Tá Gach Reilig Beannaithe

Cré, Cró is Cearta

Nuair a bhí mé san mbaile  thug mé cuairt ar reilig do pháistí nach raibh baistithe agus do dhaoine a fuair bás ón gCalar. Tá an reilig bheag ann le fada an lá taobh leis an chanáil ríoga in aice le droichead Cill Phádraig taobh amuigh den Muileann gCearr. Sa bhaile sin a tógadh mé. Sa reilig sin atá m’uncail, dearthaireacha m’athair agus níl focal fúthu scríobhtha ann. Tá sé deacair go leor an áit seo a fheiceáil ón gcosán ach tá an-stair ag baint leis.

Bhí áthas orm a fheiceáil an uair seo go raibh cuí ar an reilig. Níl a fhios agam an bhfuil áthas orm faoin gcros ach caithfidh mé cuimriú go raibh a leithéid ann roimh am Naomh Pádraig. Tá rósanna ag fás ann anois agus faoi dheireadh tá cuimhneamh ar chlann amháin ann ar leac bheag.

Tá na leanaí atá curtha anseo agus a mhuintear a mhaireann sa chó dorcha le fada an lá. Is trua sin. Tá sé ceart is cóir aithint a thabhairt do na mairbh. Mo mhíle bhuíochas do na daoine a chuir an chéad leac suas mar ba mhaith liom an rud céann a dhéanamh anois do mo dhaoine ach níl sé éasca. Tá an meon aigne céanna againn in Éirinn agus atá acu sa Spáinn. ‘Sé ‘Veulve Ud. mañana’ nó ‘an méar fhada’ a chuireann gach rud siar anseo i gcónaí gcónaí.

An chéad leac sa reilig. Do formhór na daoine ann níl ann ach clocha gan ainmneach nach féidir a fheiceáil faoin bhféar.

Faoi dheireadh (trí bliain ina dhiaidh sin) d’éirigh liom leac a chur ann do m’uncail ach bhí orm éisteacht le scéalta Faoi Domhnall Lovely ar dtús ó fhear a cheap nach raibh dochar ann. Is iomaí cineál taibhsí atá againn in Éirinn!

Tá mé cleachtaithe le clocha mar seo faoin tuath is mé ag siúl trí na páirceanna thart anseo ó bhí mé óg. Doine a bhfuair bás sa Ghorta Mór, seans, is gan fágtha ach cloch, Ach an cuma céanna ag na clocha ar fad ón am sin.

  Is fada an turas atá agam ó California go Muileann gCearr. D’fhág mé an reilig agus shiúl mé ar ais ar bhruach an canáil ag stopadh le caint le capaill ar an mbealach. An chéad lá brea a bhí againn. Bhí an t-ádh liom.

Sa chré atá siad, mo mhuintear, ní sa chró. Is tá draíocht agus síocháin san áit seo. Níor mhaith liom go ndéanfaí dearmad ar áiteachaí mar seo go deo ná ar na daoine a mhair ar an saol seo fadó, fiú ar feadh seal an-bheag ar fad.

Ag smaoineamh ar mo thuras shuigh mé síos sa bhaile is léigh mé an dara scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

Aingle na dTrí Sciathán

Advertisements

Balor i Lár na Tíre

Mheall Balor Ann Mé

Bhí mé in Éirinn sa chúigiú cúige. D’éirigh mé maidin amháin is thug mé faoi deara go raibh meall i m’ascaill. Ag an dochtúir liom go sciopaidh le fáil amach nach raibh mé ag fáil bháis fós agus nach raibh aon dochar ann. Salann, uisce and brú air is bheinn ceart go leor arís a dúirt sí liom. Baineadh geit asam mar sin féin. Ní ait an rud é mar sin gur chaith mé an lá ar fad ag dul ó reilig go reilig is ag dreapadh cnoc spioradálta.

Tar éis dul ag caint le m’athair nach raibh fonn cainte air ar chor ar bith thug mé cuairt ar Bhaile Fhobhair, Co na hIarmhí. Tá cáil air mar mhainistir is bhí baint aige leis an bplá i 655. Chuaigh mé ann ag guí ar son mo shláinte. ‘Siad na déithe págánaigh a ghaloigh orm. D’fhéach mé ar leagan amach na háite ar mhapa a bhí ann. Ar thaobh mo lámha clé bhí an séipéil is an mhainistir sa ghleann thíos fúm. Ar dheis bhí cnoc mór is cloch mór milteach ar a bharr is bhí fonn orm dul suas an lá sin in áit dul síos. ‘Carrick Balor’ a bhí air de réir an mapa is mar sin suas liom. Ag an mbarr bhí mé tuirseach ach lán sásta i gcomhluadar na beithigh ar bharr an chnoic ag breathnú síos ar an radharc álainn. Ní raibh capall ann ná bagairt ná brú ar bith agus lig mé do mochorp sos a thógáil ann is mhothaigh mé teas is solas ag dul trím.

Roimh dul abhaile dom thug mé faoi deara go raibh crann in aice leis an gcarrchlós is é maisithe le píosaí éadaí. Stróic mé cuid de mo sheaicéad agus cheangail mé é ar chraobh is d’imigh mé liom.

Cheannaigh mé iasc is sceallóga ó fhear ó Nepal sa chipper i mBaile Fhobhair roimh dul abhaile dom is bhí cómhrá taitneamhach againn. Bail ó na Déithe ar a gcuid oibre. Ar ais sa teach dom thosaigh mé ag léamh faoin tSlua Sí ón leabhar Scéalta Chois Cladaigh. An-turas, an lá sin!

Aistear go Maracó

Cartas marruecos: litreacha ó Mharacó

Seo áit chasta ina fhágann tú caladh sa Spáinn le ainm Arabach (Algeciras), téann tú thar carraig Shasanach (Gibraltar: prasitriúchán ar ndóigh: Jabal Ṭāriq  جبل طارق , SliabhTariq), is tagann tú go ilchríoch na hAifrice i gcathair Spáinneach le ainm ón Róimh (Ceuta), is uaidh sin turas gearr agat go dtí an teorainn go Maracó is domhan iomlán difriúil.

Tá af iarraidh a dhéanamh amach cén fáth ar chuir an turas go Maracó isteach orm chomh mór sin. Thosaigh mé an aistear seo i mBarcelona, ar aghaidh go Valencia & Granada agus ag an nóiméad deireanach shocraíomar ar dhul trasna na farraige go Tétouan i Maracó.

Ní raibh tada mar a shíl mé. Bhí an bád i bhfad níos compóirdí ná mar a shamhlaigh mé. Ar bord bhuail mé le cúpla ó tSeapáin as cathair Hadano, áit ina raibh cónaí orm ar feadh ceithre bliain. Comhrá tipiciúil a bhíonns ag Éireannaigh thar lear. Tuigeann tú (Gaeilge, Seapáinis, cibé teanga…). Cé as thú? An raibh tú riamh i…? Bhí cónaí orm i…? Cén chuid de…? Ná habair é! Dáiríre?! An bhfuil fhios agat? Waaa! An bhfuil aithne agat ar…? Ní chreidim é. An cómhra sin as Seapáinnis ar an mbád ar an mbealach go Maracó.

