Cartlanna Clibe: Cearta daonna

Eolas Faoi Ghlas is Bás Aaron Swartz

  • Is linne an t-eolas

    – Aaron Swartz (1986 – 2013)

    Aaron

  • Chuir Aaron Swartz lámh ina bhás féin an tseachtain seo ar an 1/11/2013.  Bhí sé 26 bliana d’aois. Tá sé níos éasca dúinn an nuacht a fháil anois mar gheall ar an RSS a scríobh sé nuair a bhí sé ceithre bhliain déag d’aois.  Bhí sé i gceist aige eolas poiblí a chuir ar fáil do chuile dhuine agus d’éirigh leis. Go raibh maith agat, a Aaron. Bhí an nuacht is an t-eolas ag teastáil go géar uainn.
  • Fear cliste ab ea é a bhunaigh Demand Progress   is Reddit.com agus d’oibrigh sé ar Creative Commons Is anois tá sé marbh. Scanraigh an FBI é mar tá saoirse i gcoinne  luacha an rialtais (na comhlachtaí móra). Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile mharaigh saint, díothacht, agus faillí Aaron Shwartz.
  • Maraíonn saint daoine. Níl coinsias soisíalta ag saint. Cuireann sí brabús thar dhaoine agus faigheann daoine bás mar gheall ar sin. Bhí Aaron ar thaobh saoirse is an rialtas ar thaobh cos ar bholg is brabús. Chuir MIT i leith Aaron gur ghoid sé 4 mhilliún doiciméadaigh uathu agus ó Jstor. Ach níor ghoid sé aon rud. Scaoil sé saor é. Is iad na hollscoileanna atá ag goideadh eolas uainn.
  • Mharaigh saint saoirse Aaron is chuir sí bagairtí agus deacrachtaí ina bhealach. Is féidir cur suas le bagairt nó dhó ach bhí na comhlachtaí móra, oideachas príomháideach agus an córas dlí ina choinne ró-mhinic. Tháinig na comhlachtaí le chéile le bagairtí uafásacha is iad ag iarraidh a airgead a chosaint.  Le meon coilíneach cheap siad gurbh fhéidir leo gach rud saor a dhíol do dhaoine. Ní féidir le daoine bochta freastal ar ollscoileanna anseo anois. Ní féidir linne nach bhfuil san ollscoil téacsanna áirithe a léamh. Tá MIT agus JSTOR ciontach anseo.  Bhí Aaron ina fellow at the Center for Ethics at Harvard University rud a chuir ag gáire ós ard mé. An dtuigeann siad eitic ansin i Harvard? Thuig Aaron é. Agus bhí an dlí ag iarraidh é a chuir i bpriosún é mar gheall air. Bhí MIT agus Jstor ag iarraidh airgead a bhaint de:  $4 milliún mar chaill siad airgead dar leo ach ghoid siadsan an t-eolas sa chéad áit. Is linne é.
  • Maraíonn díothacht daoine. Bhí an dlí ag iarraidh Aaron a chur faoi ghlas mar ní raibh sé sásta eolas a bheith faoi ghlas. Tá sé cosúil le Bradley Manning sa chás seo. Buíochas le Dia nár fhulaing sé an céasadh a d’fhulaing Bradley ach ar bhealach d’fhulaing sé céasadh meabhrach uafásach freisin leis an FBI á leanúint is á bhagairt. Is féidir leis an rialtas anseo rudaí uafáasacha a dhéanamh mar a rinne siad le Bradley Manning agus bhí an t-eolas sin ag Aaron.  Thuig sé díothacht cearta.
  • San amhrán Casas de cartón tá líne ag insint go na daoine bochta go bhfuil scoileanna do mhadraí acu i dtíortha eile. Tá sé deacair é sin a mhíniú. Bhí páipéar nuachtán ag m’athair agus cheannaigh daoine é gach seachtain. Anois is féidir an nuacht a fháil saor in aisce agus b’fhearr liom domhan mar sin. Tugann sé seans do dhaoine gan airgead.  Thuig Aaron díothacht saoirse.
  • Bhí siad á bhagairt Aaron a chuir i bpriosún ar feadh 35/50 bliana. Cuireadh mo mhac féin i bpriosún ar feadh lá amháin agus ba bheag nár bhuail taom croí mé. Bhí sé i Minneapolis nuair a bhí an GOP ag socrú a chogadh agus é ar na sráideanna leis na mic léinn eile nuair a rinne na gardaí ‘mass arrest’ agus gabh siad 400 daoine Agus is féidir leo é a dhéanamh! An gá dom a scríobh nár tharla sé mar sin agus nach raibh bealach amach ag éinne mar bhí na gárdaí (saighdiúirí i ndáiríre) i ngach áit? Téann an rialtas thar fóir go minic. Thuig Aaron díothacht slándála. Tá faitíos ar dhaoine. Tuigeann daoine mar Aaron an méid a tharlaíonn i bpriosúin Is é géarleanúint in áit ionchúiseamh atá in úsáid ag an rialtas ach tá níos éascaí iad a meascadh suas i mBéarla (persecution agus prosecution).
  • Maraíonn faillí daoine. Cuireann meon scothroghnaigh glas ar eolas d’fhormhór an cine daonna atá ag iarraidh an domhan a thuiscint. Thuig Aaron faillí na daoine bochta, faillí cultúrtha, faillí scoláirí. Tá daoine cliste gan airgead sa domhan seo agus is féidir leo an domhan a fheabhsú má tá seans acu. Bhí mé i mBarnes & Noble (siopa leabhar)  le mo dhearthair cúpla bliain ó shin. Mhínigh mé nach raibh tada le déanamh agam nuair a tháinig mé go SAM sula raibh mo chárta glas agam. Chaith mé mo laethanta i leabharlann agus sa siopa leabhar sin. D’fhéach mé timpeall agus mhínigh mé gur féidir neart leabhar a léamh faoi ábhar ar bith ansin ach má tú ag iarraidh é a thuiscint i gceart caithfidh tú leabhar na hollscoile a fháil agus ní raibh siad ansin. Níor fhreastal mo dhearthair ar ollscoil agus chonaic mé díomá ina shúile. Ní fhéadfadh sé na leabhair a léigh mé a léamh. Níl siad le fáil dó. Is níl sé sin ceart ná coir.
  • Bhí an rialtas ag díol 18 milliún doiciméid poiblí don phobal nuair a scaoil Aaron iad saor in aisce is bhí an ceart aige é sin a dhéanamh ach bhí an FBI ar dheargbuile faoi. Ba chóir go mbeadh doiciméid Jstor le fáil saor in aisce do gach duine ach níl. Caithfidh siad é sin a athrú. Caithfidh siad a thuiscint go gciallaíonn Not For Profit nach féidir an t-eolas a dhíol.
  • Tá faillí cultúrtha ann fiú in Éirinn. Chuaigh mé ar thóir Scéalta Cois Chladaigh nuair a bhí mé sa bhaile. Chuaigh mé ó leabharlann go leabharlann is go ollscoileanna is faoi dheireadh fuair mé cóip sa Leabharlann Náisiúnta agus ní raibh an téip an obair i gceart. Ní raibh bealach éisteacht leis an téip sa Leabharlann Náisiúnta ach oiread. Bhí mo bhéal ar oscailt agam le suaitheadh cultúir faoin bhfaillí seo. ‘Ach seo ár n-oidhreacht’ a mhínigh mé don bhfear ann. ‘Is linne an teanga agus na háiseanna. Ní féidir rud mar seo a choinneáil ó na daoine.’ Bhí an fear cairdiúil ach ní raibh freagra aige. Faigheann na hollscoileanna airgead ón rialtas. Faigheann an rialtas an t-airgead uainne. Nuair a chaith an tOllamh Séamas O Catháin an t-am sin go léir ag bailiú scéalta ní raibh sé dhá dhéanamh ar a shon féin ach ar son na tire nó b’fhéidir nach dtuigeann daoine é sin. Nuair a roinnt John Henry a scéalta, rinne sé é sin dúinne is cá bhfuil siad? Ní bhfuair mé freagra ó UCD. Nuair a dhéanann tú dearmad is cuid den díothu thú. Tá gá le oideachas ach ní chóir don chóras oideachais doirse a dhúnadh.  Tá chuile dhuine fiosrach.
  • Is cuimhin liom scéal álainn a léigh mé ar scoil The Windows of Wonder le Bryan Mac Mahon. Tá orainn na fuinneoga a oscailt, na doirse a oscailt agus an seans céanna a thabhairt do chuile dhuine. Ná díol eolas. Níl ach praghas amháin air, suim. Má tá suim agat, ar aghaidh leat.  Níl taithí agam ar MIT ach tá ar Jstor. Nuair a bhí mé san ollscoil d’úsáid mé an áis ach ní féidir liom é a úsáid níos mó mar nílim san ollscoil anois. Is cuireann sé isteach orm. Léigh mé i Jstor faoi litríocht agus bhain mé taitneamh as tuaraimí údair eile. Ach tugtar le fios gur pribhléid í agus gur íoc an ollscoil as. Bhí praghas ar an eolas. Ní raibh mé ag iarraidh aon phribhléid. Níor cheap mé go raibh mé níos fearr ná éinne eile. Bhí oideachas uaim is eolas uaim agus níor smaoinaigh mé riamh ar eolas mar thráchtearra. An gcaithfidh páiste airgead a íoc le fáil amach cén fáth a bhfuil an spéir gorm? Nach bhfuil fonn ar an tuismitheoir an t-eolas sin a roinnt leis agus le duine ar bith eile a bhfuil suim aige ann?
  • Agus dóibh súid a déarfaidh go raibh rud éigin cearr le Aaron, go raibh sé faoi dhúlagar, tá an ceart agaibh. Ach bhí go leor ceart leis is bímid go léir faoi dhúlagar go mór, mór nuair nach bhfuil cothrom na féinne inár dtír is an rialtas ag iarraidh muid a chur i bpriosún.  Tuigeann an rialtas an bagairt. Níl fhios ag an tromlach céard atá ar siúl ag an rialtas is b’fhearr leis an rialtas é a choinneáil mar sin. Nuair a thagann do nuacht duit le airgead ó na baincéirí, níl nuacht agat. Níl fonn orm éisteacht le daoine mór le rá cosúil le Bush nó Condaleeza Rice. Caithfidh tú $$$ a íoc le éisteacht leo. Ach tá ard-áthas orm éisteacht le daoine cosúil le Aaron agus daoine ar indigenous tweets mar roinneann siad an t-eolas is tá sá nádurtha is níl aon clár oibre folaigh acu. Ní raibh aithne agam ar Aaron ach tá mé fíor bhrónach anseo mar rinne siad feall is tá duine iontach caillte againn.
Advertisements

