Cartlanna Ranga: An Gorta Mór

An Gorta Mór: cúnamh ón Tuirc

Ottoman Sultan

Bhí mé ag caint le mo mhac faoin nGorta Mór is d’iarr sé orm ar chuala mé an scéal faoin iarracht a rinne an Tuirc cúnamh a thabhairt dúinn agus an chaoi inar chuir Sasana isteach ar an iarracht sin. Níor chuala. D’inis sé an scéal. Tagann an t-eolas uaidh agus ón alt seo le Mike Dash

Is na mílte ag fáil bháis ón nGorta Mór in Éirinn, tháinig cúnamh chugainn ón Tuirc. Ag an am sin bhí a deacrachtaí féin ag an Tuirc is í ag fulaingt lena Gorta féin. Seo scéal faoin Sabhdán a rinne iarracht go leor airgid a thabhairt do na daoine in Éirinn nuair a bhí géarghá leis ach dúirt Sasana leis i bhfad níos lú a thabhairt ar fhaitíos go mhaslódh sé An Bhanríon Victoria.


Tá líne i Ulysses le James Joyce a dhéanann tagairt don airgead (piastre) a thug an Tuirc dúinn:

Even the Grand Turk sent us his piastres. But the Sassenach tried to starve the nation at home while the land was full of crops that the hyenas bought and sold in Rio de Janiero.

piastreSeo an scéal faoin eachtra sin.

Bhí an Sabhdán Abdülmecid I ag iarraidh £10,000 (timpeall £1 milliúin san lá atá inniu ann) a sheoladh go Londain ach dúradh leis go mbeadh sé náireach do Victoria dá dtabharfadh sé i bhfad níos mó airgid do na hÉireannaigh ná mar a thug Victoria féin don tír. Níor thug sise ach £1,000 ar dtús. D’ardaigh sí go £2,000 é ina dhiaidh. Níor thug an Prionsa Albert ach £500, mar an gcéanna le Rí Hanover.

Charles Mackay, the Scottish biographer of Sir Robert Peel, was the first to ascribe an attempted donation of £10,000 to Sultan Abdülmecid I. Photo: Herbert Watkins, late 1850s.

Dar leis an scríbhneoir Charles Mackay, an fear a scríobh beathaisnéis Robert Peel, spreag litir ón Bhanríon Victoria in Eanáir 1847 faoin gcruachás in Éirinn Abdülmecid le airgead a sheoladh go Londain:

“One of the most remarkable instances of the universal interest and sympathy manifested on this occasion was in the offer of no less than £10,000 by the Sultan, besides some ship-loads of provisions. His Majesty’s ministers represented, however, that Queen Victoria having subscribed only £2,000, it would not be respectful for a foreign sovereign to subscribe a larger sum; and the Sultan confined his subscription to £1,000, which was duly dispatched to Ireland.”

Mar sin, bhí ar an Sabhdán i bhfad níos lú airgid (£1,000) a sheoladh go Londain do na hÉireannaigh.

San Morning Post in Aibreán 1847 luaigh siad an bronntanas is an tábhacht a bhain leis:

The Sultan sent this day to Mr. Wellesley the sum of one thousand pounds for the relief of Ireland in the grievous famine under which that country is now suffering. This act of regal munificence on the part of his Imperial Highness is without precedent. For the first time a Mahomedan Sovereign, representing multitudinous Islam populations, manifests spontaneously a warm sympathy with a Christian nation. May such sympathies, in all the genial charities of a common humanity, be cultivated and henceforth ever be maintained between the followers of the Crescent and the Cross!

Ach ní ón mBanríon amháin a chuala Abdülmecid an scéal. Bhí dochtúir Éireannach aige: Justin Mc Carthy ó Chorcaigh. D’inis a mhac an scéal:

“… the Sultan had intended to give £10,000 to the famine-stricken Irish, but was deterred by the English ambassador, Lord Cowley, as Her Majesty, who had only subscribed £1000, would have been annoyed had a foreign sovereign given a larger sum…”

Mar sin sheol Abdülmecid trí long le bia go hÉirinn i ngan fhios do Shasana. De réir leagan amháin den scéal bhí ar a longa éalú ó longa Shasana  mar bhí siad ag iarraidh daoine le cúnamh a choinneáil amach ón tír.

