Cartlanna Clibe: Cearta

An Gorta Mór: cúnamh ó SAM

Eolas is pics ón alt seo le Timothy J. Sarbaugh.

Ins na 1800daí bhí na mílte ag fáil bháis ón nGorta in Éirnn is tháinig an scéal go Meiriceá faoi.

Ghlaoigh an Seanadóir Henry Clay i 1847 ar mhuintir SAM bheith flaithiúil is cúnamh a thabhairt do dhaoine in Éirinn a bhí ag fáil bháis ón nGorta Mór.

D’fhreagair na daoine. Tháinig neart airgid is cúnamh go hÉirinn trí Chumann na gCarad. Sheol siad 118 árthaí go hÉirinn le $545,145 de chúnamh ar bord. Sin atá i dtuarascáil faoi.

Ar ndóigh bhí daoine eile a thug cúnamh go díreach do dhaoine in Éirinn, dá muintir sa bhaile srl is tá chuile sheans ann gur fhág cúnamh ar luach na milliúin dollair Meiriceá ag an am. Tuigimid go raibh daoine iontach flaithiúil ag an am ach b’shin na daoine. Céard a rinne rialtas Mheiriceá go hoifigiúil?

Is beag meas atá agam ar an Uachtarán James Polk mar gheall ar an gcaoi ar ghoid sé talamh ó Mheicsiceó. Tuigim go raibh sé glic faoi ach bhí sé as bealach is tá daoine ag fulaingt fós mar gheall air anseo.

Chuala Polk agus a Rúnaí Stáit James Buchanan faoi chúrsaí in Éirinn. Mar a tharlaíonn anseo go minic, d’fhéach siad ar an fhadhb mar bhealach le airgead a dhéanamh. Is bia gann in Éirinn, d’fhéadfadh siad bia SAM a dhíol d’Éirinn.

Bhí George Bancroft, an fear a scríobh History of the United States from the Discovery of the Continent, i Londain mar aire SAM idir 1846 agus 1849. Scríobh sé go díograsach i 1846 go raibh an-éileamh ar mhin bhuí ó SAM. Dar le Bancroft, bheadh an Bhreatain ag brath ar SAM níos mó ná mar a bheadh SAM ag brath ar Shasana, rud a bheadh go maith do SAM. Chonaic sé saibhreas do SAM ann

D’aontaigh oifigeach consalachta SAM i mBaile Atha Cliath, Thomas Wilson, le Bancroft. Bhí airgead le fáil as. Is roinn sé a thuairim leis an Uachtarán Polk.

De réir an consalach i mBéal Feirste, Thomas Griffin, bheadh Éire ag méadú na hearraí a iomportáil sí ó SAM faoi dhó. Deis iontach brabús mór a bhaint amach a bhí ann.

Is na daoine seo ag comhaireamh airgid ina gcinn roimh réidh, bhí díospóireacht i gComhdháil SAM faoi ar chóir nó nár chóir cúnamh a thabhairt d’Éirinn. I Feabhra 1847, léirigh feisire Washington Hunt ó Nua Eabhrac a phlean le cúnamh a thabhairt do na hÉireannigh don gComhdháil. Bhí sé ag iarraidh go gcaithfidís $500,000 le cúnamh a cheannach is a sheoladh go hÉirinn. Léigh siad é faoi dhó. Cuireadh go coiste speisialta é. Labhair an feisire Charles Ingersoll ó Pennsylvania amach ar a shon. Luaigh sé tábhachtacht na hÉireannaigh i stair SAM agus an saibhreas a bhí i SAM ag an am. Faraor in ainneoin a rinne Hunt agus Ingersoll, níor éirigh leo.

Yankee Doodle's Corn Exchange(Yankee Doodle)This American cartoon praises that country's ability to feed Ireland from it's surplus grain;but it is unclear just how the destitute were expected to purchase such supplies.

Nuair a theip ar an mbille sa chomhdháil, rinne an seandóir John J. Crittenden ó Kentucky iarracht é a shábháil sa Seanad. Rinne sé trácht ar an uair a sheol an tUachtarán James Madison  £50,000 go Veiniséala i 1812 i ndiaidh crith talún ansin. Labhair sé go maith ar son na hÉireann. Fuair sé tacaíocht ón Seanadóir Thomas Clayton ó Delaware. Léigh siad os ard é trí huaire. Thug an Seanadóir Lewis Cass ó Michigan a thacaíocht don mbille freisin.