Féin-Mharú: mar a Chaillimid na Dúchasaigh

Féin-Mharú an Treibh Guarani-Kaiowá Pleanáilte

Scéal ó 2012

San lá atá inniu ann tá na mílte ag iarraidh éalú ó áiteachaí ina bhfuil a gcearta caillte acu, ina bhfuil daoine ag iarraidh línte nua a tharraingt, ina bhfuil cogadh in ainm Dia amháin nó Dia eile mar dhea mar is cumhacht agus saint is cúis leis. Cén sórt domhan atá againn nach dtugann meas do dhaoine i gcruachás?

Ach ar ais go cearta agus na dúchasaigh ag fulaingt i bhfad ar fud an domhain. An scéal céanna ar bhealach. Chomh cráite sin go raibh siad réidh le fáil réidh leo féin!

Le díshealbhú, bagairt, agus ionsaí tá siad marbh le frustrachas

An Nuacht:

Tháinig an scéal eadochasach seo chugham i dtuít ó cheoltóir san mBrasaíl. D’oscail mé an nasc agus léigh mé an litir faoi na treibheanna Guarani-Kaiowá san mBrasaíl atá ag seasamh an fód don uair dheireanach. Níl acu ach dóchas go gcloisfidh breitheamh a gcás ón litir ach dáiríre ní chreideann siad sa chóras dlí agus anois b’fhearr leo bheith curtha lena muintear. N’fheadar an ndéanfaidh a namhaide fiú a leithéid dóibh.

An Litir (i leagan simplí) ón gcomhphobail de Guaráinis-Kaiowá Pyelito Kue / Mbarakay-Iguatemi:

Dírithe ag an Rialtas agus Cúirte na Brasaíle

‘Is sinne (50 fir, mná 50 agus 70 leanaí) an phobal Guaráinis-Kaiowá a thagann ó Tekoha Pyelito kue / Mbrakay . Scríobhamar an litir seo lenár staid stairiúil a mhíniú agus an beart a rinneamar a léiriú daoibh mar gheall ar an t-ordú uaibhse (Uimhir. 0000032-87.2012.4.03.6006) a bhfuaireamar ar an 29ú  lá de Meán Fomhair 2012. Fuaireamar amach go mbeidh ár bpobal ionsaithe, ráibthe, caite amach ó cheantar na habhainn, an áit ina bhfuilimid, mar gheall ar an t-ordú seo ón gcúirt náisiúnta Ashland.

Mar sin tá sé soiléir dúinn, leis an gníomh seo ón gCúirt náisiúnta, go bhfuil sibh ag cothú is ag méidiú an foréigean is ag diúltiú ár gcearta maireachtáil anseo in aice na habhainn Hovy agus freisin inár gceantar dúchasach Pyelito Kue / Mbarakay. Tuigimid go soiléir nach bhfuil i gcinneadh na cúirte seo ach cuid den chinedhíothú is sciosadh amach ár dtreibh atá i Mato Grosso do Sul…’

Leanann an litir ar aghaidh le rá nach bhfuil dóchas acu, nach gcreideann siad sa dlí agus gur fearr féin–mharú chuile dhuine beo acu ná fulaingt faoin dlí. Agus sin an rud atá beartaithe acu a dheanamh. Ar a laghad beidh siad ina ait fhéin agus impíonn siad bheith curtha lena muintear san áit sin.

Nasc: http://dialogospoliticos.wordpress.com/2012/10/20/indios-guarani-kaiowa-anunciam-suicidio-coletivo-no-mato-grosso-do-sul/

Geit:

Féin-mharú an treibh uilig? Tá sé an-deacair go deo é sin a thuiscint nuair atá meas ag daoine ar an saol.  Smaoinigh mé fhéin ar dul go an Iaráic mar chosain do na daoine ann nuair a thosaigh siad ag caint ar ‘Shock and Awe.’ Ní mharódh siad daoine ó Mheiriceá nó daoine mór le rá a bhí ag dul ann. Sin a cheap mé ag an am.  Bhí orm rud éigin a dhéanamh agus bhí sé chomh tabhachtach sin go raibh mé réidh (mar a deireann saighdiúirí go minic) an íobairt is mó a dhéanamh agus mé fhéin a chur i mbaol. Is bhí neart daoine eile ag dul ann mar chosain.

Tuigim an grá.Tuigim an frustrachas nuair nach féidir leat aon rud eile a dhéanamh. Ach ní oibríonn sé. D’fhéach mé ar an nuacht, d’éist mé le daoine, chuala mé daoine a’ rá ‘Nuke Iraq’ agus thuig mé faoi dheireadh nárbh íobair a bhí ag teastáil ach an fhírinne, labhartha go hard i ngach áit go mbainfí an cumhacht ó na diabhail gan náire, gan croíthe a mharaíonn daoine mar is cuma leo.

Mo Fhreagra:

Tá freagra agam do na Guarani-Kaiowá: ná déan é. Is cuma leo san rialtas faoin litir seo is faoi bhúr gcás. Ach má fhaigeann sibh bás beidh an bua acu. Leanfaidh siad ar aghaidh leis an dochar le grúpaí eile agus is cuma leo faoi na marbh. Tá siad bodhar is dall is ní thuigeann siad aon rud seachas a ngutha fhéin agus saibhreas $$$.

Cé go bhfuil an cás i bhfad níos measa daoibhse, chaill mé is mo chlann ár gcultúr nuair a thángamar go dtí na Stáit Aontaithe. Ach tá dóchas ann agus is féidir difríocht a dhéanamh anseo agus cúrsaí a fheabhsú. Anseo atáim ag scríobh faoi bhúr gcás i mo theanga fhéin arís. Creid nó ná creid, b’iad Meireacánaigh a thug an spreagadh dom mo chultúr a aithint arís lena suim sa Ghaeilge. Is féidir an troid a dhéanamh leis an dlí ó áiteachaí eile.

