Cartlanna Clibe: Clann

Am Caillte

Caillte

‘How’s my little gearrachaile?’ a chloisinn fadó ó mo Dhaid. Bhí amantaí maithe ann ach ‘siad na nóiméidí caillte a fhanann liom: nuair a bhí mo Mhaim a lorg fáisce is dhiúltaigh sé di é, nuair a bhí sé ag obair gan stad srl. Níor airigh mé mórán grá uaidh. B’fhéidir nach raibh grá ann ach ní dóigh liom gur fíor é sin ach oiread. B’aisteoir é nuair a bhí gá leis is nuair a thagadh duine ar chuairt bhí sé i dea humor ar feadh an ama sin. Is bhí grá ann fadó sular chaill said é is faoi dheireadh tháinig sé ar ais arís is anois níl ‘fhios agam cá bhfuil sé. Ait. Ach nach bhfuilimid uilig ait.

Teach na seandaoine

Tá mo Dhaid i dteach na seandaoine sa Mhuileann gCearr anois. Bíonn laethanta maithe aige agus amantaí eile nuair nach mbíonn sé ag iarraidh caint le duine ar bith is é ar a leaba leath ina chodladh ag déanamh tada is an t-am ag sciobadh uaidh. N’fheadar cén sórt smaointe a bhíonns aige ansin. Tá Parkinsons aige anois is tá sé fíor-dhian air dul amach ag siúl. Is cinnte go bhíonn gruaim air go minic agus mo Mhaim imithe ar shlí na fírinne tar éis bheith san áit céanna le blianta fada le Alzheimers. Caillte.

An pháirc in aice le mo theach (sa gheimreadh ar ndóigh)

Is mé ag fás aníos chloisinn faoi dhaoine i dteach na ngealt ach dúirt mo Mhaim liom gur ‘daoine le Dia’ a bhí san áit sin agus thaitin an frása sin liom. Bhí cineáltas ann. Nuair a bhí mé an-óg is cuimhin liom mo thuismitheoirí ag glaoch ‘sweethearts’ orthu féin. De réir a chéile d’imigh an grá. Nó b’fhéidir nár imigh. B’fhéidir go raibh siad tuirseach ag iarraidh bia a chur ar an mbord dúinne. Níl ‘fhios agam, dáiríre. Ait an mac an saol srl. Chaill said beirt dá gclann: mo dhearthair is mo dheirfiúr a d’fhág an saol seo sula raibh seans acu fásadh. Caithfidh go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm orthu. Níl a n-ainmneacha le fáil in aon reilig. Stair caillte. Sin an chéad rud eile a chaithfidh mé a cheartú is mé sa bhaile.

An Muileann gCearr

Ach nuair a chuir siad Maim isteach i dteach na seandaoine tháinig athrú ar Dhaid. Bhí siad uilig ag caint faoi: an fear a tháinig isteach lá i ndiaidh a chéile is a bhí ag caint lena bhean chéile is gan clú aici céard a bhí sé a rá. Ach d’aithin sí an grá arís is bhí sí óg arís ar bhealach is ‘le Dia’ ar bhealach eile. Tógadh í. Agus fuair sí sonas sular imigh sí, ró-dhéanach ar bhealach ach b’fhéidir go raibh sí níos fearr as. Agus Daid agus a chlann? Tá an gleic ann a bhí ann i gcónaí fós ann. Dream stuacach muid. Ach níl againn ach seal sa saol seo. Ní chóir am a chailleadh mar sin mar ní féidir le duine dul ar aghaidh. Tá Daid fós stuacach agus creideann sé i ndílseacht agus meascann sé an obair a rinne sé lena luach agus is mór an trua é. Ní ligeann sé do dhaoine an grá a thug sé do mo Mhaim a thabhairt dó. Seansanna caillte. Ach fós, fhad is atá saol ann, tá dóchas.

Is dóigh nár chóir dom an lúdramán a luaigh ach, bhuel, níl meas dá laghad agam ar a dhochtúir.  Ach sin scéal eile. Fágfaigh mé ar cheall é. Ach tá gá le feabhas ar an staid ina bhfuil cúrsaí. Ní bheidh mé san mbaile ar feadh bliain eile agus níl dabht ar bith orm go mbeidh rudaí ag dul in olcas. Sin an chaoi ina bhfuil an saol is níl neart agam air. Chlúdaigh mé a chosa leis na pluideanna is dúirt mé ‘Slán go bhfeicfidh mé aríst thú’ is tháinig an deahumor ar ais agus bhí mé buíochasach as an mbronntanas sin. Sin é. Grá fós ann. Slán.

Mo bhealach abhaile: an saol san aer

Go dtí go bhfeicfidh muid a chéile aríst…

D’fhill mé an lá sin ag an teach inar fhás mé suas is léigh mé an triú scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

Bean a Tógadh As

Advertisements