Tháinig na longa isteach ag Droichead Átha.

The Irish port of Drogheda during the famine period.

An Bhóinn, Droichead Átha

Bhí dhá pháipéar nuachtán i nDroichead Átha ag an am: an Argus agus an Conservative. Bhíodh nuacht iontu faoi na longa a thágadh go dtí an baile mór. Is beag long a thágadh go Droichead Átha ó thír eile seachas ón mBreatain ag an am. Mar sin bhí sé éasca do mhuintir na háite cuimhneamh ar na trí long a tháinig go dtí an baile mór le bratacha ó thíortha i bhfad i gcéin i mBealtaine i 1847. B’shin cúig mhí tar éis d’Abdülmecid scéal a fháil ó Shasana go raibh gá le cúnamh in Éirinn.

Seans gur tháinig long amháin acu ón Phrúis, Alita nó an Meta ó Stettin ar an Mhuir Bhailt. Tháinig an péire eile ó na Balcáin, áfach, áit faoi smacht Otamánaigh. Cé go raibh ainmneacha as Béarla acu, an Porcupine agus an Ann is daoine i gceannas orthu le ainmneacha as Béarla (Cleveland agus Floyd), tháinig siad ó Selânik (Thessaloniki inniu), cuid den impireacht Otamánach. Ar bord na trí long bhí min bhuí agus cruithneacht.

San Belfast News-letter i Márta 1853 ghabh siad buíochas leis an Tuirc:

We cannot forget that Mahommedan Turkey has more than once shamed the nations which boast of their Christianity, by the practice of those principles which they only professed. It was the present Sultan of Turkey who, more generously than any other European potentate, contributed to the relief of our famine-stricken countrymen in 1847.

Bhí míthuiscint ó am go ham faoin armas atá ag Droichead Átha. Cheap daoine gur aithrigh siad é in ómós d’Abdülmecid. Bhí an ghealach agus an réalt curtha ar bharr ann mar bhuíochas ón mbaile, a cheap daoine.

Drogheda Coat of ArmsMar a tharla sé bhí an cruth sin ar an armas ó am Rí John, 800 mbliain roimhe sin. Is daoine ag lorg na fírinne sa scéal tháinig siad ar phlaic chomórtha san óstán Westcourt (Halla na Cathrach fadó) i nDroichead Átha ag comóradh an cúnamh a tháinig ón dTuirc go Droichead Átha. De réir Frank Godfrey, maor na cathrach, caithfidh gur fhan mairnéalaigh an tSabhdáin san áit sin is iad ann i 1847.

I bhfad níos déanaí i 1957 bhí scéal faoin eachtra seo foilsithe san iris Threshold (faoi litríocht & stair) ag an Ollamh Thomas P. O’Neill, an duine a scríobh beathaisnéis d’Éamon de Valera. The Queen and the Famine an tideal ar an scéal. Threshold

Is inniu fuair mé an scéal ó mo mhac a chuala an scéal san ollscoil i Santa Barbara. Is roinnim an scéal libh anseo, a chairde. Mar is maith an rud cloisteáil faoi na daoine maithe ar an domhan seo a thugann cúnamh do dhaoine i gcruachás.

Tábhachtacht dúinn freisin a thuiscint cé a tháinig san mbealach agus cén fáth. Caithfimid foghlaim ón stair. Buíoch as na daoine maithe ar na domhan seo. Neart acu ann.

An Gorta Mór: cúnamh ó SAM

Eolas is pics ón alt seo le Timothy J. Sarbaugh.

Ins na 1800daí bhí na mílte ag fáil bháis ón nGorta in Éirnn is tháinig an scéal go Meiriceá faoi.

Ghlaoigh an Seanadóir Henry Clay i 1847 ar mhuintir SAM bheith flaithiúil is cúnamh a thabhairt do dhaoine in Éirinn a bhí ag fáil bháis ón nGorta Mór.

D’fhreagair na daoine. Tháinig neart airgid is cúnamh go hÉirinn trí Chumann na gCarad. Sheol siad 118 árthaí go hÉirinn le $545,145 de chúnamh ar bord. Sin atá i dtuarascáil faoi.