Ní neart go cur le chéile agus cé nach bhfeiceann sibhse ach an dream damanta ansin, tá níos mó daoine maithe sa domhan ná daoine gan croíthe. Ach ní labhraíonn siadsan os ard is caithfimid dul á gcuartú. Tuigeann go leor daoine bhúr gcás ach tá i bhfad níos mó daoine amuigh ansin nár chuala faoi go fóill. Seas an fód  (anseo nó ansiúd) mar a rinne bhúr muintear romhaibh. Éist leis na focail san amhrán seo agus creid iad: http://www.youtube.com/watch?v=8ebkce5ukn4

Aistear go Maracó

Cartas marruecos: litreacha ó Mharacó

Seo áit chasta ina fhágann tú caladh sa Spáinn le ainm Arabach (Algeciras), téann tú thar carraig Shasanach (Gibraltar: prasitriúchán ar ndóigh: Jabal Ṭāriq  جبل طارق , SliabhTariq), is tagann tú go ilchríoch na hAifrice i gcathair Spáinneach le ainm ón Róimh (Ceuta), is uaidh sin turas gearr agat go dtí an teorainn go Maracó is domhan iomlán difriúil.

Tá af iarraidh a dhéanamh amach cén fáth ar chuir an turas go Maracó isteach orm chomh mór sin. Thosaigh mé an aistear seo i mBarcelona, ar aghaidh go Valencia & Granada agus ag an nóiméad deireanach shocraíomar ar dhul trasna na farraige go Tétouan i Maracó.

Ní raibh tada mar a shíl mé. Bhí an bád i bhfad níos compóirdí ná mar a shamhlaigh mé. Ar bord bhuail mé le cúpla ó tSeapáin as cathair Hadano, áit ina raibh cónaí orm ar feadh ceithre bliain. Comhrá tipiciúil a bhíonns ag Éireannaigh thar lear. Tuigeann tú (Gaeilge, Seapáinis, cibé teanga…). Cé as thú? An raibh tú riamh i…? Bhí cónaí orm i…? Cén chuid de…? Ná habair é! Dáiríre?! An bhfuil fhios agat? Waaa! An bhfuil aithne agat ar…? Ní chreidim é. An cómhra sin as Seapáinnis ar an mbád ar an mbealach go Maracó.

Ansin d’fhéach mé tríd an bhfuinneog. Mo chéad radharc, na sléibhte glasa. Bhí ionadh orm.

Tháinig an bád isteach ag Ceuta (ó Septa, seachtú). Bhí sé ar nós na cathracha sa Spáinn ach beagáinín níos boichte.  Dealbh mór Hercules ann le fáilte a chur romhainn. Siombal de chumhacht is dócha. Chuir sé i gcuimhne dom dealbh le leon lena chos ar an domhan a chonaic mé i bPálás an Rí i Madrid. Cuireann siombail mar sin as dom.

Le dul go Tétouan caithfidh tú dul thar an teorainn agus is ansin a thosaigh rudaí ag athrú i ndáiríre. Ag breathnú tríd an bhfuinneog ón mbus, feiceann tú daoine ag rith go neirbhíseach thar cnoc agus fir in éidí ag faire orthu. Chuir sé i gcuimhne dom na fógraí ar thaobh an bhóthir i San Diego de chlann ag teitheadh ag rith trasna an bhóthair nó ar nós daoine ag éalú ó chogadh. Ar an mbus dúradh linn nach raibh cead griangrafanna a thógáil san áit seo is go raibh orainn na pasanna a thabhairt don tiománaí. Chuir sé i gcuimhne dom an chéad uair a chuaigh mé trí aerfort Moscow blianta ó shin.

Ansin, bhíomar tríd is cheapfá go raibh tú i gConamara leis an bhféar glas, locháin, agus sléibhte os ár gcomhair amach. Sléibhte Rif. An Aifric? Ní mar a shíltear… Ach d’fhéach mé ar na daoine ag dul thart agus ba léir go raibh siad níos boichte ná na daoine i Ceuta.

Bhí sé ar nós dul siar sa stair go dtí an am ina dtagadh daoine isteach ón tuath le rudaí a dhíol san mbaile mór.

Boladh agus drochcuí ar phéint ar na ballaí a tharraing ar ais ansin mé ach bhí áiteachaí dheasa ann freisin.

Chaitheamar an chuid is mó den am sa Medina i dTétouan. Lena lánaí agus bia ar dhíol ar dhá thaobh iontu bhíomar caite siar go am dearmadtha ag an gcuid eile den domhan.

Bhí daoine ag faire orainn go hamhrasach is bhí mé buíoch go raibh beirt i gceannas orainn, seans mhaith go raibh taithí ar an mbeirt céanna in arm éigin. Fir mór. Bhí sé an-deacair caint le muintir na háite. Mór an trua é sin.

Dathanna le tithe a phéinteáil ar díol, sna lánaí.

Is mar a tharlaíonn go minic i dtíortha mar seo ar thuras mar seo bhí orainn éisteacht le fir a bhí ag iarraidh rudaí a dhíol dúinn. Is níl rogha faoi i ndáiríre. Is labhraíonn siad go láidir is chuir siad eagla orm an chaoi inar labhair siad is sa chaoi nór thug siad meas do na mná ann. Cumhacht. An iomarca de ag na fir. Bhí sé soiléir. Bheinn sásta rudaí a cheannach is daoine cairdiúil ach an stíl atá acu ansin, chuir sé as go mór dom.

 

Bhí áit amháin eile mar sin ina raibh orainn fanacht le éisteacht le fir ag iarraidh rugaí Berber a dhíol dúinn is chuir sé as go mór dom arís. Go minic déanann mná agus daoine óga an obair orthu ach is iad na fir a fhaigheann airgead orthu. Tá ort margadh a dhéanamh. Brón orm ach ní mar sin atáim. Is féidir liom argóint a dhéanamh faoi cúrsaí poilitíocha go rialta i SAM ag iarraidh rudaí a fheabhsú ach nuair atáim ag siopadóireacht, tabhair dom an praghas féireáilte agus bíodh an praghas sin ann do gach duine.

Ní raibh an bua ag cearta daonna an lá sin is níor thug an grúpa é sin faoi deara. Tháinig fear chugham, b’fhéidir le trua mar chonaic sé nach ribh mé sásta, le praghas íseal ar bhrat dom, D’fhéach mé air is d’fhreagair go brónach gur thuill sé praghas níos airde ná sin leis an obair go léir a chuir siad isteach air. Social justice got a beating that day and they hadn’t even realized it.

Ag siúl trí reilg.

Agus b’shin é. As sin fáth mo bhuartha. Tá líne tarraingte ag fir i seomra éigin tar éis cogadh éigin a deireann gur le dream amháin an talamh seo agus dream eile an taobh eile. Líne a deireann go mbeidh taobh amháin níos boichte agus taobh eile níos saibhre.

Is An Spáinn ag tabhairt amach go géar faoi chúrsaí eacnamaíochta (agus an cert ar fad acu) níl comparáid ar bith eatarthu is an áit seo. I bPálás an Rí i Madrid tá an iomarca ann de shaibhreas, cumhacht, is rud ar bith ann álainn i ndáiríre. Nuair a thuigeann tú cé as a thagann an ór sna séipéil sa Spáinn agus cé mhéad daoine a bhfuair bás go bhfaighfeadh siad ór,  níl sé álainn níos mó. Coilíniú, impiriúlachas, sclábhaíocht, a ghoid ór ó na dúchasaigh thar lear. Tá bochtanas sa Spáinn ach ní sé chomh soiléir is atá sé i Maracó. An saint ar aghaidheanna inár ngrúpa is daoine sásta i bhfad níos lú a íoc ar rud anseo ná mar a d’íocfaidís air sa Spáinn. Línte.