An lá dár gcionn labhair an taobh eile amach. Ba é John Niles ó Connecticut an duine ba láidre in aghaidh an bille.  Cén baint a bhí ag SAM le Éirinn? ar sé. Baint ar bith, dar leis. Fadhb na Breataine. Ba chóir don Bhreatain deighleáil leis, ina thuairim. Dá sheolfadh SAM cúnamh go rialtas Shasana, bheadh sé maslach mar bheadh siad ag cur le fios go raibh Sasana lag, an argóint a bhí aige faoi. ‘Charity begins at home’, ar Niles. Ná seol airgead do thíortha eile mar sin a dhearcadh.

In ainneoin na hargóintí d’éirigh leis an mbille sa Seanad is sheol siad go Teach na hIonadaithe é.
D’iarr an feisire Hunt go mbeadh seans aige agus ag Lewis Levin ó Pennsylvania féachaint air is sheol siad go Coiste Ways and Means é. Leag Levin amach an scéal mar bhia do dhaoine a bhí ag iarraidh cóisir a bheith acu in áit daoine a bhí ag fáil bháis den ocras.Ní raibh grá ar bith ag Levin do na hÉireannaigh.

US President James Polk (Tennessee Historical Society)

Bagairt Crosta (veto) Polk

Nuair nach ndearna siad caint níos mó air, d’iarr feisire Robert C. Winthrop ó Massachusetts agus John Wentworth ó Illinois orthu rud éigin a dhéanamh faoi ach fós ní dhearna siad tada. Sa deireadh thuig siad gur cheap an Coiste Ways and Means dá gcuirfeadh siad an bille go Polk go núsáideach sé cumhacht crosta le é a mharú.

Cheapfá go dtabharfadh Polk tacaíocht don bhille is a mhuintir ó Albain is ó Éirinn. Ach bhí sé réidh leis an bille a mharú mar níor chreid sé go mba chóir do SAM airgead SAM a úsáid mar sin. Theip ar an mbille.

1847 cash draft issued in New York to be drawn on the National Bank of Ireland- over the course of the famine hundreds of thousands of dollars were sent from America to Ireland by the Irish immigrants.

Níor sheol an rialtas airgead ná bia ach, buíochas leis an Seandóir John Fairfield, lig siad cead do dhaoine dhá bhád a úsáid le cúnamh a thabhairt d’Éirinn. An Macedonian agus an Jamestown. D’úsáid an Boston Committee for Irish Relief an Jameson is a captaen Robert Forbes le 800 tonna de bhia a sheoladh go Corcaigh. Bhí fáilte is fiche roimh an gcriú i gCorcaigh. Thóg sagart Forbes go na háiteacha ba mheasa is scríobh Forbes: ‘I would gladly forget, if I could, the scenes I witnessed…in two hours walk, I saw more actual distress and apparent poverty than I ever saw in my whole life…’

The USS Macedonian, the second of two American warships which brought food aid to Ireland in 1847.(Illustrated London News)

D’fhág an Jamestown Corcaigh is tháinig ar ais go SAM in Aibreáin 24 lá ina dhiaidh. Bhí an Macedonian fós ag fanacht i Nua Eabhrac mar bhí fadhbanna acu bia is tacaíocht a fháil. Ba é George DeKay ó New Jersey an captaen is d’iarr sé cúnamh ó Forbes nuair a d’fhill sé. Tháinig Forbes agus Bostún le chéile le bia a sheoladh go Nua Eabhrac agus uaidh sin go hÉirinn. Lán le bia, d’fhán an Macedonian SAM i Meitheamh agus tháinig siad go Corcaigh i mí Iúil. Bhí fáilte mór roimh  DeKay is le cúnamh ó Chumann na gCarad roinn siad an bia. Bhí eisceacht amháin ann. Thug siad bia go pearsanta do Maria Edgeworth ag Edgeworthstown go roinnfeadh sí an bia leis na daoine ar a estát. D’éirigh le DeKay agus an Macedonian ach bhí ar DeKay $30,000 dá airgead féin a chaitheamh san iarracht. D’iarr sé ar an gComhdháil airgead a thabhairt dó mar bhí sé chomh bocht sin ina dhiaidh ach fuair an fear bocht bás is é bocht is tuirseach sular tháinig cúnamh ar bith ón gComhdháil.