Ansin d’fhéach mé tríd an bhfuinneog. Mo chéad radharc, na sléibhte glasa. Bhí ionadh orm.

Tháinig an bád isteach ag Ceuta (ó Septa, seachtú). Bhí sé ar nós na cathracha sa Spáinn ach beagáinín níos boichte.  Dealbh mór Hercules ann le fáilte a chur romhainn. Siombal de chumhacht is dócha. Chuir sé i gcuimhne dom dealbh le leon lena chos ar an domhan a chonaic mé i bPálás an Rí i Madrid. Cuireann siombail mar sin as dom.

Le dul go Tétouan caithfidh tú dul thar an teorainn agus is ansin a thosaigh rudaí ag athrú i ndáiríre. Ag breathnú tríd an bhfuinneog ón mbus, feiceann tú daoine ag rith go neirbhíseach thar cnoc agus fir in éidí ag faire orthu. Chuir sé i gcuimhne dom na fógraí ar thaobh an bhóthir i San Diego de chlann ag teitheadh ag rith trasna an bhóthair nó ar nós daoine ag éalú ó chogadh. Ar an mbus dúradh linn nach raibh cead griangrafanna a thógáil san áit seo is go raibh orainn na pasanna a thabhairt don tiománaí. Chuir sé i gcuimhne dom an chéad uair a chuaigh mé trí aerfort Moscow blianta ó shin.

Ansin, bhíomar tríd is cheapfá go raibh tú i gConamara leis an bhféar glas, locháin, agus sléibhte os ár gcomhair amach. Sléibhte Rif. An Aifric? Ní mar a shíltear… Ach d’fhéach mé ar na daoine ag dul thart agus ba léir go raibh siad níos boichte ná na daoine i Ceuta.

Bhí sé ar nós dul siar sa stair go dtí an am ina dtagadh daoine isteach ón tuath le rudaí a dhíol san mbaile mór.

Boladh agus drochcuí ar phéint ar na ballaí a tharraing ar ais ansin mé ach bhí áiteachaí dheasa ann freisin.

Chaitheamar an chuid is mó den am sa Medina i dTétouan. Lena lánaí agus bia ar dhíol ar dhá thaobh iontu bhíomar caite siar go am dearmadtha ag an gcuid eile den domhan.

Bhí daoine ag faire orainn go hamhrasach is bhí mé buíoch go raibh beirt i gceannas orainn, seans mhaith go raibh taithí ar an mbeirt céanna in arm éigin. Fir mór. Bhí sé an-deacair caint le muintir na háite. Mór an trua é sin.

Dathanna le tithe a phéinteáil ar díol, sna lánaí.

Is mar a tharlaíonn go minic i dtíortha mar seo ar thuras mar seo bhí orainn éisteacht le fir a bhí ag iarraidh rudaí a dhíol dúinn. Is níl rogha faoi i ndáiríre. Is labhraíonn siad go láidir is chuir siad eagla orm an chaoi inar labhair siad is sa chaoi nór thug siad meas do na mná ann. Cumhacht. An iomarca de ag na fir. Bhí sé soiléir. Bheinn sásta rudaí a cheannach is daoine cairdiúil ach an stíl atá acu ansin, chuir sé as go mór dom.

 

Bhí áit amháin eile mar sin ina raibh orainn fanacht le éisteacht le fir ag iarraidh rugaí Berber a dhíol dúinn is chuir sé as go mór dom arís. Go minic déanann mná agus daoine óga an obair orthu ach is iad na fir a fhaigheann airgead orthu. Tá ort margadh a dhéanamh. Brón orm ach ní mar sin atáim. Is féidir liom argóint a dhéanamh faoi cúrsaí poilitíocha go rialta i SAM ag iarraidh rudaí a fheabhsú ach nuair atáim ag siopadóireacht, tabhair dom an praghas féireáilte agus bíodh an praghas sin ann do gach duine.

Ní raibh an bua ag cearta daonna an lá sin is níor thug an grúpa é sin faoi deara. Tháinig fear chugham, b’fhéidir le trua mar chonaic sé nach ribh mé sásta, le praghas íseal ar bhrat dom, D’fhéach mé air is d’fhreagair go brónach gur thuill sé praghas níos airde ná sin leis an obair go léir a chuir siad isteach air. Social justice got a beating that day and they hadn’t even realized it.

Ag siúl trí reilg.

Agus b’shin é. As sin fáth mo bhuartha. Tá líne tarraingte ag fir i seomra éigin tar éis cogadh éigin a deireann gur le dream amháin an talamh seo agus dream eile an taobh eile. Líne a deireann go mbeidh taobh amháin níos boichte agus taobh eile níos saibhre.

Is An Spáinn ag tabhairt amach go géar faoi chúrsaí eacnamaíochta (agus an cert ar fad acu) níl comparáid ar bith eatarthu is an áit seo. I bPálás an Rí i Madrid tá an iomarca ann de shaibhreas, cumhacht, is rud ar bith ann álainn i ndáiríre. Nuair a thuigeann tú cé as a thagann an ór sna séipéil sa Spáinn agus cé mhéad daoine a bhfuair bás go bhfaighfeadh siad ór,  níl sé álainn níos mó. Coilíniú, impiriúlachas, sclábhaíocht, a ghoid ór ó na dúchasaigh thar lear. Tá bochtanas sa Spáinn ach ní sé chomh soiléir is atá sé i Maracó. An saint ar aghaidheanna inár ngrúpa is daoine sásta i bhfad níos lú a íoc ar rud anseo ná mar a d’íocfaidís air sa Spáinn. Línte.

Deifir abhaile

Roimh slán a fhágáil ag an Aifric, chuaigh an bus suas ar chnoc os cionn Ceuta le radharc deas a fháil. Chonaic mé  séadchomhartha stairiúil ar thaobh an chnoic in ómós do Francisco Franco le siombal an Falange air. Bhuel, ar mé os ard ach mo chloigeann ag rá Go sábhála mac Dé sinn! An oiread sin ansmachta is goid ó dhaoine is daoine sa Spáinn fós ag caint faoi ghlóir is cumhacht le cion! 

Bhí cúpla litir foghlaimtha agam roimh imeacht ón dtír ach ní dóthain le fógraí a léamh.

Al maghrib baladun jameel!   المغرب بلد جميل! Is tír álainn í Maracó!

Fíor faoi gach tír agus faoi na daoine iontu ach a ndeachrachtaí féin ag gach tír chomh maith. D’fhág mé Maracó is d’fhill mé ag An Spáinn le iontaisí eile a fheiceáil is le ciall a dhéanamh de na ceachtanna seo i mo chloigeann. Fós ní fheicim go soiléir céard a bhí ann.

Bhí an bhean i gceannas ar an grúpa ag ceapadh go mba chóir don Spáinn aithris a dhéanamh ar SAM mar tá SAM saibhir agus gan saibhreas cén dóchas atá ag daoine? Faoin am seo bhí róthuirseach le freagra a thabhairt. D’fhéadfainn an fhírinne a insint di ach níl sí ag iarraidh an líne sin a fheiceáil.