Deifir abhaile

Roimh slán a fhágáil ag an Aifric, chuaigh an bus suas ar chnoc os cionn Ceuta le radharc deas a fháil. Chonaic mé  séadchomhartha stairiúil ar thaobh an chnoic in ómós do Francisco Franco le siombal an Falange air. Bhuel, ar mé os ard ach mo chloigeann ag rá Go sábhála mac Dé sinn! An oiread sin ansmachta is goid ó dhaoine is daoine sa Spáinn fós ag caint faoi ghlóir is cumhacht le cion! 

Bhí cúpla litir foghlaimtha agam roimh imeacht ón dtír ach ní dóthain le fógraí a léamh.

Al maghrib baladun jameel!   المغرب بلد جميل! Is tír álainn í Maracó!

Fíor faoi gach tír agus faoi na daoine iontu ach a ndeachrachtaí féin ag gach tír chomh maith. D’fhág mé Maracó is d’fhill mé ag An Spáinn le iontaisí eile a fheiceáil is le ciall a dhéanamh de na ceachtanna seo i mo chloigeann. Fós ní fheicim go soiléir céard a bhí ann.

Bhí an bhean i gceannas ar an grúpa ag ceapadh go mba chóir don Spáinn aithris a dhéanamh ar SAM mar tá SAM saibhir agus gan saibhreas cén dóchas atá ag daoine? Faoin am seo bhí róthuirseach le freagra a thabhairt. D’fhéadfainn an fhírinne a insint di ach níl sí ag iarraidh an líne sin a fheiceáil.

Tá áthas orm go ndeachaigh mé go Maracó. Níl an cheacht thart. Cabhraíonn na rudaí a scríobhaim anseo le ciall a fháil ó na taithí a bhíonn agam. Maith agaibh as an aistear a roinnt liom.

Fuath Ban sa tír is sa teanga

Fuath Ban sa tír is sa teanga

Ar Twitter bhí ag caint faoi ‘An Iomarca Reiligiúin sa Ghaeilge’ http://alturl.com/w5efh rud nach bhfeiceann gach duine. Mhol údar an ailt sin, Eoin O Murchú gur ‘ linne an teanga seo, ná bíodh leisce orainn í a mhúnlú dúinn féin agus dár saol…’ Ceart go leor mar sin. Tá ár dteanga lán le gnéasachas, reiligiúin, agus fuath ban agus tá athrú ag teastáil go géar uainn. Tá sé sa litríocht is sa chaint a chruthaíonn aicme íochtaránach do mná is go dtí go mbeidh scaradh idir Stát is Eaglais leanfaidh sé ar aghaidh mar sin.

Léigh mé alt http://alturl.com/tjser inniu faoi scéal Xanth agus an fuath ban ann. Tháinig mise freisin ar leabhar a cheannaigh mé fadó. Cairde Liom a bhí air, é foilsithe ag Gael Linn. Bhí dathanna deasa ar na leathanaigh, rann beag ag bun gach leathanach agus spás do shíniúcháin is teachtaireacht beag os a chionn. D’fhéach mé air le cion. Thosaigh mé ag léamh na rannta ag súil le grá iontu:

Bíodh sí tinn, bíodh sí corrach,

Bíodh sí gan chodladh choíche,

Bíodh sí ciamhair cumhach,

Bíodh sí dubhach gach oíche.

 

Hmm. Aisteach. An chéad leathanach eile go bhfeicfidh mé.

 

Más ionúin leat na Bráithre

Bí leo go sásta socair;

Tabhair dóibh gach ní a iarann siad,

Is ná hiarr aon ní orthu.

 

Bhuel.. ní raibh mé ag súil leis sin ach oiread. Leathanach eile b’fhéidir.

 

Ní mheallfaidh tú mise, a bhean,

Mar a mheall tú fear gan chéill.

Ar do scéimhse cé chuaigh clú,

Is eol domsa cé tú féin.

 

Is ceann amháin eile ar fhaitíos go bhfuil dul amú orm.

 

Dar Duinnín is dar Donn,

Is bunoscionn liom atá mo bhean;

Dá ndéarfainn gur dubh é an fiach,

Do bhéarfadh sí Dian ach ea ach geal!

 

Agus araile.

Ach fan. Nuair a cheannaigh mé é fadó cheap mé go raibh sé gleoite. Is í mo stór, bean nach luífeadh liom ar ór… Cé a scríobh iad? Bhí rud amháin soiléir. Fear a scríobh gach ceann acu. Ná pós bean mar gheall ar eallach… a bhí ar leathanach amháin. Ní raibh aon chomhairle ag rá Ná pós fear… in aon áit. D’aithin mé fuath ban i go leor acu. Tagann tuiscint le súil siar.

Bhí sé sna leabhair ar scoil. Tá Mamaí sa chistin. Tá Daidí ag obair. Sin a bhí insan leabhar a bhí mo mhac ag léamh agus é ag freastal ar Scoil Naithí. Bhí mé ar buile. Chuaigh mé le caint lena mhúinteoir faoi an lá dár gcionn. Fear ó Chonamara a bhí ann nár thuig céard a bhí ag cur isteach orm ná céard a bhí cearr leis an leabhar ar chor ar bith. Tada. Clú dá laghad. Ach nuair atá tú tar éis do chloigeann a bhuaileadh arís agus arís eile i gcoinne an tsíleáil gloine, tuigeann tú go maith an dochar atá i ngnéasachas agus i leabhair a mhúineann do ghasúir go bhfuil aicme íochtaránach ag mná sa saol. Níor thuig an Máistir é mar níor fhulaing sé é. An dtuigfidh sé le súil siar nuair a fheicfidh sé na deacrachtaí a bhéas ag a chailíní beaga féin nó an cuma leis?

I go leor tíortha níl cead fiú dul ar scoil ag mná (meon an Taliban, go n-éirí leat, Malala). Bhí cead agamsa dul ach fós fiú in Éirinn ní raibh cothrom na féine ann. Bhí ranganna san eolaíocht i scoil na mbuachaillí nach raibh ar fáil dúinne. Mar a dúirt an príomhoide an tSiúir Bernadette linn sa rang agus í ag fáil réidh leis an rang Mata Onóracha, “Is cailiní sibh agus cén mhaitheas an t-am sin a caitheamh ar rudaí deacra nuair a bheidh sibh ag obair mar mhúineoirí nó banaltraí agus ag tabhairt aire de bhúr bpáistí féin as seo amach?” Súil siar. Bhí torthaí níos fearr againne ná mar a bhí ag buachaillí san Ardteisiméireacht ach theip ar na cailíní sa scrudú béal ag iarraidh dul isteach sna Státseirbhísí. Níor labhraíomar cosúil leis na leads agus b’iad na fir a bhí ag cur ceisteanna orainn. Dúirt mo Dhaid agus mo dhearthair liom nach raibh mná uathu san bpáipéir nuachtán a bhí acu. Bhí an ceacht soiléir. Tá oraibhse na mná fanacht sa bhaile agus aire a thabhairt do na fir chéile. Aicme íochtaránach.

Is mé ag obair is iomaí uair a bhuail mé mo chloigeann i gcoinne an tsíleáil gloine. Is bhí orm cur suas le ana-chuid seafóid. Is mé ag múineadh Seapáinis i Meánscoil i dTamhlacht, ghlaoigh an príomhoide Séamus orm lá teacht isteach le caint leis.

Séamus: Tugaim faoi deara nach mbíonn smideadh ort.

Mise: (Ionadh orm) Tá sé sin fíor.

Séamus: (Tost míchompórdach) An bhfuil cúis leis sin?

Mise: Tá. Ní maith liom é.

Tost níos faide. Allas ar a éadan.

Mise: ‘Bhfuil tú ag rá liom go mba chóir dom? Má tá riail faoi le bheith ‘proifisiúnta’ tá mé sásta leis sin.

Séamus: (Buíoch) A, ana-mhaith ar fad.

Mise: Rud amháin. Caithfidh sé bheith ‘across the board’ an dtuigeann tú? ‘Sé sin le rá nuair a chuirfidh tú smideadh ort, a Shéamais, déanfaidh mise an rud céanna le bheith féireáilte an bhfuil ‘fhios agat.