Bhí daoine i mBostún agus áiteachaí eile a thug cúnamh do mhuintir na hÉireann ach ag deireadh an lae, níor thug comhdháil Polk ach dhá bhád do dhaoine a bhí ag iarraidh na mílte a shábháil. Is mór an trua sin.
Choctaw
.Kindred Spirits le Alex Pentek

Mar a thug na Choctaw cúnamh dúinn anseo

Iontach ar fad cúnamh a fháil ó dhaoine gan mórán acu féin. Sin cineáltas.

Fuath Ban sa tír is sa teanga

Fuath Ban sa tír is sa teanga

Ar Twitter bhí ag caint faoi ‘An Iomarca Reiligiúin sa Ghaeilge’ http://alturl.com/w5efh rud nach bhfeiceann gach duine. Mhol údar an ailt sin, Eoin O Murchú gur ‘ linne an teanga seo, ná bíodh leisce orainn í a mhúnlú dúinn féin agus dár saol…’ Ceart go leor mar sin. Tá ár dteanga lán le gnéasachas, reiligiúin, agus fuath ban agus tá athrú ag teastáil go géar uainn. Tá sé sa litríocht is sa chaint a chruthaíonn aicme íochtaránach do mná is go dtí go mbeidh scaradh idir Stát is Eaglais leanfaidh sé ar aghaidh mar sin.

Léigh mé alt http://alturl.com/tjser inniu faoi scéal Xanth agus an fuath ban ann. Tháinig mise freisin ar leabhar a cheannaigh mé fadó. Cairde Liom a bhí air, é foilsithe ag Gael Linn. Bhí dathanna deasa ar na leathanaigh, rann beag ag bun gach leathanach agus spás do shíniúcháin is teachtaireacht beag os a chionn. D’fhéach mé air le cion. Thosaigh mé ag léamh na rannta ag súil le grá iontu:

Bíodh sí tinn, bíodh sí corrach,

Bíodh sí gan chodladh choíche,

Bíodh sí ciamhair cumhach,

Bíodh sí dubhach gach oíche.

 

Hmm. Aisteach. An chéad leathanach eile go bhfeicfidh mé.

 

Más ionúin leat na Bráithre

Bí leo go sásta socair;

Tabhair dóibh gach ní a iarann siad,

Is ná hiarr aon ní orthu.

 

Bhuel.. ní raibh mé ag súil leis sin ach oiread. Leathanach eile b’fhéidir.

 

Ní mheallfaidh tú mise, a bhean,

Mar a mheall tú fear gan chéill.

Ar do scéimhse cé chuaigh clú,

Is eol domsa cé tú féin.

 

Is ceann amháin eile ar fhaitíos go bhfuil dul amú orm.

 

Dar Duinnín is dar Donn,

Is bunoscionn liom atá mo bhean;

Dá ndéarfainn gur dubh é an fiach,

Do bhéarfadh sí Dian ach ea ach geal!

 

Agus araile.

Ach fan. Nuair a cheannaigh mé é fadó cheap mé go raibh sé gleoite. Is í mo stór, bean nach luífeadh liom ar ór… Cé a scríobh iad? Bhí rud amháin soiléir. Fear a scríobh gach ceann acu. Ná pós bean mar gheall ar eallach… a bhí ar leathanach amháin. Ní raibh aon chomhairle ag rá Ná pós fear… in aon áit. D’aithin mé fuath ban i go leor acu. Tagann tuiscint le súil siar.