Tá áthas orm go ndeachaigh mé go Maracó. Níl an cheacht thart. Cabhraíonn na rudaí a scríobhaim anseo le ciall a fháil ó na taithí a bhíonn agam. Maith agaibh as an aistear a roinnt liom.

Na Samurai sa Spáinn

Coilíneacht Samurai sa Spáinn

Tuairim is ceithre chéad bliain ó shin chuaigh Samurai thar farraige ón tSeapáin go dtí an Spáinn ar thuras taidhleoireachta. Bhí sos nó dhó acu ar an mbealach i Meicsiceo.

Is sa Spáinn a d’fhan cuid de na Samurai is phós siad mná na háite. Mar sin san lá atá inniu ann, gar go Sevilla sa bhaile beag Coria del Río, fós tá daoine ón gclann Samurai sin.  Tá b’fhéidir seacht gcéad daoine i Coria del Río a bhfuil gaol acu leis na Samurai a sheol suas an abhainn Guadalquivil ó Sendai sa bhliain 1613. Is féidir iad a aithint óna sloinne: Japón nó Japón-Japón ag cuid acu (ón athair is ón máthair).

Coria del Río

I  gceannas ar a stair tá Manuel Virginio Carjaval Japón. Tá siopa rothar aige is sa siopa sin tá píosa páipéir aige ó Hasekura Rokuemon Tsunenaga (支倉六右衛門常長) a shinsear ón seachtú aois déag. Sa seomra ar chúl an siopa tá go leor leabhair aige óna shinsear a tháinig anseo san ré sin fadó.

Tosnaíonn an scéal leis an samurai seo Hasekura Tsunenaga.  Bhí cónaí air i Sendai sa cheantar ar a tugtar Miyagi / Fukushima / Iwate anois. Sin an áit a d’fhulaing is mó ón gcrith talúin, tsunami uafásach, is tubaiste núicléach an bhliain seo caite más cuimhin libh an nuacht. Ach ar ais ag an scéal.  B’eisean an chéad  toscaire oifigiúil a sheol an tSeapáin go dtí Meiriceá Thuaidh mar bhí air dul trí Meicsiceo le teacht go dtí an Spáinn. Is ní raibh sé ina aonar. Le 180 Seapánaigh eile d’fhág sé caladh Tsukinoura i Ishinomaki (Miyagi) ar bord galleon a thóg na Seapánaigh sa stíl a bhí ag na Spáinnigh. B’é an Daimyo Date Masamune a thug an t-ordú dóibh dul thar sáile.

Daimyo Date Masamune

Bhí bráthair críostaí ar bord dárbh ainm Luis Sotelo a d’oibrigh mar aistritheoir dóibh. Bhí sé ag iarraidh bheith ina ardeaspag ar oirthear na tíre lá éigin. Mar sin bhí sé ag iarraidh iad a thabhairt leo go dtí an Vatacáin freisin. Bhaistigh seisean an long an ‘San Juan Bautista’ agus thug siad aghaidh ar an fharraige mór go dtí gur tháinig siad go caladh gar go Acapulco. Thaisteal siad go cathair Meicsiceo is go Vera Cruz is lean siad orthu ar an turas.

San Juan Bautista

Ach d’fhan cuid mhaith acu sa phríomhcathair i Meicsiceo. Ní raibh anois acu ach tríocha. Faoi dheireadh shroich siad béal na habhainn an Guadalquivil sa Spáinn i 1614 ag Sanlucar de Barrameda. D’fhan siad ann seal i dteach mór ansin. Tar éis an sos beag sin lean siad orthu go Coria de Río an áit do na custaim san am sin sula ndeachaigh siad go Sevilla. Cuireadh fáilte mór rompu is thaisteal siad ar fud na tíre ina éadaí traidisiúnta. Chuaigh siad go Córdoba, Toledo agus Madrid, áit inar bhuail siad leis an rí Felipe III ach níor éirigh leo beart a dhéanamh maidir le trádáil.

An Rí Felipe III (Velázquez)

Lean siad orthu go Zaragoza, Barcelona agus an Fhrainc. D’éirigh leis an mbráthair Sotelo dul leo go dtí an Vatacáin i 1615 is bhí cómhrá acu leis an bpápa ach níor éirigh leis an post a bhi uaidh a fháil ach oiread. Bronnadh an tideal saoránah onórach ar Hasekura agus b’shin é. Ach, dáiríre bhí an t-ádh leis mar sa bhliain céanna chuaigh Galileo ag caint leis an bpápa agus bhronn siad tideal difriúil air.

An pápa Pól V (Rubens)

Chuaigh siad ar ais go Sevilla is tugadh ainmneacha nua is creideamh nua dóibh. Baisteadh Hasekura mar Felipe Francisco de Faxicura in áit Hasekura Tsunagara.  D’fhan na samurai go léir i mainistir gar go Sevilla go dtí gur shocraigh cuid acu (Hasekura, Sotelo is roinnt eile) filleadh abhaile. Shroich siad an tSeapáin arís i 1620. Ach, mo léan, ag an am sin bhí an cumhacht ag an gClann Tokugawa is bhí siad an marú na Críostaithe. Theith Hasekura go dtí na sléibhte ach dhóigh siad an bráthair Sotelo ar nós Jeanne d’Arc. Le fada an lá ní raibh a fhios ag éinne céard a tharla do Hasekura.

Hasekura ag guí

D’fhan seisear Samurai sa Spáinn agus bhí an t-ádh leo.  Phós siad mná na háite is cuireadh an focal Japón (de Japón) lena sloinne is tá sé fós ag neart daoine ansin. Bhí na Samuai sásta ach de réir a chéile rinne daoine dearmad ar a stair. Cheap daoine gur mar gheall ar iascairí a tháinig ón tSeapáin fadó a bhí an sloinne Japón sa bhaile beag. Tháinig athrú ar an scéal nuair a bhí cathair Sendai ag ceiliúradh céad bliain i 1989 is chuaigh méara Sevilla ann. Is nuair a bhí sé ann luaigh sé go raibh daoine leis na sloinne Japón i mbaile sa Spáinn. Thosaigh siad ag caint is faoi dheireadh thuig siad an stair. Anois tá gaol láidir idir Coria del Río is Sendai.

Is sin scéal na Samurai sa Spáinn.

Sábháil ár dTeanga – An Liosta

Bansky gaeilgeLabhair í.