Bhí orm deighleáil le amadáin mar sin go minic. Is cuimhin liom an fear sin ón IDA a bhris mo chroí uair ag iarraidh orm cén chaoi a bhféadfainn aire a thabhairt do na páistí in agallamh, ceist nár chuala m’fhear chéile riamh. Ní bhfuair mé an post sin. Bhí sé ag duine eile roimh an agallamh. Old Boys Network. An iad na cinn is measa a bhíonn i gceannas? Bhuail mé mo chloigeann in aghaidh an tsíleáil gloine chomh minic sin i mo shaol. Tuig é, a dúirt an tsíleáil sin liom, d’aicme íochtaránach. Níor chreid mé é. Caithfear é a bhriseadh.

Beidh an Eaglais (gnéasach) i gceannas in Éirinn fhad is atá oideachas agus sláinte aici. Caithfear Stát is Eaglais a scaradh óna chéile. Ní raibh feabhas do mná i ndiaidh dúnmharú Savita. Tá cumhacht ag an Eaglais sa tír is sa teanga. Bhí na heaspaig níos tábhachtaí ná na sagairt agus iad níos tábhachtaí ná na mná rialta. Chonaic tú. Thuig tú. Ní raibh sé ceadaithe labhairt amach, ceistiú, caint faoi rudaí a bhí tabú. Ní raibh foclóir agam le bheith ag caint faoi gnéas i mBéarla ná i nGaeilge. Bhí ‘fhios agam gur peaca a bhí ann. Aineolas in am an cás X, Annie Lovett, na Magdalenes agus feicim go leanann sé ar aghaidh is mná ag dul go Sasana fós. Do-chreidthe! Oideachas? Aineolas. Is iad na Bráithre Críostaithe a scríobh na leabhair a d’úsáideamar ar scoil. Tá daoine áirithe fós ag ceapadh gur naoimh a bhí iontu. Thuig go leor leor daoine sa tír ró-mhaith gur ainmhithe a bhí i gcuid mhaith acu i ndáiríre. Brú.

Rinne Ballykissangel tagairt don fhadhb do mhúinteoirí in Éirinn. Is fiú féachaint ar an deacracht atá ag Breandan ann. Muna dtéann sé ag an Aifreann tá a phost i mbaol. Má insíonn sé do na gasúir go bhfuil rogha acu mar a deireann an Bunreacht leo, tá a phost i mbaol. Féach ar 2:00 ar aghaidh http://www.youtube.com/watch?v=lM6b2o99yCM Ní haon ionadh a dúirt an bhean sin le Savita “This is a Catholic country.” Faisisteach a dhéarfainn féin. Ní fhaca mé easpag tanaí, ná sagart fionn, ná pálás bocht ná meas ar mhná ó shagart ar bith i mo pharóiste. Chonaic mé agus chuala mé saint, sotal is seafóid ar mhaithe leo féin. Is thángadar go mo theach is mé óg le féachaint go raibh pictiúr d’Íosa i ngach seomra agus rinne Mamaí cinnte go raibh mar thuig sí na rialacha. Faisisteach.

Cheap mé go mbeadh sé difriúil i SAM. Bhí mé mícheart. Tá greim ag an Eaglais anseo fresin.  ‘Cé mhéid feiminigh atá againn sa rang?’ a d’iarr an t-ollamh ón Ghailís orainn an chéad lá sa rang i gCalifornia. D’ardaigh mé mo lámh go bródúil ach bhí mé im’aonar san rang mór sin. Tionchar na hEaglaise sa chultúr Easpáinnic. Peaca é bheith id’ fheimineach. Sin a deireann an Eaglais leo. Mhínigh mé go raibh mé ar son cearta daonna agus ionanntas agus d’aontaigh siad leis sin. Mar sin féin bhí rud éigin gránna ag baint le feimineachas, cheap siad agus ní raibh siad in ann é a mhíniú dom. Nár thuig mé m’áit sa saol? Ní raibh sé ceart do mná bheith ag labhairt amach mar sin, dar leo. Bhí an-obair déanta ag an Eaglais. Fuath ban acu i ngan fhios dóibh féin. Nach iad a bhí breá géilliúil.

Tá fuath ban i ngach tír. Ach ní leithscéal d’aon tír é sin. Tá fir a cheapann gur rudaí iad mná curtha ar an saol le freastal ar a riachtanaisí. Seo a tharla le déanaí in ollscoil i SAM http://alturl.com/esqo6  Níl meas ag na fir seo ar mná agus cinnte ní fhéachann siad orainn mar dhaoine leis na cearta daonna céanna is atá acu féin. Ní aicme íochtaránach atá i gceist anseo mar ní fhéachann siad ar na mná mar dhaoine ar chor ar bith. Tá gráin ann chomh maith. Mar sin is cuma leo má ghortaíonn siad mná.

I mo chúrsa san ollscoil bhí ceist agam. Cá raibh na mná a scríobh leabhair fadó? Chuir sé isteach go mór orm go raibheamar ag léamh leabhair scríobhtha ag fir amháin. Gach uile leabhar ar an gcúrsa is bhí go leor le léamh againn! Níor scríobh mná ag an am sin a dúradh liom. Níor ligeadh cead do na mná freastal ar scoil ag an am sin. Tuigim cuid den scéal sin mar bhí taithí agam ar ghnéasachas ach fós bhí rud éigin mícheart.  Sa deireadh roghnaigh mé scríobh faoin údar Fernán Caballero. Ní raibh m’ollamh sásta nuair a bhí mé ag caint fúithi mar Cecilia Böhl de Faber. Cheartaigh sé mé: ‘Fernán Caballero.’ Tuigim go raibh uirthi dul faoi cheilt an uair sin. Ach nach bhfuil sí in ann fiú amháin inniu a bheith aithinte mar bhean? Nach bhfuil sé tuillte aici? Nár chóir dúinn fios a bheith againn gurbh í bean a scríobh na leabhair sin? Ní raibh m’ollamh compórdach leis. Fuair sé a oideachas in ollscoil Chaitliceach sa Spáinn.

In Éirinn tá an Eaglais fós i gceannas ar an tír. Tá cumhacht ag na sagairt agus na heaspaig  http://www.lifesitenews.com/news/irish-politician-who-voted-for-abortion-bill-removed-as-extraordinary-minis/ Tá daoine nach dtuigeann é sin mar ní raibh seans acu saoirse ón gcumhacht sin a bhlasadh. Dóibh súid a d’fhoghlaim faoi ghnéasachas agus fuath ban, aithníonn siad go bhfuil mná agus cailíní in aicme íochtaránach in oideachas, sna hospidéil, san rialtas http://jn1.tv/video/news/irish-politician-sorry-for-parliament-groping.html sa tír agus sa teanga. Níl meas ag an Eaglais ar mná is a gcearta daonna. Tá aicme íochtaránach acu san Eaglais agus faighimid oideachas ón Eaglais (a gcluiche, a rialacha, a bpaidreacha 7rl). Seans mhaith nach mbeidh bean ina pápa ná fiú ina sagart. Is dar leis an Eaglais ba chóir do na fir na rialacha a scríobh do na mná agus ní chóir go mbeadh rogha ag na mná. Maith dúinn é, Savita! Tá siad i gceannas le fada agus gach bean ag fulaingt mar gheall air, cuid acu i ngan fhios dóibh fein.

Is tá an ceart agat, Eoin. Tá an teanga lán le Muire agus Pádraig agus níl gá leo ná na paidreacha, ná an Chéad Comaoineach is Aifreann sa scoil is an Chéad Faoistin agus an tseafóid sin uilig. Más mian le daoine an reiligiúin sin a chleachtadh tá sé de cheart acu é sin a dhéanamh ach bíodh sé scartha ónár oideachas poiblí. Ar son ár gcearta daonna!

Ag múineadh le Gaeilge Gan Stró anseo i SAM, caithfidh mé a mhíniú do mo dhaltaí cén fáth an bhfuil DIa is Muire duit ann mar bheannacht, an chaoi ina raibh is a bhí greim ag an Eaglais ar oideachas na tíre, an chaoi nach bhfeiceann daoine iompúchán mar tá siad chomh cleachtaithe sin leis. Ach ná bac, a deirim leo. Abair Haigh nó Aon scéal? srl Ní raibh an rogha sin agam nuair a tháinig cigirí áirithe ag an scoil fadó.

Maidir leis na cearta sin, scar Stát & Eaglais ansin sa bhaile le bhur dtoil ar mhaihe na tíre. Cearta fós de dhíth.