Bhí sé sna leabhair ar scoil. Tá Mamaí sa chistin. Tá Daidí ag obair. Sin a bhí insan leabhar a bhí mo mhac ag léamh agus é ag freastal ar Scoil Naithí. Bhí mé ar buile. Chuaigh mé le caint lena mhúinteoir faoi an lá dár gcionn. Fear ó Chonamara a bhí ann nár thuig céard a bhí ag cur isteach orm ná céard a bhí cearr leis an leabhar ar chor ar bith. Tada. Clú dá laghad. Ach nuair atá tú tar éis do chloigeann a bhuaileadh arís agus arís eile i gcoinne an tsíleáil gloine, tuigeann tú go maith an dochar atá i ngnéasachas agus i leabhair a mhúineann do ghasúir go bhfuil aicme íochtaránach ag mná sa saol. Níor thuig an Máistir é mar níor fhulaing sé é. An dtuigfidh sé le súil siar nuair a fheicfidh sé na deacrachtaí a bhéas ag a chailíní beaga féin nó an cuma leis?

I go leor tíortha níl cead fiú dul ar scoil ag mná (meon an Taliban, go n-éirí leat, Malala). Bhí cead agamsa dul ach fós fiú in Éirinn ní raibh cothrom na féine ann. Bhí ranganna san eolaíocht i scoil na mbuachaillí nach raibh ar fáil dúinne. Mar a dúirt an príomhoide an tSiúir Bernadette linn sa rang agus í ag fáil réidh leis an rang Mata Onóracha, “Is cailiní sibh agus cén mhaitheas an t-am sin a caitheamh ar rudaí deacra nuair a bheidh sibh ag obair mar mhúineoirí nó banaltraí agus ag tabhairt aire de bhúr bpáistí féin as seo amach?” Súil siar. Bhí torthaí níos fearr againne ná mar a bhí ag buachaillí san Ardteisiméireacht ach theip ar na cailíní sa scrudú béal ag iarraidh dul isteach sna Státseirbhísí. Níor labhraíomar cosúil leis na leads agus b’iad na fir a bhí ag cur ceisteanna orainn. Dúirt mo Dhaid agus mo dhearthair liom nach raibh mná uathu san bpáipéir nuachtán a bhí acu. Bhí an ceacht soiléir. Tá oraibhse na mná fanacht sa bhaile agus aire a thabhairt do na fir chéile. Aicme íochtaránach.

Is mé ag obair is iomaí uair a bhuail mé mo chloigeann i gcoinne an tsíleáil gloine. Is bhí orm cur suas le ana-chuid seafóid. Is mé ag múineadh Seapáinis i Meánscoil i dTamhlacht, ghlaoigh an príomhoide Séamus orm lá teacht isteach le caint leis.

Séamus: Tugaim faoi deara nach mbíonn smideadh ort.

Mise: (Ionadh orm) Tá sé sin fíor.

Séamus: (Tost míchompórdach) An bhfuil cúis leis sin?

Mise: Tá. Ní maith liom é.

Tost níos faide. Allas ar a éadan.

Mise: ‘Bhfuil tú ag rá liom go mba chóir dom? Má tá riail faoi le bheith ‘proifisiúnta’ tá mé sásta leis sin.

Séamus: (Buíoch) A, ana-mhaith ar fad.

Mise: Rud amháin. Caithfidh sé bheith ‘across the board’ an dtuigeann tú? ‘Sé sin le rá nuair a chuirfidh tú smideadh ort, a Shéamais, déanfaidh mise an rud céanna le bheith féireáilte an bhfuil ‘fhios agat.

Bhí orm deighleáil le amadáin mar sin go minic. Is cuimhin liom an fear sin ón IDA a bhris mo chroí uair ag iarraidh orm cén chaoi a bhféadfainn aire a thabhairt do na páistí in agallamh, ceist nár chuala m’fhear chéile riamh. Ní bhfuair mé an post sin. Bhí sé ag duine eile roimh an agallamh. Old Boys Network. An iad na cinn is measa a bhíonn i gceannas? Bhuail mé mo chloigeann in aghaidh an tsíleáil gloine chomh minic sin i mo shaol. Tuig é, a dúirt an tsíleáil sin liom, d’aicme íochtaránach. Níor chreid mé é. Caithfear é a bhriseadh.

