Cartlanna Ranga: Dúchasaigh

King agus Obama

Advertisements

Féin-Mharú: mar a Chaillimid na Dúchasaigh

Féin-Mharú an Treibh Guarani-Kaiowá Pleanáilte

Scéal ó 2012

San lá atá inniu ann tá na mílte ag iarraidh éalú ó áiteachaí ina bhfuil a gcearta caillte acu, ina bhfuil daoine ag iarraidh línte nua a tharraingt, ina bhfuil cogadh in ainm Dia amháin nó Dia eile mar dhea mar is cumhacht agus saint is cúis leis. Cén sórt domhan atá againn nach dtugann meas do dhaoine i gcruachás?

Ach ar ais go cearta agus na dúchasaigh ag fulaingt i bhfad ar fud an domhain. An scéal céanna ar bhealach. Chomh cráite sin go raibh siad réidh le fáil réidh leo féin!

Le díshealbhú, bagairt, agus ionsaí tá siad marbh le frustrachas

An Nuacht:

Tháinig an scéal eadochasach seo chugham i dtuít ó cheoltóir san mBrasaíl. D’oscail mé an nasc agus léigh mé an litir faoi na treibheanna Guarani-Kaiowá san mBrasaíl atá ag seasamh an fód don uair dheireanach. Níl acu ach dóchas go gcloisfidh breitheamh a gcás ón litir ach dáiríre ní chreideann siad sa chóras dlí agus anois b’fhearr leo bheith curtha lena muintear. N’fheadar an ndéanfaidh a namhaide fiú a leithéid dóibh.

An Litir (i leagan simplí) ón gcomhphobail de Guaráinis-Kaiowá Pyelito Kue / Mbarakay-Iguatemi:

Dírithe ag an Rialtas agus Cúirte na Brasaíle

‘Is sinne (50 fir, mná 50 agus 70 leanaí) an phobal Guaráinis-Kaiowá a thagann ó Tekoha Pyelito kue / Mbrakay . Scríobhamar an litir seo lenár staid stairiúil a mhíniú agus an beart a rinneamar a léiriú daoibh mar gheall ar an t-ordú uaibhse (Uimhir. 0000032-87.2012.4.03.6006) a bhfuaireamar ar an 29ú  lá de Meán Fomhair 2012. Fuaireamar amach go mbeidh ár bpobal ionsaithe, ráibthe, caite amach ó cheantar na habhainn, an áit ina bhfuilimid, mar gheall ar an t-ordú seo ón gcúirt náisiúnta Ashland.

Mar sin tá sé soiléir dúinn, leis an gníomh seo ón gCúirt náisiúnta, go bhfuil sibh ag cothú is ag méidiú an foréigean is ag diúltiú ár gcearta maireachtáil anseo in aice na habhainn Hovy agus freisin inár gceantar dúchasach Pyelito Kue / Mbarakay. Tuigimid go soiléir nach bhfuil i gcinneadh na cúirte seo ach cuid den chinedhíothú is sciosadh amach ár dtreibh atá i Mato Grosso do Sul…’

Leanann an litir ar aghaidh le rá nach bhfuil dóchas acu, nach gcreideann siad sa dlí agus gur fearr féin–mharú chuile dhuine beo acu ná fulaingt faoin dlí. Agus sin an rud atá beartaithe acu a dheanamh. Ar a laghad beidh siad ina ait fhéin agus impíonn siad bheith curtha lena muintear san áit sin.

Nasc: http://dialogospoliticos.wordpress.com/2012/10/20/indios-guarani-kaiowa-anunciam-suicidio-coletivo-no-mato-grosso-do-sul/

Geit:

Féin-mharú an treibh uilig? Tá sé an-deacair go deo é sin a thuiscint nuair atá meas ag daoine ar an saol.  Smaoinigh mé fhéin ar dul go an Iaráic mar chosain do na daoine ann nuair a thosaigh siad ag caint ar ‘Shock and Awe.’ Ní mharódh siad daoine ó Mheiriceá nó daoine mór le rá a bhí ag dul ann. Sin a cheap mé ag an am.  Bhí orm rud éigin a dhéanamh agus bhí sé chomh tabhachtach sin go raibh mé réidh (mar a deireann saighdiúirí go minic) an íobairt is mó a dhéanamh agus mé fhéin a chur i mbaol. Is bhí neart daoine eile ag dul ann mar chosain.

Tuigim an grá.Tuigim an frustrachas nuair nach féidir leat aon rud eile a dhéanamh. Ach ní oibríonn sé. D’fhéach mé ar an nuacht, d’éist mé le daoine, chuala mé daoine a’ rá ‘Nuke Iraq’ agus thuig mé faoi dheireadh nárbh íobair a bhí ag teastáil ach an fhírinne, labhartha go hard i ngach áit go mbainfí an cumhacht ó na diabhail gan náire, gan croíthe a mharaíonn daoine mar is cuma leo.

Mo Fhreagra:

Tá freagra agam do na Guarani-Kaiowá: ná déan é. Is cuma leo san rialtas faoin litir seo is faoi bhúr gcás. Ach má fhaigeann sibh bás beidh an bua acu. Leanfaidh siad ar aghaidh leis an dochar le grúpaí eile agus is cuma leo faoi na marbh. Tá siad bodhar is dall is ní thuigeann siad aon rud seachas a ngutha fhéin agus saibhreas $$$.

Cé go bhfuil an cás i bhfad níos measa daoibhse, chaill mé is mo chlann ár gcultúr nuair a thángamar go dtí na Stáit Aontaithe. Ach tá dóchas ann agus is féidir difríocht a dhéanamh anseo agus cúrsaí a fheabhsú. Anseo atáim ag scríobh faoi bhúr gcás i mo theanga fhéin arís. Creid nó ná creid, b’iad Meireacánaigh a thug an spreagadh dom mo chultúr a aithint arís lena suim sa Ghaeilge. Is féidir an troid a dhéanamh leis an dlí ó áiteachaí eile.

Ní neart go cur le chéile agus cé nach bhfeiceann sibhse ach an dream damanta ansin, tá níos mó daoine maithe sa domhan ná daoine gan croíthe. Ach ní labhraíonn siadsan os ard is caithfimid dul á gcuartú. Tuigeann go leor daoine bhúr gcás ach tá i bhfad níos mó daoine amuigh ansin nár chuala faoi go fóill. Seas an fód  (anseo nó ansiúd) mar a rinne bhúr muintear romhaibh. Éist leis na focail san amhrán seo agus creid iad: http://www.youtube.com/watch?v=8ebkce5ukn4