Scannán: 12 Years a Slave

Oscar don Scannán Is Fearr 2014.

Solomon

   SAM fós ag déanamh gnáthrud de cruálacht, peaca de carthanacht agus thar aon rud eile ag moladh saint mar bhua!

Ciníochas fós fíorláidir anseo. #BlackLivesMatter san nuacht go rialta.

Seo a scríobh mé díreach tar éis an scannán a fheiceáil.

Díreach ar ais ón bpictiúrlann agus táim ag creathadh. Féach ar 12 Years a Slave nuair is féidir libh. Ba chóir go mbeadh sé feicthe ag gach dalta sa tír seo ar scoil. Míníonn an scannán seo dom cén fáth an bhfuil na rudaí a fheicim anseo i SAM a chuireann isteach chomh mór sin ann. Míníonn sé cé as a tháing tinneas SAM. Tá fearg orm agus áthas orm tar éis é a fheiceáil.

Tá fearg orm mar gheall ar stair na tíre seo agus a éifeacht ar chúrsaí faoi láthair. Tá fearg orm gur fhulaing daoine an oiread sin. Tá fearg orm nár chuala daoine a scéal i gceart go dtí seo. Tá fearg orm go bhfuil ciníochas go láidir fós sa tír. Ach nuair nach ndéantar caint air, leanann an fulaingt ar aghaidh. Níl meas fós ag daoine ar a lucht oibre sa tír seo (le eisceachtaí) agus chonaic mé go minic é is anois tá sé fíor-shoiléir dom cé as a thagann sé.

I gcuid amháin den scéal an scéal tá ar Solomon bean a lascadh. Is bean í a d’oibrigh níos mó ná éinne eile ach a d’fhulaing níos mó ná éinne freisin. B’shin an rud ba dheacra domsa a fheiceáil. Solomon ag lascadh Patsey. Go dtí seo is mé ag léamh léirmheasanna eile is léir gur chuir cás Solomon agus é ag crochadh isteach níos mó ar na fir atá ag scríobh faoin scannán. Spéisiúil, an difríocht seo.

Sa scannán nuair atá Solomon ag crochadh ó chrann is ar éigin is féidir lena chosa é a choinneáil in ann anáil a tharraingt. Tá an oiread sin faitíos ar na sclábhaí eile nach dtugann siad cúnamh dó. Leanann an lá ar aghaidh is páistí ag súgradh in aice leis. ‘Féach orm!’ atá an cuid sin den scannán ag screadadh amach. Táim anseo díreach os bhúr gcomhair agus tá sibh treanáilte gan aird a thabhairt ar chéasadh is cruálacht is daoine ag fáil bháis den ocras.

Sin peaca SAM: gnáthrud a dhéanamh de cruálacht, peaca a déanamh de carthanacht agus thar aon rud eile saint a mholadh mar bhua. Féach orainn atá ag fulaingt mar gheall air, a deireann an scannán linn mar faoi láthair tá daoine dall. Bhí Solomon féin dall ag tús an scannáin. Chonaic sé fear a tháinig isteach i siopa ag breathnú air agus thuig sé go raibh rud éigin as bealach ach d’fhan sé ciúin.

“The movie technically offers testimony on the evils of a bygone era, but it sheds light on impulses and offenses which are a part of our nation’s DNA to this day,” mhínigh Kia Makarechi san Huffington agus ceart ar fad aige. Beidh scannán eile le déanamh as seo amach bunaithe ar pheacaí SAM i dtíortha eile bunaithe ar Addicted To War.

Thuig na sclábhaí nach raibh meas ag daoine orthu. Meas do dhaoine a dhéanann obair duit sa lá atá inniu ann? Gann i SAM fós. Fíor-ghann.

Scríobh Christopher Orr san Atlantic faoin scannán: “We immediately understand that what we are witnessing is an economy predicated on the idea that human—that is, black—sweat and sinew are not merely cheap resources, but essentially inexhaustible ones, subject to careless squander.” Sin mar a bhí is sin mar atá. Inniu is iad na daoine ó theas a labhraíonn Spáinnis atá ag fulaint ag déanamh an obair is deacra ach fós is cuma cén dath atá ar dhuine tá dúshaothrú ag boomáil. Deregulation a ghlaoíonn siad air anseo ag rá go mbeidh sé go maith d’eacnamaíocht na tíre. Níos mó airgead do ghrúpa beag (bán, ar ndóigh) agus cearta imithe do na daoine a dhéanann an obair atá i gceist.

Thug mé faoi dearadh go raibh rud éigin as bealach ar dtús nuair a chonaic mé nach raibh cathaoireacha le fáil do na cashiers sna siopaí sa tír seo. Bhí ionadh orm. Chuala mé uathu go gceapann na daoine i gceannas  go mbeidís leisciúil dá mbeadh cathaoireacha acu. Bhí níos mó ionadh orm faoi sin. Ach chonaic mé é. Bhí an ceart acu. Sin a cheap na daoine i gceannas agus bhí siad ar buile liom gur cheistigh mé iad. Bhí sé soiléir dom i ngach áit (le eisceacht amháin) nach raibh meas ag na daoine i gceannas ar a lucht oibre. Fós ní fhéachann roinnt mhaith acu orainn mar dhaoine ach mar seans brabús a dhéanamh agus is cuma leo faoi chearta daonna gan dul ag caint ar cothrom na féinne ná meas.

Gach lá feicim an tinneas. Tháinig dlíodóir go dtí an scoil le bheith ina múinteoir. Cheap sí go raibh sé uafásach an chaoi inar labhair na  daoine i gceannas linn. D’aontaigh mé léi agus dúirt mé go raibh ‘Workers’ rights’ ag teastáil. “Oh, I’m not a worker” ar sise faoi uafás.

Bhí fear ag seinm ceol iontach ag an gcafé aréir agus duine ar bith ag tabhairt aird air. Ní aithníonn siad a luach. Bhí sé gránna mar thuig mé cén fáth. An iomarca airgead acu agus tógtha suas leo féin, ní thuigeann siad áilleacht níos mó.

Ag taobh an bhóthair feicim na fir cosúil le spalpíní fánacha ag fanacht ar bhodairí na tíre ag tíocht ina SUVs. Sna garrantaí feicim dream amháin cromtha ag piocadh glasraí nó tortha agus fear bán i gceannas orthu. Feicim na daoine a ghlanann na gáirdíní is na tithe ach a thagann agus a n-imíonn gan caint le daoine bána agus iad dofheicthe do na daoine saibhre. Tá sé seo fheicthe agam i SoCal. Tinneas SAM. Bheadh sé i bhfad níos measa in Arizona nó Mississippi.

slavesCinnte, níl comparáid ar bith leis sin agus an méid a d’fhulaing na daoine fadó sa scannán, rud a thuigeann daoine tar éis an scannán seo a fheiceáil. An fhírinne faoi dheireadh! Ach míníonn an scannán tinneas na tíre. Tá cuid mhaith daoine sa tír seo fós den meon aigne sin gur leo muidne cosúil le ‘property.’ Chonaic mé é. Is féidir fáil réidh le duine gan chúis i 49/50 Stáit. Níl “You’re fired” greannmhar ná ceart i gclár teilifíse ná sa saol.  Níl éinne siúrálta d’aon rud agus tá na daoine i gceannas sásta leis mar sin. Briseann siad saolta go rialta ag tabhairt amach ‘pink slips’ agus is cuma leo. Chonaic mé é ag tarlú os mo chomhair amach. Tinn. Tuigeann go leor, leor daoine anseo (agus chonaic mé é) má deireann siad aon rud i gcoinne an Boss go gcaillfidh siad a bpost. Is glacfann siad leis! Mar sin is féidir leis na bossanna a rogha rud a dhéanamh gan fhreagracht. Is beag áit ina bhfaightear ceardchumainn. Is scannal mór millteach é seo go léir. Bíonn an bua ag na daoine gan chroíthe sin muna stopann muid iad. Tá leigheas ag teastáil ón tír agus freagracht.