Beidh an Eaglais (gnéasach) i gceannas in Éirinn fhad is atá oideachas agus sláinte aici. Caithfear Stát is Eaglais a scaradh óna chéile. Ní raibh feabhas do mná i ndiaidh dúnmharú Savita. Tá cumhacht ag an Eaglais sa tír is sa teanga. Bhí na heaspaig níos tábhachtaí ná na sagairt agus iad níos tábhachtaí ná na mná rialta. Chonaic tú. Thuig tú. Ní raibh sé ceadaithe labhairt amach, ceistiú, caint faoi rudaí a bhí tabú. Ní raibh foclóir agam le bheith ag caint faoi gnéas i mBéarla ná i nGaeilge. Bhí ‘fhios agam gur peaca a bhí ann. Aineolas in am an cás X, Annie Lovett, na Magdalenes agus feicim go leanann sé ar aghaidh is mná ag dul go Sasana fós. Do-chreidthe! Oideachas? Aineolas. Is iad na Bráithre Críostaithe a scríobh na leabhair a d’úsáideamar ar scoil. Tá daoine áirithe fós ag ceapadh gur naoimh a bhí iontu. Thuig go leor leor daoine sa tír ró-mhaith gur ainmhithe a bhí i gcuid mhaith acu i ndáiríre. Brú.

Rinne Ballykissangel tagairt don fhadhb do mhúinteoirí in Éirinn. Is fiú féachaint ar an deacracht atá ag Breandan ann. Muna dtéann sé ag an Aifreann tá a phost i mbaol. Má insíonn sé do na gasúir go bhfuil rogha acu mar a deireann an Bunreacht leo, tá a phost i mbaol. Féach ar 2:00 ar aghaidh http://www.youtube.com/watch?v=lM6b2o99yCM Ní haon ionadh a dúirt an bhean sin le Savita “This is a Catholic country.” Faisisteach a dhéarfainn féin. Ní fhaca mé easpag tanaí, ná sagart fionn, ná pálás bocht ná meas ar mhná ó shagart ar bith i mo pharóiste. Chonaic mé agus chuala mé saint, sotal is seafóid ar mhaithe leo féin. Is thángadar go mo theach is mé óg le féachaint go raibh pictiúr d’Íosa i ngach seomra agus rinne Mamaí cinnte go raibh mar thuig sí na rialacha. Faisisteach.

Cheap mé go mbeadh sé difriúil i SAM. Bhí mé mícheart. Tá greim ag an Eaglais anseo fresin.  ‘Cé mhéid feiminigh atá againn sa rang?’ a d’iarr an t-ollamh ón Ghailís orainn an chéad lá sa rang i gCalifornia. D’ardaigh mé mo lámh go bródúil ach bhí mé im’aonar san rang mór sin. Tionchar na hEaglaise sa chultúr Easpáinnic. Peaca é bheith id’ fheimineach. Sin a deireann an Eaglais leo. Mhínigh mé go raibh mé ar son cearta daonna agus ionanntas agus d’aontaigh siad leis sin. Mar sin féin bhí rud éigin gránna ag baint le feimineachas, cheap siad agus ní raibh siad in ann é a mhíniú dom. Nár thuig mé m’áit sa saol? Ní raibh sé ceart do mná bheith ag labhairt amach mar sin, dar leo. Bhí an-obair déanta ag an Eaglais. Fuath ban acu i ngan fhios dóibh féin. Nach iad a bhí breá géilliúil.

Tá fuath ban i ngach tír. Ach ní leithscéal d’aon tír é sin. Tá fir a cheapann gur rudaí iad mná curtha ar an saol le freastal ar a riachtanaisí. Seo a tharla le déanaí in ollscoil i SAM http://alturl.com/esqo6  Níl meas ag na fir seo ar mná agus cinnte ní fhéachann siad orainn mar dhaoine leis na cearta daonna céanna is atá acu féin. Ní aicme íochtaránach atá i gceist anseo mar ní fhéachann siad ar na mná mar dhaoine ar chor ar bith. Tá gráin ann chomh maith. Mar sin is cuma leo má ghortaíonn siad mná.