Tá obair le déanamh againn. Tá ár dteanga i mbaol ach tá seans iontach againn anois agus ní chóir dúinn bheith leisciúil. Bhí Seo Linn agus daltaí ó Choláiste Lurgan ar an Late Late agus mhothaigh an tír rud nár mhothaigh go leor daoine le fada: bród. Lurgan ag dul ó neart go neart mar tuigeann siad gur féidir le Gaeilge bheith taitneamhach. Mar tá sí álainn. Ní píonós í. Is bronntanas í. Is linne í. Tá suim ag daoine sa teanga mar feiceann siad gasúir óga ag baint taitneamh as, buíochas le Coláiste Lurgan anois. Ach caillfidh siad go tapaidh é muna dtugaimid cúnamh dóibh.

conas teanga a fhoghlaim

‘Gaeligh Tú Féin’

Seo an liosta:

1. Éist le ceol

ipod

Tosaigh le ceol. Sin an rud a spreag an tsuim. Feicim daoine ag scríobh ar YouTube: cuir ar iTunes é. Ní thuigeann siad go bhfuil sé le fáil dóibh saor in aisce mar ní thuigeann siad conas é a chur ina leabharlann iTunes. Múin dóibh le ceacht amháin sa scoil agus cúnamh ins na leabharlainn poiblí conas na hamhráin a íoslódáil ceol ó TgLurgan agus ceol ceannaithe ó iTunes . Má tá airgead agaibh, ceannaigí ipods (na cinn beaga thuas) agus cuir na hamhráin as Gaeilge iontu. Ná measc suas le amhráin as Béarla iad. Tum isteach sa Ghaeilge. Bíodh daoine ag déanamh obair an tí, ag jogáil, ag obair sa gháirdín, i ngach áit ag éisteacht le amhráin as Gaeilge. Tá níos mó ná 100 amhráin (nua-aimseartha) le fáil.

2. Éist le caint

Ansin, téigh go Podchraoltaí ó Raidió na Gaeltachta. Cuir ar iPod eile nó seinnteoir eile iad agus cuir ar siúl é nuair a shiúlann tú isteach sa teach. Dóibh siúd ina gcónaí in Éirinn, tá an t-ádh libh. Bíodh raidio amháin ar Raidio na Gaeltachta 93-95 MHz i gcónaí agaibh sa chistin.

Bíodh Gaeilge le cloisteáil i ngach áit le beannachtaí ó gach duine. Níl sé deacair! Tá gach duine ó gach tír in ann ‘Fáilte go… ‘ agus ‘Slán agus beannacht’ a fhoghlaim. Bíodh suaitheantas ‘Labhair Gaeilge Liom‘ nó a leithéid ar na daoine le Gaeilge líofa sna siopaí.

Más TD thú bíodh Gaeilge agat agus á úsáid roimh deireadh ‘Bliain na Gaeilge’ nó tabhair post do dhuine le  aistriúcháin a dhéanamh duit agus le do ráiteaisí sa Dáil a léamh amach duit. Bíodh Gaeilge mar riachtanas beartaithe i mbliana agus curtha i bhfeidhm i 2016! Déan rud fíor-thábhachatch don teanga!

3. Féach ar an teilifís (nó ar do ríomhaire)

TG4 thar barr. Dáiríre. Tá sé do-chreidthe! Tá clárachaí níos fearr acu ná ag na leads móra i Meiriceá. Tá sé le fáil dúinn arlíne agus daoibhse in Éirinn ar an teilifís. Déan am duit féin gach lá: uair a chloig ag féachaint ar chlár nó scannán as Gaeilge.

Bíodh na fógraí ar RTÉ as Gaeilge! Bíodh i bhfad níos mó (50%) Gaeilge ar RTÉ. Bíodh sé dá-theangach más mian leis ach ná tabhair níos mó ama don Bhéarla ná don Ghaeilge.

Bíodh ár nearraí le fáil as Gaeilge. Féir plé do Tayto. Anois, cá  bhfuil gach duine eile? Déan anois é i mBliain na Gaeilge. Níl mórán ama againn agus go leor le déanamh.

Tayto Gaeilge

4. Léigh

Tá go leor, leor leabhair maithe amuigh ansin anois. Bíodh siad ar na seilfeanna i ngach Siopa Leabhar. Cén fáth an gcaithfidh daoine a mhíniú do dhaoine i Siopa Leabhar in Éirinn go bhfuil litríocht.com ann mar níor chuala siadsan faoi?! Tá sé scannalach. Ba chóir go mbeadh níos mó leabhair inár dteanga féin ná mar atá i dteangachaí eile ar na seilfeanna ach tuigim go bhfuil bóthar fada romhainn fós ansin. Ach bíodh balla amháin againn ar a laghad i ngach siopa. Bíodh gach leabhar atá foilsithe as Gaeilge le fáil do gach scoil is gach leabharlann is gach ospidéal / teach na seandaoine… sa tír. Déan é. Dáiríre. Cé mhéid leabhar a léigh tú i do shaol as Béarla? Cé mhéid as Gaeilge? Oops. Tá leabhair maithe amuigh ansin anois. Agus níl siad cosúil le Peig. Bíodh Café Gaelach i ngach baile mór cosúil leis an Siopa Leabhar atá ag Conradh na Gaeilge ach le spás sa lár don café. Lig do na custaiméirí leabhar a léamh agus iad ag ól caife agus an leabhar a chuir ar ais roimh dul amach ar nós stíl Barnes & Noble sna Stáit Aontaithe. Oibríonn sé. Ceannóidh siad leabhair nuair a chuireann siad suim iontu.

Aiséirí2

Bíodh Gaeilge ar na comharthaí go léir i ngach áit. Ná cuir suas le comhartha i mBéarla amháin. Cabhraigí le daoine, leis an dlí, le treoir dóibh. Más féidir, tabhair an leagan ceart dóibh leis an rud a cheartú. Tabhair airgead dóibh leis an jab a dhéanamh má tá sé agat.

Caithfear na logainmneacha a cheartú. Is linne ár dteanga. Ná bíodh na leaganacha seafóideacha de Anglicization (praiseach – ag scríobh fuaimeanna mícheart) againn níos mó. Dár gcuairteoirí féadfaidh muid fuaimeanna agus míniú a scríobh. An stíl nua:

_____________________

Fáilte go dtí

An Muileann gCearr

On Mwilin Gyar

The Strange Mill

Labhair Gaeilge linn

________________________

5. Bí ag caint.

Bíodh ciorcal cainte ar siúl i ngach pobal, i ngach baile, i ngach contae, i ngach Cúige. Ag tarlú de réir a chéile agus cuireann sé ardáthas orm. Moladh go deo leis na Cnocadóirí, gach ciorcal comhrá ar fud na tíre, na siúlóidí stairiúil sa Rinn srl. Is laochra sibh. Scaip é ar fud na tíre mar tá an freagra agaibh. Seo an chaoi Gaeilge a chur ar na sráideanna go mbeidh sí in úsáid go nádúrtha mar theanga laethúil.

Tóg ar ais an Cúigiú Cúige atá caillte. Níl ciall leis an bhfocal gan é. Bíodh Uisneach ceannaithe ag an rialtas don tír is ionad ag an mbun is áiseanna iontacha le fáil do dhaoine ann le foghlaim faoinár noidhreacht. Nach féidir Grouse Lodge a úsáid agus daoine ag cur ceol as Gaeilge amach dúinn. Fógra gan Gaeilge d’áit mar seo?!