Ar ndóigh bhí daoine eile a thug cúnamh go díreach do dhaoine in Éirinn, dá muintir sa bhaile srl is tá chuile sheans ann gur fhág cúnamh ar luach na milliúin dollair Meiriceá ag an am. Tuigimid go raibh daoine iontach flaithiúil ag an am ach b’shin na daoine. Céard a rinne rialtas Mheiriceá go hoifigiúil?

Is beag meas atá agam ar an Uachtarán James Polk mar gheall ar an gcaoi ar ghoid sé talamh ó Mheicsiceó. Tuigim go raibh sé glic faoi ach bhí sé as bealach is tá daoine ag fulaingt fós mar gheall air anseo.

Chuala Polk agus a Rúnaí Stáit James Buchanan faoi chúrsaí in Éirinn. Mar a tharlaíonn anseo go minic, d’fhéach siad ar an fhadhb mar bhealach le airgead a dhéanamh. Is bia gann in Éirinn, d’fhéadfadh siad bia SAM a dhíol d’Éirinn.

Bhí George Bancroft, an fear a scríobh History of the United States from the Discovery of the Continent, i Londain mar aire SAM idir 1846 agus 1849. Scríobh sé go díograsach i 1846 go raibh an-éileamh ar mhin bhuí ó SAM. Dar le Bancroft, bheadh an Bhreatain ag brath ar SAM níos mó ná mar a bheadh SAM ag brath ar Shasana, rud a bheadh go maith do SAM. Chonaic sé saibhreas do SAM ann

D’aontaigh oifigeach consalachta SAM i mBaile Atha Cliath, Thomas Wilson, le Bancroft. Bhí airgead le fáil as. Is roinn sé a thuairim leis an Uachtarán Polk.

De réir an consalach i mBéal Feirste, Thomas Griffin, bheadh Éire ag méadú na hearraí a iomportáil sí ó SAM faoi dhó. Deis iontach brabús mór a bhaint amach a bhí ann.

Is na daoine seo ag comhaireamh airgid ina gcinn roimh réidh, bhí díospóireacht i gComhdháil SAM faoi ar chóir nó nár chóir cúnamh a thabhairt d’Éirinn. I Feabhra 1847, léirigh feisire Washington Hunt ó Nua Eabhrac a phlean le cúnamh a thabhairt do na hÉireannigh don gComhdháil. Bhí sé ag iarraidh go gcaithfidís $500,000 le cúnamh a cheannach is a sheoladh go hÉirinn. Léigh siad é faoi dhó. Cuireadh go coiste speisialta é. Labhair an feisire Charles Ingersoll ó Pennsylvania amach ar a shon. Luaigh sé tábhachtacht na hÉireannaigh i stair SAM agus an saibhreas a bhí i SAM ag an am. Faraor in ainneoin a rinne Hunt agus Ingersoll, níor éirigh leo.

Yankee Doodle's Corn Exchange(Yankee Doodle)This American cartoon praises that country's ability to feed Ireland from it's surplus grain;but it is unclear just how the destitute were expected to purchase such supplies.

Nuair a theip ar an mbille sa chomhdháil, rinne an seandóir John J. Crittenden ó Kentucky iarracht é a shábháil sa Seanad. Rinne sé trácht ar an uair a sheol an tUachtarán James Madison  £50,000 go Veiniséala i 1812 i ndiaidh crith talún ansin. Labhair sé go maith ar son na hÉireann. Fuair sé tacaíocht ón Seanadóir Thomas Clayton ó Delaware. Léigh siad os ard é trí huaire. Thug an Seanadóir Lewis Cass ó Michigan a thacaíocht don mbille freisin.

An lá dár gcionn labhair an taobh eile amach. Ba é John Niles ó Connecticut an duine ba láidre in aghaidh an bille.  Cén baint a bhí ag SAM le Éirinn? ar sé. Baint ar bith, dar leis. Fadhb na Breataine. Ba chóir don Bhreatain deighleáil leis, ina thuairim. Dá sheolfadh SAM cúnamh go rialtas Shasana, bheadh sé maslach mar bheadh siad ag cur le fios go raibh Sasana lag, an argóint a bhí aige faoi. ‘Charity begins at home’, ar Niles. Ná seol airgead do thíortha eile mar sin a dhearcadh.