I mo chúrsa san ollscoil bhí ceist agam. Cá raibh na mná a scríobh leabhair fadó? Chuir sé isteach go mór orm go raibheamar ag léamh leabhair scríobhtha ag fir amháin. Gach uile leabhar ar an gcúrsa is bhí go leor le léamh againn! Níor scríobh mná ag an am sin a dúradh liom. Níor ligeadh cead do na mná freastal ar scoil ag an am sin. Tuigim cuid den scéal sin mar bhí taithí agam ar ghnéasachas ach fós bhí rud éigin mícheart.  Sa deireadh roghnaigh mé scríobh faoin údar Fernán Caballero. Ní raibh m’ollamh sásta nuair a bhí mé ag caint fúithi mar Cecilia Böhl de Faber. Cheartaigh sé mé: ‘Fernán Caballero.’ Tuigim go raibh uirthi dul faoi cheilt an uair sin. Ach nach bhfuil sí in ann fiú amháin inniu a bheith aithinte mar bhean? Nach bhfuil sé tuillte aici? Nár chóir dúinn fios a bheith againn gurbh í bean a scríobh na leabhair sin? Ní raibh m’ollamh compórdach leis. Fuair sé a oideachas in ollscoil Chaitliceach sa Spáinn.

In Éirinn tá an Eaglais fós i gceannas ar an tír. Tá cumhacht ag na sagairt agus na heaspaig  http://www.lifesitenews.com/news/irish-politician-who-voted-for-abortion-bill-removed-as-extraordinary-minis/ Tá daoine nach dtuigeann é sin mar ní raibh seans acu saoirse ón gcumhacht sin a bhlasadh. Dóibh súid a d’fhoghlaim faoi ghnéasachas agus fuath ban, aithníonn siad go bhfuil mná agus cailíní in aicme íochtaránach in oideachas, sna hospidéil, san rialtas http://jn1.tv/video/news/irish-politician-sorry-for-parliament-groping.html sa tír agus sa teanga. Níl meas ag an Eaglais ar mná is a gcearta daonna. Tá aicme íochtaránach acu san Eaglais agus faighimid oideachas ón Eaglais (a gcluiche, a rialacha, a bpaidreacha 7rl). Seans mhaith nach mbeidh bean ina pápa ná fiú ina sagart. Is dar leis an Eaglais ba chóir do na fir na rialacha a scríobh do na mná agus ní chóir go mbeadh rogha ag na mná. Maith dúinn é, Savita! Tá siad i gceannas le fada agus gach bean ag fulaingt mar gheall air, cuid acu i ngan fhios dóibh fein.

Is tá an ceart agat, Eoin. Tá an teanga lán le Muire agus Pádraig agus níl gá leo ná na paidreacha, ná an Chéad Comaoineach is Aifreann sa scoil is an Chéad Faoistin agus an tseafóid sin uilig. Más mian le daoine an reiligiúin sin a chleachtadh tá sé de cheart acu é sin a dhéanamh ach bíodh sé scartha ónár oideachas poiblí. Ar son ár gcearta daonna!

Ag múineadh le Gaeilge Gan Stró anseo i SAM, caithfidh mé a mhíniú do mo dhaltaí cén fáth an bhfuil DIa is Muire duit ann mar bheannacht, an chaoi ina raibh is a bhí greim ag an Eaglais ar oideachas na tíre, an chaoi nach bhfeiceann daoine iompúchán mar tá siad chomh cleachtaithe sin leis. Ach ná bac, a deirim leo. Abair Haigh nó Aon scéal? srl Ní raibh an rogha sin agam nuair a tháinig cigirí áirithe ag an scoil fadó.

Maidir leis na cearta sin, scar Stát & Eaglais ansin sa bhaile le bhur dtoil ar mhaihe na tíre. Cearta fós de dhíth.

Óráid Mhairi Black

Éist leis an óráid thuas. Déanfaidh sé maitheas duit. Ardmholadh do Mhairi Black.

Chomh maith le Nicola Sturgeon tá polaiteoirí eile ag an SNP a thugann dóchas don domhan ar fad.

Go dtí seo tá an óráid feicthe & cloiste ag timpeall 10.5 milliún daoine, ní ar an suíomh seo amháin ach san iris Time, ar Channel 4, ar Buzzfeed, ar ITV, ar an Huffington Post, sa Guardian, ar shuíomh an SNP ar Facebook srl.

Is beag caint a dhéanann sí ar Nationalism mar tá an focal millte ag an dream eile. Saoirse atá ón Albain agus cothrom na féinne. Ní raibh meas ag an mBreatain ar na daoine a chloígh sé agus ní bheidh ariamh.