Uisneach

Leis na pobail (ciorcail comhrá) go léir bíodh sé cosúil leis na Comunity Games nó Tidy Towns fadó. Bíodh comórtaisí againn agus Raidió áitiúil as Gaeilge le fáil. Bhuel, ó scíobh mé é seo feicim go bhfuil stáisiúin nua ann sa tír. Maith sibh! Bíodh áiseanna le fáil le rudaí a dhéanamh as Gaeilge i ngach baile. Sa Mhuileann gCearr tá Áras an Mhuilinn acu ach freisin d’fhéadfaidís an halla atá ag titim as a chéile in aice leis an Eaglais Protastúnach a ghlanadh suas is céilithe a bheith ann. D’fhéadfaí ranaganna rince ar an sean-nós agus amhráin ar an sean-nós agus rincí seit agus rincí céilí agus ceol traidisiúnta agus ranganna dóibh siúd atá ag iarraidh uirlisí a fhoghlaim a bheith ann agus ranganna sa Ghaeilge freisin. Bíodh cúrsaí Gaeilge (taitneamheacha le imeachtaí spéisiúla) sna bailte móra. Ná caith daoine amach go háiteachaí eile i gcónaí. Sampla amháin i mbaile amháin.  Is Gaeltacht í an tír go léir má labhraíonn muid ár dteanga féin. Meitheal Mór atá ag teastáil. Caithfidh go bhfuil áit mar sin i ngach baile. Tá obair le déanamh againn.

Ach tá cúnamh againn. Tá Micheal D ar son na Gaeilge. Tá Máire Mhic Ghiolla Íosa ar son na Gaeilge. Tá ceoltóirí mór le rá is aisteoirí mór le rá ar son na Gaeilge: úsáid iad!

Dom féin, tá mé ag súil le bheith ag caint leis na hollscoileanna anseo. Ba chóir go mbeadh Gaeilge le fáil in ollscoileanna SAM i gCathair na nAingeal. Freisin tá ‘Deireadh Seachtaine Gaeltachta’ ag teastáil uainn i gCathair na nAingeal arís. Go leor le déanamh! Nuacht faoi sin, fós ag fanacht ar na hollscoileanna ach níos mó ranganna againn anois sa Ghaeilge agus an Deireadh Seachtaine ag dul ar aghaidh chuile bhlian. Craobh de Chonradh na Gaeilge againn anseo freisin agus grúpaí ag scaipeadh Gaeilge ar fud na cathrach.

Is é an rud a mhilleann ár bpleananna ná an caitheamh anuas a chloistear ó dhaoine a ghlaíonn ‘Fanatics’ orainn. Scríobh An Tuaireascóir faoi le déanaí. Ná cuir suas leis sin. Is nimh é. Cosúil le bulaíocht, tá orainn labhairt amach ar an bpointe nuair a chloisimid rud mar sin. Caithfidh muid a rá go bhfuil sé mícheart agus gur mhúin daoine a bhí ag iarraidh fáil réidh linn an ceacht sin dúinn. Tá muid níos fearr ná sin. Bíonn faitíos orthu siúd a deireann rudaí mar sin scaití nach mbeidh siad in ann coinneáil suas linn leis an nGaeilge agus mar sin is gá a rá freisin go mbeidh go leor cúnamh le fáil. Tarraing isteach sa chlub iad.

Saol nua

Caithfidh daoine aire a thabhairt dóibh féin agus iad ag dul ar gach chineál diet agus ag iarraidh bheith fiteáilte agus caithfidh siad a ndroch-nósanna a athrú. Agus déanann siad é. An rud céanna leis an tír. Caithfidh muid ár nósanna a athrú. Feicfimid go bhfuil sé i bhfad níos éasca ná mar a cheapamar Gaeilge a labhairt agus  go bhfuil sé an-taitneamhach. Ach CAITHFEAR tosnú anois.

Dhúisigh mé ar maidin le líne ó Pompeii (Leagan Lurgan de) i mo chloigeann ach bhí na focail athraithe.

♫ Tiocfaidh Gaeilge ar ais de réir a chéile ♫ a chuala mé arís agus arís eile agus is fíor é gur féidir é a dhéanamh. Ach ná caill an tseans! Déan anois é. Déan do liosta féin.

Bíodh spraoi againn. Sin a mhúin Lurgan dúinn. Bíodh níos mó féilte againn le ceol agus craic: Samhain, Hogmanny, Imbolg, Bealtaine, Mabon, Lúnasa … .

Anois, déan do liosta agus ar aghaidh leat!

Moladh go deo leis na daoine atá ag obair ar son na cúise le fada le croíthe maithe, lán le fuinneamh. Déanann sibh an-difríocht go deo sa domhan seo.

Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Daltaí na Gaeilge, srl is gach duine a deireann Conas atá tú? nó beannacht ar bith as Gaeilge le cairde is stráinséirí. Grá mo chroí sibh! Ar aghaidh linn!

Fuath Ban sa tír is sa teanga

Fuath Ban sa tír is sa teanga

Ar Twitter bhí ag caint faoi ‘An Iomarca Reiligiúin sa Ghaeilge’ http://alturl.com/w5efh rud nach bhfeiceann gach duine. Mhol údar an ailt sin, Eoin O Murchú gur ‘ linne an teanga seo, ná bíodh leisce orainn í a mhúnlú dúinn féin agus dár saol…’ Ceart go leor mar sin. Tá ár dteanga lán le gnéasachas, reiligiúin, agus fuath ban agus tá athrú ag teastáil go géar uainn. Tá sé sa litríocht is sa chaint a chruthaíonn aicme íochtaránach do mná is go dtí go mbeidh scaradh idir Stát is Eaglais leanfaidh sé ar aghaidh mar sin.

Léigh mé alt http://alturl.com/tjser inniu faoi scéal Xanth agus an fuath ban ann. Tháinig mise freisin ar leabhar a cheannaigh mé fadó. Cairde Liom a bhí air, é foilsithe ag Gael Linn. Bhí dathanna deasa ar na leathanaigh, rann beag ag bun gach leathanach agus spás do shíniúcháin is teachtaireacht beag os a chionn. D’fhéach mé air le cion. Thosaigh mé ag léamh na rannta ag súil le grá iontu:

Bíodh sí tinn, bíodh sí corrach,

Bíodh sí gan chodladh choíche,

Bíodh sí ciamhair cumhach,

Bíodh sí dubhach gach oíche.

 

Hmm. Aisteach. An chéad leathanach eile go bhfeicfidh mé.

 

Más ionúin leat na Bráithre

Bí leo go sásta socair;

Tabhair dóibh gach ní a iarann siad,

Is ná hiarr aon ní orthu.

 

Bhuel.. ní raibh mé ag súil leis sin ach oiread. Leathanach eile b’fhéidir.

 

Ní mheallfaidh tú mise, a bhean,

Mar a mheall tú fear gan chéill.

Ar do scéimhse cé chuaigh clú,

Is eol domsa cé tú féin.

 

Is ceann amháin eile ar fhaitíos go bhfuil dul amú orm.

 

Dar Duinnín is dar Donn,

Is bunoscionn liom atá mo bhean;

Dá ndéarfainn gur dubh é an fiach,

Do bhéarfadh sí Dian ach ea ach geal!

 

Agus araile.

Ach fan. Nuair a cheannaigh mé é fadó cheap mé go raibh sé gleoite. Is í mo stór, bean nach luífeadh liom ar ór… Cé a scríobh iad? Bhí rud amháin soiléir. Fear a scríobh gach ceann acu. Ná pós bean mar gheall ar eallach… a bhí ar leathanach amháin. Ní raibh aon chomhairle ag rá Ná pós fear… in aon áit. D’aithin mé fuath ban i go leor acu. Tagann tuiscint le súil siar.