In ainneoin na hargóintí d’éirigh leis an mbille sa Seanad is sheol siad go Teach na hIonadaithe é.
D’iarr an feisire Hunt go mbeadh seans aige agus ag Lewis Levin ó Pennsylvania féachaint air is sheol siad go Coiste Ways and Means é. Leag Levin amach an scéal mar bhia do dhaoine a bhí ag iarraidh cóisir a bheith acu in áit daoine a bhí ag fáil bháis den ocras.Ní raibh grá ar bith ag Levin do na hÉireannaigh.

US President James Polk (Tennessee Historical Society)

Bagairt Crosta (veto) Polk

Nuair nach ndearna siad caint níos mó air, d’iarr feisire Robert C. Winthrop ó Massachusetts agus John Wentworth ó Illinois orthu rud éigin a dhéanamh faoi ach fós ní dhearna siad tada. Sa deireadh thuig siad gur cheap an Coiste Ways and Means dá gcuirfeadh siad an bille go Polk go núsáideach sé cumhacht crosta le é a mharú.

Cheapfá go dtabharfadh Polk tacaíocht don bhille is a mhuintir ó Albain is ó Éirinn. Ach bhí sé réidh leis an bille a mharú mar níor chreid sé go mba chóir do SAM airgead SAM a úsáid mar sin. Theip ar an mbille.

1847 cash draft issued in New York to be drawn on the National Bank of Ireland- over the course of the famine hundreds of thousands of dollars were sent from America to Ireland by the Irish immigrants.

Níor sheol an rialtas airgead ná bia ach, buíochas leis an Seandóir John Fairfield, lig siad cead do dhaoine dhá bhád a úsáid le cúnamh a thabhairt d’Éirinn. An Macedonian agus an Jamestown. D’úsáid an Boston Committee for Irish Relief an Jameson is a captaen Robert Forbes le 800 tonna de bhia a sheoladh go Corcaigh. Bhí fáilte is fiche roimh an gcriú i gCorcaigh. Thóg sagart Forbes go na háiteacha ba mheasa is scríobh Forbes: ‘I would gladly forget, if I could, the scenes I witnessed…in two hours walk, I saw more actual distress and apparent poverty than I ever saw in my whole life…’

The USS Macedonian, the second of two American warships which brought food aid to Ireland in 1847.(Illustrated London News)

D’fhág an Jamestown Corcaigh is tháinig ar ais go SAM in Aibreáin 24 lá ina dhiaidh. Bhí an Macedonian fós ag fanacht i Nua Eabhrac mar bhí fadhbanna acu bia is tacaíocht a fháil. Ba é George DeKay ó New Jersey an captaen is d’iarr sé cúnamh ó Forbes nuair a d’fhill sé. Tháinig Forbes agus Bostún le chéile le bia a sheoladh go Nua Eabhrac agus uaidh sin go hÉirinn. Lán le bia, d’fhán an Macedonian SAM i Meitheamh agus tháinig siad go Corcaigh i mí Iúil. Bhí fáilte mór roimh  DeKay is le cúnamh ó Chumann na gCarad roinn siad an bia. Bhí eisceacht amháin ann. Thug siad bia go pearsanta do Maria Edgeworth ag Edgeworthstown go roinnfeadh sí an bia leis na daoine ar a estát. D’éirigh le DeKay agus an Macedonian ach bhí ar DeKay $30,000 dá airgead féin a chaitheamh san iarracht. D’iarr sé ar an gComhdháil airgead a thabhairt dó mar bhí sé chomh bocht sin ina dhiaidh ach fuair an fear bocht bás is é bocht is tuirseach sular tháinig cúnamh ar bith ón gComhdháil.

Bhí daoine i mBostún agus áiteachaí eile a thug cúnamh do mhuintir na hÉireann ach ag deireadh an lae, níor thug comhdháil Polk ach dhá bhád do dhaoine a bhí ag iarraidh na mílte a shábháil. Is mór an trua sin.
Choctaw
.Kindred Spirits le Alex Pentek

Mar a thug na Choctaw cúnamh dúinn anseo

Iontach ar fad cúnamh a fháil ó dhaoine gan mórán acu féin. Sin cineáltas.