Tá 2016 beagnach linn agus is beag caint a chloisimid faoi shaoirse in Éirinn. Ghoid daoine ár dtír uainn. B’shin impiriúlachas na Breataine. Rinne siad dochar agus tá siad fós ag déanamh dochar. Níl síocháin sa Tuaisceart. B’fhéidir nach bhfuil daoine ag marú a chéile mar a bhíodh siad ach fós tá náire ar dhaoine an fhírinne a rá agus tá an Orange Order ag rá gur oidhreacht atá acu.

bonfire

Ná glaoigh Oidhreacht ar an ngráin a cheadaítear bliain i ndiaidh a chéile nuair a chuireann siad brat na hÉireann trí thine, nuair a chuireann siad faitíos ar na hÉireannaigh sa Tuaisceart. Más í Éilís do bhanríon, ní Éireannach thú: ná bíodh dul amú ort. Ní leatsa Éire. Is beag polaiteoir atá sásta é sin a rá i gcomparáid leis an SNP atá lán sásta troid go polaiticiúil ar son saoirse na tíre.

In am dúinn an stair a insint i gceart. In am dúinn freagracht a fháil. Is linne Éire. Ní raibh impiriúlachas ceart ansin ná anois. Thréigeamar an Tuaisceart mar bhí faitíos orainn. Sin an chumhacht atá acu. Ná glac leis níos mó. Cuid den tír fós acu. Cuir ar ais é ar mhapa, ar uaireadóir, i ngach áit, i ndáiríre.

Watch Éire

GRM le @CilliandeBurca as an íomhá

In am dúinn ár dtír a aithint mar oileán gan píosa bainte de.

Saor Alba. Saoirse dár dtír fhéin. Creid ann.

Abair os ard é. 2016 ag teacht, a chairde. Creid.

eire uaireadoir

Stair Saor ó Slabhraí

B’iad na daoine eile na daoine a rinne drochrudaí. Ní muidne. Muidne a bhí ceart i gcónaí. Sin an stair a chuala mé.

Níor chreid mé é ón tús. ‘Fhios agam go mbíodh diabhlaíocht ar siúl ag mo dhearthaireacha, ag daoine eile sa bhaile mór ach nach raibh cead caint faoi… Thuig mé go raibh difríocht idir an gcaoi inar labhair daoine bochta le daoine saibhre. Náire agus rud éigin eile…? An chaoi inar thug daoine aird ar Easpag thar sagart, sagart thar bean rialta, bean rialta thar muidne ‘secular.’ Ach níor thuig mé i gceart cérbh iad na daoine eile sin go díreach (na Sasanaigh ar fad?) ná cén muidne a bhí i gceist (na Caitlicigh?). Rinneamar ú agus á faoi na tithe móra. Rinne na daoine ar an teilifís ar RTÉ aithris ar bhlas na ndaoine ar an mBBC. Bhíomar ag iarraidh bheith cosúil leo. An ceart ag Rick Steves faoi BAC:

English Dublin

Fós mar sin ar bhealach sa chaoi nach gcloistear mórán Gaeilge ar na sráideanna, ná in aon bhaile mór le bheith fíreannach. Is tá an fhírinne uaim.

Lán na fírinne: maith agus olc. Saoirse ó aineolas uaim. Céard a bhí i gceist leis an leagan den stair a d’fhoghlaim mé? Bolscaireacht, smacht, over-compensation? Creidim gur tharla rudaí uafásacha do mo shinsir. Dabht ar bith agam faoi sin. Feicthe agam fiú. Rudaí uafásacha a tharla i m’am féin. ‘Trioblóidí’ sa Tuaisceart. Téarma a thug an BBC dúinn. Más dúnmharú é, glaoigh dúnmharú air. Ná habair Paramilitaries (fós dá dhéanamh): inis go soiléir cé atá dá dhéanamh agus cén fáth. An fhírinne faoi cheilt le fada. Scéal an Ghorta Mhóir fós róchiúin. Náire ar dhaoine caint faoi. Níl sé ceart, cóir ná sláintiúil. Scaoil amach an fhírinne.

Ba chóir dúinn bheith ag caint faoi na daoine a d’fhulaing ionaisc go mbeadh seans againne teacht ar an saol. Ba chóir impiriúlachas a cháineadh go hard mar choir uafásach. Ba chóir an stair uilig a thuiscint.