Bhí sé sna leabhair ar scoil. Tá Mamaí sa chistin. Tá Daidí ag obair. Sin a bhí insan leabhar a bhí mo mhac ag léamh agus é ag freastal ar Scoil Naithí. Bhí mé ar buile. Chuaigh mé le caint lena mhúinteoir faoi an lá dár gcionn. Fear ó Chonamara a bhí ann nár thuig céard a bhí ag cur isteach orm ná céard a bhí cearr leis an leabhar ar chor ar bith. Tada. Clú dá laghad. Ach nuair atá tú tar éis do chloigeann a bhuaileadh arís agus arís eile i gcoinne an tsíleáil gloine, tuigeann tú go maith an dochar atá i ngnéasachas agus i leabhair a mhúineann do ghasúir go bhfuil aicme íochtaránach ag mná sa saol. Níor thuig an Máistir é mar níor fhulaing sé é. An dtuigfidh sé le súil siar nuair a fheicfidh sé na deacrachtaí a bhéas ag a chailíní beaga féin nó an cuma leis?

I go leor tíortha níl cead fiú dul ar scoil ag mná (meon an Taliban, go n-éirí leat, Malala). Bhí cead agamsa dul ach fós fiú in Éirinn ní raibh cothrom na féine ann. Bhí ranganna san eolaíocht i scoil na mbuachaillí nach raibh ar fáil dúinne. Mar a dúirt an príomhoide an tSiúir Bernadette linn sa rang agus í ag fáil réidh leis an rang Mata Onóracha, “Is cailiní sibh agus cén mhaitheas an t-am sin a caitheamh ar rudaí deacra nuair a bheidh sibh ag obair mar mhúineoirí nó banaltraí agus ag tabhairt aire de bhúr bpáistí féin as seo amach?” Súil siar. Bhí torthaí níos fearr againne ná mar a bhí ag buachaillí san Ardteisiméireacht ach theip ar na cailíní sa scrudú béal ag iarraidh dul isteach sna Státseirbhísí. Níor labhraíomar cosúil leis na leads agus b’iad na fir a bhí ag cur ceisteanna orainn. Dúirt mo Dhaid agus mo dhearthair liom nach raibh mná uathu san bpáipéir nuachtán a bhí acu. Bhí an ceacht soiléir. Tá oraibhse na mná fanacht sa bhaile agus aire a thabhairt do na fir chéile. Aicme íochtaránach.

Is mé ag obair is iomaí uair a bhuail mé mo chloigeann i gcoinne an tsíleáil gloine. Is bhí orm cur suas le ana-chuid seafóid. Is mé ag múineadh Seapáinis i Meánscoil i dTamhlacht, ghlaoigh an príomhoide Séamus orm lá teacht isteach le caint leis.

Séamus: Tugaim faoi deara nach mbíonn smideadh ort.

Mise: (Ionadh orm) Tá sé sin fíor.

Séamus: (Tost míchompórdach) An bhfuil cúis leis sin?

Mise: Tá. Ní maith liom é.

Tost níos faide. Allas ar a éadan.

Mise: ‘Bhfuil tú ag rá liom go mba chóir dom? Má tá riail faoi le bheith ‘proifisiúnta’ tá mé sásta leis sin.

Séamus: (Buíoch) A, ana-mhaith ar fad.

Mise: Rud amháin. Caithfidh sé bheith ‘across the board’ an dtuigeann tú? ‘Sé sin le rá nuair a chuirfidh tú smideadh ort, a Shéamais, déanfaidh mise an rud céanna le bheith féireáilte an bhfuil ‘fhios agat.

Bhí orm deighleáil le amadáin mar sin go minic. Is cuimhin liom an fear sin ón IDA a bhris mo chroí uair ag iarraidh orm cén chaoi a bhféadfainn aire a thabhairt do na páistí in agallamh, ceist nár chuala m’fhear chéile riamh. Ní bhfuair mé an post sin. Bhí sé ag duine eile roimh an agallamh. Old Boys Network. An iad na cinn is measa a bhíonn i gceannas? Bhuail mé mo chloigeann in aghaidh an tsíleáil gloine chomh minic sin i mo shaol. Tuig é, a dúirt an tsíleáil sin liom, d’aicme íochtaránach. Níor chreid mé é. Caithfear é a bhriseadh.

Beidh an Eaglais (gnéasach) i gceannas in Éirinn fhad is atá oideachas agus sláinte aici. Caithfear Stát is Eaglais a scaradh óna chéile. Ní raibh feabhas do mná i ndiaidh dúnmharú Savita. Tá cumhacht ag an Eaglais sa tír is sa teanga. Bhí na heaspaig níos tábhachtaí ná na sagairt agus iad níos tábhachtaí ná na mná rialta. Chonaic tú. Thuig tú. Ní raibh sé ceadaithe labhairt amach, ceistiú, caint faoi rudaí a bhí tabú. Ní raibh foclóir agam le bheith ag caint faoi gnéas i mBéarla ná i nGaeilge. Bhí ‘fhios agam gur peaca a bhí ann. Aineolas in am an cás X, Annie Lovett, na Magdalenes agus feicim go leanann sé ar aghaidh is mná ag dul go Sasana fós. Do-chreidthe! Oideachas? Aineolas. Is iad na Bráithre Críostaithe a scríobh na leabhair a d’úsáideamar ar scoil. Tá daoine áirithe fós ag ceapadh gur naoimh a bhí iontu. Thuig go leor leor daoine sa tír ró-mhaith gur ainmhithe a bhí i gcuid mhaith acu i ndáiríre. Brú.

Rinne Ballykissangel tagairt don fhadhb do mhúinteoirí in Éirinn. Is fiú féachaint ar an deacracht atá ag Breandan ann. Muna dtéann sé ag an Aifreann tá a phost i mbaol. Má insíonn sé do na gasúir go bhfuil rogha acu mar a deireann an Bunreacht leo, tá a phost i mbaol. Féach ar 2:00 ar aghaidh http://www.youtube.com/watch?v=lM6b2o99yCM Ní haon ionadh a dúirt an bhean sin le Savita “This is a Catholic country.” Faisisteach a dhéarfainn féin. Ní fhaca mé easpag tanaí, ná sagart fionn, ná pálás bocht ná meas ar mhná ó shagart ar bith i mo pharóiste. Chonaic mé agus chuala mé saint, sotal is seafóid ar mhaithe leo féin. Is thángadar go mo theach is mé óg le féachaint go raibh pictiúr d’Íosa i ngach seomra agus rinne Mamaí cinnte go raibh mar thuig sí na rialacha. Faisisteach.