Tá trua agam do ghasúir sa tír seo. Tá ar go leor acu íoc as an oideachas a bhfuair siad ach níl post le fáil dóibh agus an tír a rá leo go gcaithfidh siad obair a dhéanamh gan pá mar ‘giving back’ don tír. Chuala mé an frása seo  ‘give back’ go minic sa scoil agus chuir sé isteach orm. Go minic bhí ar na páistí bochta obair a dhéanamh saor in aisce don scoil mar chuid den ‘giving back’ seo. Dúshaothrú a chuirim féin air. B’fhuath liom an tón sotalach ón bpríomhoide is bean amháin san oifig ag rá leo go raibh an t-ádh leo bheith ‘in America.’ Céard a thuig siadsan den cinéal saol a bhí ag na cailíní bochta seo? Mo mhallacht ar cheartaiseacht.

Tá áthas orm go raibh an pictiúrlann plódaithe agus go bhfaca an méid sin daoine é. Ní raibh ach trúir a shiúil amach as. Tá áthas orm go ndearna siad an scannán sa chéad áit. Tá áthas orm gur chuir an príomh-aisteoir a chroí ann. Tá súil le Dia agam go mbeidh Oscars le fáil dóibh mar tá sé tuillte go maith acu. Tá áthas orm gur inis siad an fhírinne mar ba chóir an scéal seo a insint.

Tá súil amach go dtiocfaidh athrú ar an tír mar fós tá daoine lán le gráin a cheapann gur olc an rud é gur theip ar an Deisceart  sa chogadh / go bhfuil sclábhaíocht imithe. Tá pionós corpartha fós i 19 Stáit agus coitianta sa deisceart agus cinnte ní hiad na páistí bána a fhaigheann an píonós is measa. Fiú i gCalifornia in áit nach bhfuil sé dleathach tógann na gárdaí páistí atá déanach don scoil agus ag iarraidh briseadh isteach ann go priosún go rialta. Tá faitíos ar na milliúin atá anseo gan pháipéirí cearta go dtiocfaidh na gárdaí ICE agus go gcuirfidh siad na tuismitheoirí ar ais go tír eile agus tá leanaí scartha óna tuismitheoirí. Páipéirí uait le cearta a bheith agat. Faitíos. Scartha ó do chlann. Seo iad na téamaí ón scannán agus tá daoine in aice liom fós mar sin. Is níor thosaigh mé fós ag caint faoi na priosúin agus an brabús agus sclábhaíocht a bhaineann leo. Níl ins na priosúin nua ach sclábhaíocht eile.

Níl mé ag dul ag insint céard a tharlaíonn sa scannán daoibh anseo. Déarfaidh mé é seo: ná caill é. Tá sé níos fearr ná an scannán The Separation agus b’shin an scannán ab fhearr le fada. .

Tá an tír (SAM) seo tinn. Tá an cúis soiléir anois. Léiríonn an scannán cé as a tháinig an tinneas go soiléir. Caithfidh muid a admháil os ard go bhfuil SAM bunaithe ar pheacaí uafásacha in áit Déithe a dhéanamh de Cholumbus agus an Bunreacht agus Manifest Destiny. Míle, míle buíochas le Steve Mc Queen, le gach aisteoir ann (go mór, mór Chiwetel Ejiofor agus Lupita Nyong’o) agus le Solomon Northop nach maireann. Scéal fíor-chumhachtach.

Uúaú! Dáiríre uúaú! Ard-mheas dóibh.

Patsy

Scannalach go raibh sé deacair dom ainm Lupita Nyong’o a fháil arlíne. Bhí sí i bhfad níos tábhachtaí ná Brad Pitt ann! Seanscéal!

Nóta: bhuaidh sí Oscar. Tuillte go maith aici!

Agus céard atá le foghlaim ón scannán?

Ná féach i dtreo eile nuair a thagann tú ar rud gránna ag tarlú. Féach air agus tuig agus tabhair cúnamh agus labhair amach chomh láidir agus is féidir leat go dtí go stopfaimid na diabhail a dhéanann an damáiste. Ní féidir fanacht ciúin agus dea-bhéasach níos mó. Basta le Yes, Sir agus Yes, Ma’am. Níl aon duine níos lú ná éinne eile. Tá ár cearta daonna uainn arís.

Éire i Néalta Báis

Scríobh Colum Mc Cann faoi our stunned submission to power in alt álainn le déanaí. Néal i mo chloigeann le cumhacht na bhfocal. Ceart aige. Ghéilleamar. Ghéilleamar do na Sasanaigh, don Eaglais, do na Baincéirí… Is seo muid ag fanacht mar ainmhí gortaithe go dtiocfaidh siad le fáil réidh linn i gceart.
Saoirse
Is Albain ag dul ó neart go neart ag iarraidh saoirse a bhaint amach, nach muid atá ciúin! Réalt acu in Albain le Nicola Sturgeon, chomh maith sin go bhfuil seans ann go gcaithfidh sí Sasana a shábháil sula bhaineann sí neamhspleachas amach d’Albain. Nach maith sin!
I 1916 dúirt Pádraig gur linne ár dtír féin. Rud réabhlóideach ag an am.
P Pearse
GRMA le @IrishRepublic as an bpictiúr
An bhfuil sé réabhlóideach fós é sin a rá os ard is muid gar go 2016? Ní bhfuaireamar an Tuaisceart ar ais go fóill. Feictear dom go bhfuil drugall ar dhaoine é a rá os ard ar fhaitíos go bhfuil sé réabhlóideach, go gcuirfeadh sé isteach ar ghrúpa faoi leith. Cén sórt daoine muid? Fós ar na glúine ag iarraidh bheith deabhéasach leis na daoine a ghoid ár dtír uainn? Ná géill. Ná coinnigh ciúin. Ná bíodh faitíos orainn an fhírinne a rá. Foghlaim ceacht ó Nicola Sturgeon & muintear na hAlban.
Teanga
Ach tá muidne difriúil. Muid ciúin is deabhéasach mar a mhúin Sasana dúinn a bheith. Sibhialta. D’éirigh leo an dochar a dhéanamh sular imigh siad. Dúirt siad linn go raibh muid níos lú ná iad, go raibh siad cumhachtach, go raibh a dteanga agus a nósanna níos fearr ná ár gcultúr. Is tá an iomarca daoine ann a chreideann é sin fós. Tá náire ar dhaoine a dteanga féin a labhairt i siopa nó ar an tsráid i mBaile Atha Cliath nó i mbaile mór ar bith sa tír. Fáinne fí.
Ní mar sin a bhí sé is mé sa Bhreatain Bheag. Chuir sé ionadh agus áthas orm daoine a chloisteáil ag labhairt a dteanga féin go nádúrtha gan náire ar bith fiú sa chathair. Neart le foghlaim agus le déanamh againn roimh 2016. Féach go hAlbain don saoirse agus go dtí An Bhreatain Bheag don teanga. Ag dul thar sáile? Téigh go dtí an Bhreatain Bheag go bhfeicfimid is go dtuigfimid mar náisiún gur féidir teanga Cheilteach a labhairt gan náire. Scoileanna, tógaigí daltaí ann. Éire, roghnaigh polaiteoirí ar nós Nicola a chreideann i saoirse agus i gcearta daonna. Tuig an luach atá sa teanga. Caill í agus caillimid muid féin.
Eaglais
Is cá bhfuil ár gcearta daonna? Bhí daoine inniu ag tabhairt amach faoi reifreann agus an tábhacht a bhaineann lenár ndaonlathas. Caithfimid a aithint nach bhfuil Daonlathas againn. Tá Dialathas againn. Sin an fáth a bhfuil gá le reifreann. Níl tada déanta fós faoi na Tuam Babies. Níl rogha ag bean faoi céard is féidir léi a dhéanamh lena corp féin. Nuair a rinne mé iarracht focal a cheartú ar tearma.ie fuair mé an freagra seo dhá lá ó shin!
ginmhilleadh
D’fhéadfainn bheith ag caint le sagart! Smaoinigh mé siar go na 90daí nuair a bhí frithghiniúnach uaim ó dhochtúir in Éirinn is thug sé íde béil dom ag rá liom gur cheart náire a bheith orm. Peacaí a bhí ionam, dar leis. Níl mórán aithrithe ó shin, feicim. Meon aigne na hEaglaise v cearta daonna chuile háit, fiú sa teanga. Níos measa fós sa dlí. Níl na gardaí sásta cén taobh is fearr sa reifreann a insint go poiblí. Cheapfá go dtuigfeadh siad cearta daonna. Ach bhí siadsan lánsásta sclábhaí & páistí a thabhairt don Eaglais. Cás X,  cás Savita, cás chuile lá beo de chailíní nó mná ag éalú go Sasana mar níl rogha ná cearta ná meas le fáil ina dtír féin mar gheall ar ghreim na hEaglaise. Iompúchán sna scoileanna le fada.
Baincéirí
Ghoid daoine ár dtír, ár gcearta, is airgead uainn. Dochar déine an-phianmhar go deo. Cé mhéad baincéirí atá i bpríosún?
Is caithfidh muintear na hÉireann íoc as? Cé mhéad? €180,818,600,000 anois nó níos mó? Ag fás go tapaidh. Féach ar an gclog  Le 4,627,491 daoine in Éirinn sin €39,075 an duine le n-íoc ag chuile dhuine sa tír go…? Cé a fhaigheann an t-airgead? Ach fan. Níl ach 1,903,100 fostaithe sa tír. Mar sin, dáiríre sin €95,000 an duine. GRMA le Terence Ward as an eolas seo.
Agus fanaimid ciúin. Is ceapann roinnt mhaith daoine sa tír go bhfuil daonlathas againn. Oscail na súile. Tuig gur thréigeamar an Tuaisceart nuair a bhí daoine ag fáil bháis ann agus gur cuma leis an iomraca faoin Tuaisceart anois. Tuig gur thréigeamar an teanga atá ag fáil bháis mar chreideamar nach raibh luach inti. Tuig nach bhfuil cearta daonna againn sa tír seo. Tuig gur ghéilleamar do na baincéirí agus don dlí atá ag marú daoine.
Ní binn béal ina thost. Sin dóchas i néalta báis.
Dúisigh. Ní fada uainn 2016. Cén sórt todhcaí atá uait?