ACH

ná bíodh muid ag ceapadh go bhfuil ár scéal níos tabhachtaí ná stair sclábhaíochta i dtíortha eile. Ná bíodh muid ag ceapadh gur ‘saints & scholars’ a bhí ionann ná fiú gur maith an rud é bheith gafa le reiligiúin na Vatacáine & ag scriosadh ár gcultúr féin.

Neart caint arlíne faoi sclábhaíocht le déanaí. Cuid de na daoine ag rá nár chóir a bheith ag caint faoi na daoine gorma mar bhí sé chomh deacair sin nó níos deacra dúinne fadó is Éireannaigh ina sclábhaithe. N’fheadar. An é sin an sclábhaíocht céanna i ndáiríre?

Tháinig amhrán chugham…

♫ Ag sclábhaíocht is ag sluasteáil cré ó éirí go luí na gréine, A bheas tú thall i dtír na nGall, a Chóilín Phádraig Shéamais. ♫

Deacair gan dabht ach ní mar an gcéanna le cás SAM. Ach nach raibh muidne níos fearr? Féach ar ár stair. Shábháil muid sibhialtacht! Bhí fear ag caint liom faoin leabhar sin uair.

How the irish saved civilization

Ar léigh tú é? ar seisean liom. Níor léigh go fóill, ar mé. Cén fáth? ar sé lán le hionadh. Is dócha gur chuir an tideal isteach orm, ar mé. Bhog sé siar. Cén chaoi? ar éirigh leis a rá. Bhuel…an oiread de bhóibéas ann agus céard a chiallaíonn ‘Civilization’ ar son nós? Nós talamh a ghoid, cultúr a scriosadh & daoine a mharú le lámh in uachtar a fháil orthu? Ba léir óna aghaidh gur cheap sé gur thit mé ó dhomhan eile nó b’fhéidir gur tháinig mé ón diabhal, é féin. Cheap mé go bhfaca mé déistin ina éadan. Ná cuir ceist muna bhfuil tú ag iarraidh freagra, a cheap mé féin faoi.

Léigh leabhar Cahill. Léigh To Hell or Barbados chomh maith. Léigh faoin nGorta agus Cromail srl. Léigh & déan do mheas féin ar an stair iontu.To hell or BarbadosCibé rud a dhéanann tú, ná húsáid an stair againne le bheith ag caitheamh anuas ar an stair a bhí ag sclábhaithe i dtíortha eile. Ná ceap ach oiread nach raibh páirt ar bith ag Éireannaigh i sclábhaíocht. An fhírinne ar fad uaim.

Muna bhfuil sibh ag leanúint @Limerick1914 ar Twitter, lean é. Tá obair iontach ar siúl aige faoin gcuid seo dár stair. Féach ar an mapa thíos a chuir sé le chéile. Bhí daoine sna háiteacha seo arbh ‘leo’ sclábhaithe.

Ireland

Déan clic anseo agus gheobhaidh tú i bhfad níos mó eolais fúthu.

Mar sin, an chéad uair eile a dhéanann muid ú agus á faoi shaibhreas nó tithe móra nó caisleán nó an Duke of é seo nó é siúd, tuigimis cé as a thagann saibhreas. Tuig céard a tharla thar lear agus anseo le impiriúlachas. Tuig sclábhaíocht: féach ar an scannán 12 Years a Slave. Tuig go ndéanann daoine le cumhacht rudaí uafásacha, fiú Éireannaigh. Ná coinnigh an stair sin faoi cheilt, más Tuam BabiesMagdalenes nó an Dialathas atá againn i ndáiríre nó mná gan cearta nó, níos faide siar sa stair, sclábhaíocht atá i gceist. Ní raibh na daoine eile ciontach i gcónaí. Bhí cuid dár ndream féin ciontach. Tá fós. Neart le ceartú sa stair agus anois.

Cearta do gach duine. Oideachas in áit aineolas le tosnú. Ardmheas le Liam Hogan atá ag tabhairt faoin obair seo lenár stair féin a scaoileadh saor ó na slabhraí a choinnigh in aineolas muid. Cuid dá obair le feiceáil i Slate le déanaí. Is breá liom an tsaoirse a thagann le eolas. Comhghairdeas leis!