Cheap mé go mbeadh sé difriúil i SAM. Bhí mé mícheart. Tá greim ag an Eaglais anseo fresin.  ‘Cé mhéid feiminigh atá againn sa rang?’ a d’iarr an t-ollamh ón Ghailís orainn an chéad lá sa rang i gCalifornia. D’ardaigh mé mo lámh go bródúil ach bhí mé im’aonar san rang mór sin. Tionchar na hEaglaise sa chultúr Easpáinnic. Peaca é bheith id’ fheimineach. Sin a deireann an Eaglais leo. Mhínigh mé go raibh mé ar son cearta daonna agus ionanntas agus d’aontaigh siad leis sin. Mar sin féin bhí rud éigin gránna ag baint le feimineachas, cheap siad agus ní raibh siad in ann é a mhíniú dom. Nár thuig mé m’áit sa saol? Ní raibh sé ceart do mná bheith ag labhairt amach mar sin, dar leo. Bhí an-obair déanta ag an Eaglais. Fuath ban acu i ngan fhios dóibh féin. Nach iad a bhí breá géilliúil.

Tá fuath ban i ngach tír. Ach ní leithscéal d’aon tír é sin. Tá fir a cheapann gur rudaí iad mná curtha ar an saol le freastal ar a riachtanaisí. Seo a tharla le déanaí in ollscoil i SAM http://alturl.com/esqo6  Níl meas ag na fir seo ar mná agus cinnte ní fhéachann siad orainn mar dhaoine leis na cearta daonna céanna is atá acu féin. Ní aicme íochtaránach atá i gceist anseo mar ní fhéachann siad ar na mná mar dhaoine ar chor ar bith. Tá gráin ann chomh maith. Mar sin is cuma leo má ghortaíonn siad mná.

I mo chúrsa san ollscoil bhí ceist agam. Cá raibh na mná a scríobh leabhair fadó? Chuir sé isteach go mór orm go raibheamar ag léamh leabhair scríobhtha ag fir amháin. Gach uile leabhar ar an gcúrsa is bhí go leor le léamh againn! Níor scríobh mná ag an am sin a dúradh liom. Níor ligeadh cead do na mná freastal ar scoil ag an am sin. Tuigim cuid den scéal sin mar bhí taithí agam ar ghnéasachas ach fós bhí rud éigin mícheart.  Sa deireadh roghnaigh mé scríobh faoin údar Fernán Caballero. Ní raibh m’ollamh sásta nuair a bhí mé ag caint fúithi mar Cecilia Böhl de Faber. Cheartaigh sé mé: ‘Fernán Caballero.’ Tuigim go raibh uirthi dul faoi cheilt an uair sin. Ach nach bhfuil sí in ann fiú amháin inniu a bheith aithinte mar bhean? Nach bhfuil sé tuillte aici? Nár chóir dúinn fios a bheith againn gurbh í bean a scríobh na leabhair sin? Ní raibh m’ollamh compórdach leis. Fuair sé a oideachas in ollscoil Chaitliceach sa Spáinn.

In Éirinn tá an Eaglais fós i gceannas ar an tír. Tá cumhacht ag na sagairt agus na heaspaig  http://www.lifesitenews.com/news/irish-politician-who-voted-for-abortion-bill-removed-as-extraordinary-minis/ Tá daoine nach dtuigeann é sin mar ní raibh seans acu saoirse ón gcumhacht sin a bhlasadh. Dóibh súid a d’fhoghlaim faoi ghnéasachas agus fuath ban, aithníonn siad go bhfuil mná agus cailíní in aicme íochtaránach in oideachas, sna hospidéil, san rialtas http://jn1.tv/video/news/irish-politician-sorry-for-parliament-groping.html sa tír agus sa teanga. Níl meas ag an Eaglais ar mná is a gcearta daonna. Tá aicme íochtaránach acu san Eaglais agus faighimid oideachas ón Eaglais (a gcluiche, a rialacha, a bpaidreacha 7rl). Seans mhaith nach mbeidh bean ina pápa ná fiú ina sagart. Is dar leis an Eaglais ba chóir do na fir na rialacha a scríobh do na mná agus ní chóir go mbeadh rogha ag na mná. Maith dúinn é, Savita! Tá siad i gceannas le fada agus gach bean ag fulaingt mar gheall air, cuid acu i ngan fhios dóibh fein.

Is tá an ceart agat, Eoin. Tá an teanga lán le Muire agus Pádraig agus níl gá leo ná na paidreacha, ná an Chéad Comaoineach is Aifreann sa scoil is an Chéad Faoistin agus an tseafóid sin uilig. Más mian le daoine an reiligiúin sin a chleachtadh tá sé de cheart acu é sin a dhéanamh ach bíodh sé scartha ónár oideachas poiblí. Ar son ár gcearta daonna!

Ag múineadh le Gaeilge Gan Stró anseo i SAM, caithfidh mé a mhíniú do mo dhaltaí cén fáth an bhfuil DIa is Muire duit ann mar bheannacht, an chaoi ina raibh is a bhí greim ag an Eaglais ar oideachas na tíre, an chaoi nach bhfeiceann daoine iompúchán mar tá siad chomh cleachtaithe sin leis. Ach ná bac, a deirim leo. Abair Haigh nó Aon scéal? srl Ní raibh an rogha sin agam nuair a tháinig cigirí áirithe ag an scoil fadó.

Maidir leis na cearta sin, scar Stát & Eaglais ansin sa bhaile le bhur dtoil ar mhaihe na tíre. Cearta fós de dhíth.

Svuít Searbh

Níl Svuít sweet. Ní fhéachann sé Gaelach fiú. Sualainnis?

Cé mhéad a bhí ólta ag an té a chum an riail gur cheart focal as Gaeilge a litriú mar seo. Níl ciall ar bith leis.

An focal Fraincise suite atá i gceist. Ní aistríonn daoine i dteangachaí eile é agus ní thuigim cén fáth ar chóir é a aistriú ar chor ar bith. Fág suite mar suite agus sushi mar sushi agus ná glaoigh ar ‘An tUasal Tanaka’ mar ‘An tUasal I Lár An Goirt Ríse.’ Ach cheap duine éigin gur chóir é a aistriú agus anois sa teanga deirtear linn go bhfuil svuít (agus tvuít – Tweet) ann. Seafóid sa chéad áit é a aistriú. Tháinig ciall chun tosaigh ar Twitter le tweet agus tweetóir in úsáid ar an suíomh féin. Agus… cé as a tháinig an v sin?

Bhí daoine ag tabhairt amach faoi svuít agus an ceart acu. Ach fiú i measc na daoine a bhí ag tabhairt amach faoi, bhí duine ag cosaint an ‘riail’ a deireann gur chóir v a bheith ann!  Is cuma gur fuath leo an focal. Tá riail ann agus sin sin, dar leo. Íonaí. Sin a d’fhoghlaim siad agus sin a leanann siad. Ní bígí i bhur gcaoirne (sheeple) le bhur dtoil. Smaoinigh, meas, agus feabhsaigh cúrsaí nuair is féidir.

Ag iarraidh an scéal seo a thuiscint, chaith mé an oíche ar fad ag smaoineamh air. Tá ‘fhios agam! Ach chuir sé isteach go mór orm go raibh daoine ag déanamh dochar agus níor thuig siad (ceapaim) céard a bhí ar siúl acu. Tá gá le míniú a dúradh liom ar nós mé bheith os comhair na cúirte!  Cén peaca a bhí i gceist más ea? O, raight. Cheistigh mé an córas. Táim ciontach agus bródúil as. Agus tá an ceart agam é sin a dhéanamh fiú más ‘Béarlóir’ mé. An masla is measa de réir dealramh. Tosnóidh mé leis an riail a chosain siad.