Gá le Grá: Bua do Chearta

Cearta do Chuile Dhuine: Céim 1

Bogha Ceatha BAC

Ar 22/5/2015 vótáil Éire ar son cearta daonna do ghrúpa amháin a bhí ag fulaingt le fada. Daoine aerach. Ionannas i bPósadh an ceart a bhí i gceist. Bhí an bua ag cearta daonna in aghaidh na hEaglaise mar sin an troid a bhí ann i ndáiríre.

Tá Éire Glas

Tháinig daoine amach idir óg is aosta is thaisteal na mílte abhaile ó i bhfad i gcéin lena vótaí a chaitheamh sa reifreann. Deora le fáilte a chur roimh na deoraí ag filleadh. D’ardaigh siad croíthe. Roinn siad a scéalta. Thuig daoine nár thuig cheana. Labhair daoine amach go hoscailte le dóchas.

Spiorad iontach.

Tar abhaile Tá

Seo mar a bhí daoine ag scríobh faoi #MarRef ar Twitter

An lá dár gcionn tháinig an ghrian amach, bhailigh daoine le chéile, & bhéic siad in ard a ngutha le háthas nuair a chuala siad na torthaí.

Dub Castle Ref

Iad bailithe ag caisleán BÁC. Seo an áit ina bhfuair cuid den tír a saoirse i ndiaidh Éirí Amach 1916. Cuid eile fós ag fanacht ar an saoirse céanna.

Dub Castle Michael Collins

Bua iontach amach is amach agus ardáthas orm faoi. Ach amantaí nuair a fhaigheann tú saoirse caithfidh tú smaoineamh ar na daoine nach raibh in ann teacht linn. Iad siúd fós gan cearta. Ar an oileán seo againne tá grúpa sa Tuaisceart a bhíonn fágtha amach ón gcaint tábhachtach rómhinic.

Céim 2: Scar Eaglais ón Stát

Tóg an Tuaisceart Ar Ais

Cearta don tír ar fad

Tá 2016 ag teacht & thar a bheith in am againn Stát & An Eaglais a scaradh i gceart. Bhí an ceart ag an Tuaisceart nuair a dúirt siad Home Rule is Rome Rule fadó. Caithfimid fáil réidh le Greim na hEaglaise & ár saoirse a fháil i gceart. Tá ár gcearta uainn dúinne is dár bpáistí is don tír ar fad.

Voting Station Virgin Mary

Aithin Dialathas ar dtús. Aithin go bhfuil greim ag an Eaglais ar an gcóras oideachais agus nár ceart ná cóir sin. Múin eolas ar scoil; fág iompúchán as.

Theocracy NYT

Tar éis na torthaí a fheiceáil, seo a dúirt Diarmuid Martin (eardeaspag): “I ask myself, most of these young people who voted yes are products of our Catholic school system for 12 years. I’m saying there’s a big challenge there to see how we get across the message of the church.”

Bhuel Diarmuid,

Seo a deirimse:

I’m saying there’s a massive need to get the Church out of State education fast and to prosecute Church crimes against humanity in Ireland.

Agus…

1. Ní products muid. Is daoine muid le cearta is bhí orainn troid le fada go láidir lenár gcearta a fháil. D’Eaglais féin a choinnigh na cearta sinn uainn.

2. 12 years in a Catholic School system. Sin 12 years rófhada. An Eaglais a throid in aghaidh ár gcearta i gceannas ar Oideachas? An Eaglais le liosta fada d’uafáisí (Magdalenes, Tuam Babies, Péidifíligh…) i gceannas ar Oideachas? Sin COIR. An aithníonn tú cearta, Diarmuid? An bhfeiceann tú an dochar a dhéanann tú is d’Eaglais? Freagracht uainn. Roinnt mhaith den domhan ag fulaingt chuile lá beo mar gheall ar an dochar a dhéanann sibh.

3. big challenge there to see how we get across the message of the church. Ná bí ag ceapadh gur féidir libh bheith níos láidre ar Dogma as seo amach! Éirigh as oideachas na tíre. Ní chóir go mbeadh baint ar bith agaibh le scoileanna ar chor ar bith. Déan an rud ceart. Éirigh as anois. Dáiríre.

Gaelscoil iompuchan

Má táimid ag iarraidh fáil réidh leis an teorainn sa Tuaisceart is ár dtír bheith le chéile arís, bímis réidh le cearta daonna anseo sa chuid a bhfuair saoirse ó Shasana. Faigh saoirse ón Vatacáin & an Dialathas anois. Taispeáin don Tuaisceart gur fiú bheith linn, go bhfuil meas ag ár ndlí ar chearta.

fáGTHA AMACH TEORAINN

Abair leis na daoine ó thuaidh go bhfuil grá againn dár dtír uilig, gur chuid den tír uilig iad, agus go bhfuilimid ag iarraidh bheith le chéile arís. Scaip an grá. Déan gach rud le fáilte a chur rompu. Meall daoine abhaile. Abair le Sasana go bhfuil sé thar a bheith in am dóibh a rá gur linne ár dtír féin.

Céim 3: Cearta na mBan

Cearta daonna do chuile dhuine. Sin ionannas. Mná na tíre ag fulaingt le fada sa tír seo. Troid in aghaidh na hEaglaise a bheas ann arís. Reifreann nua de dhíth. Súil agam go dtiocfaidh na daoine le chéile arís is go n-inseoidh mná na tíre a scéalta féin. Repeal the 8th an dúshlán romhainn. Is le bean a corp féin. Tabhair meas di agus a cearta. An iomarca cásanna mar Savita agus an X-Case agus Magdalenes agus mar sin de. Tuigeann bean céard is féidir léi a dhéanamh agus cathain. Ná cuir náire uirthi. Ná bíodh fir ná bunúsachaí ag rá léi nach dtuigeann sí is go gcaithfidh fir na hEaglaise an rogha a dhéanamh di ar a son. Aithin fuath ban. Aithin na mílte ag éalú faoi náire. Aithin cos ar bolg. Ceartaigh é dúinne is dár bpáistí.

Maith sibh, chuile dhuine a rinne stair ar an 22 Bealtaine 2015. Chaith sibh vótaí agus thug sibh teachtaireacht láidir don Eaglais. Creidimid i gcearta.

Nach maith sin. Nach maith sinn!

Tá Gá le Grá