbh, chuile seans go mbeidh 10,000 daoine eile marbh mar níl cosc ar ghunnaí fós. Comhghéill = bás. Ní féidir liom Obama agus an Comhdháil a mhaithiú. Dlí nua agus toil nua uainn!

no guns

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s