Teangeaolaíocht

Meas

Tá meas agam ar dhaoine a chaitheann ana-chuid ama ag smaoineamh ar an mbealach is fearr focal a scríobh. Is iontach an rud é smaoineamh ar bhealach fuaim a scríobh ionaisc go dtuigfidh daoine é agus go mbeidh siad in ann léamh. Tá roinnt mhaith daoine nach bhfaigheann pinghin rua ar an obair a dhéanann siad. Tá grá acu don teanga agus tá ard-mheas agam ar sin.

Modh

San bhfocal teangeolaíochteolaíocht agus san eolaíocht sin tá mata agus loighic agus rialacha. Bhí ar dhaoine rialacha a chumadh. Nuair a fheiceann siad eisceachtaí, bíonn orthu smaoineamh arís le fadhb a réiteach. Sa Ghaeilge tá riail ann a deireann nach féidir le fada bheith in aice fada eile má thuigim i gceart an scéal. Sióg: ceart. Síóg: mícheart. Ní thuigim cén fáth dáiríre. Níor thaitin sé leo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tá síóga níos éasca domsa. Guta leathan. Ach sin mar atá an scéal is an riail mar a thuigimse anois é. Anois, tá mé lán-cinnte go mbeidh freagraí ar seo ag míniú dom an stair agus cé as a tháinig sé. Tá i bhfad níos mó suime agam ins an treo ina bhfuil an teanga ag dul mar tá cúrsaí go dona faoi láthair.

Masla

Cosúil le dlíthe sna cúirte, bhí riail tosaíochta ann nár chóir a bhriseadh, dar leis na daoine i gceannas ar seo. Is feicim go bhfuil an deacracht céanna leis an dlí sa saol mór is atá ag rialacha ár dteanga. Tá drogall ar dhaoine riail a athrú. In áit féachaint siar is a rá, ‘Bhuel dáiríre ní oibríonn sé go maith anois is caithfimid é a athrú’ faigheann siad bealach casta as. In ómós do na daoine a bhí ann rompu? Níor mhaith leo iad a mhaslú, b’fhéidir. Tá an meon aigne sin ag na Seapáinigh agus mar sin níl siad in ann a admháil go ndearna daoine sa stair rudaí uafásacha ins an Chóiré agus sa tSín. Níor mharaigh v éinne, ceapaim. Ach seans go mbeidh lámh aige i bhás na Gaeilge má fheiceann daoine nach bhfuilciall le rialacha. Mar sin caithfimid go léir a aithint nuair is gá rialacha a athrú.

Mearbhall

Nuair a chuireann na rialacha mearbhall ar dhaoine níl siad ag déanamh an jab ar chóir dóibh a dhéanamh. Is tá gá práinneach le bheith soiléir anois mar tá ár dteanga i mbaol. Ní féidir díriú ar na rialacha a chosaint amháin. Má chruthaíonn an réiteach fadhb níos measa do na foghlamieoirí, faigh réidh leis. Muna dtosnaíonn daoine leis an gceist “An mbeidh sé seo soiléir agus an dtuigfidh daoine go héasca é?” tá siad ar strae. Ba chóir go mbeadh na rialacha ann le cuidiú linne, na daoine atá ag foghlaim. Sin an todhcaí. Seans go bhfuil sé taitneamhach freagra a fháil ar fhadhb teicniciúil ach caithfear smaoineamh ar a éifeacht sa domhan mór. Bhí Einstein an-chliste agus in ann freagraí a thabhairt dóibh faoi chumhacht adamhach agus is mór an trua é gur thug sé freagraí dóibh. Riail #1: Ná déan damáiste.

Milleadh

Tá daoine ag déanamh an t-uafás damáiste don teanga. Scríobh Ciaran Dunbar fúthu cheana: http://ciarandunbar.blogspot.ie/2013/08/want-to-learn-irish-word-in-your-ear-if.html D’éirigh mé as Daltaí na Gaeilge mar gheall orthu fadó. Bhí siad chomh sotalach, maslach sin ar na Forums ann is iad ag goideadh meas is muinnín ó dhaoine.  Is minic a bhíodh mé ag caoineadh ag léamh na rudaí a scríobh siad ann fadó. Níor tharla sé sin dom riamh is mé ag foghlaim Spáinnis ná Seapáinis. Tá múinteoirí ag obair go dian agus tá na daoine mar seo ag milleadh an obair go léir a dhéanann siad. Ní raibh ann le cúnamh a thabhairt do dhaoine eile. Ceapaim go bhfuil feabhas ar Dhaltaí na Gaeilge anois, bld. Go n-éirí leo. Ciall agus cúnamh #1. Moladh don feabhas a tháinig orthu. An lámh in airde ar sheafóid.

Mallacht

Tá ár naimhde againn sa Tuaisceart leis na daoine nach gceadaíonn brat ná teanga bheith le feiceáil go poiblí agus sa Deisceart i measc na daoine nach bhfuil meas acu ar an teanga. Ach is iad na naimhde is measa na ‘purists.’ Is beannacht é nuair a thugann duine cúnamh duit agus is mallacht é nuair a deireann siad leat nach bhfuil tú sách maith is go mbeidh sé ró-dheacair duit. Ní féidir na daoine seo a shásamh agus baineann siad misneach ó dhaoine atá dáiríre faoin teanga a shábháil. Caithfear fáil réidh leis an ndiúltachas sin.  Ní ceart bheith ag caitheamh anuas ar mhúinteoirí (tabhair cúnamh dóibh) agus ná bíodh drochmheas ag daoine ar dhaltaí ar mhaith leo an teanga a fhoghlaim.

Míniú: Gaeilgeoir v Béarlóir agus araile.

Tá caint ar Gaeilgeoirí v Béarlóirí drochbhéasach agus sotalach agus déanann sé ana-chuid damáiste.

  1. Níl daoine sa tír a labhraíonn Gaeilge nach bhfuil Béarla acu. Is Béarlóirí iad freisin.
  2. Léigh é seo http://wordotter.wordpress.com/2013/09/15/irish-language-puritanism-or-why-browsing-language-forums-makes-me-want-to-strangle-people/  Ná lig do rud mar seo a tharlú arís.
  3. Féach ar Ghaeilgeoir ó San Francisco. Tá a Gaeltacht féin aici ann: http://www.youtube.com/watch?v=rVPZ9F-fyDQ agus http://www.youtube.com/watch?v=MNmrYlVBwZ0 Féir plé di!

Tá súil agam go dtuigfidh daoine mo ‘chás’ agus cás na Gaeilge anois.

Bígí lách lena chéile agus umhal. Ní neart go cur le chéile (le meas agus go deabhéasach).

a) Ví sé go deas caint liv

b) Bhí sé go deas caint libh. ?

Táimse le b) agus lán i gcoinne tvuít, svuít srl.