Cartlanna Clibe: Cumhacht na mBan

Kittur Rani Chennamma

Bean stairiúil san India

kittur-rani2

Ba bhanríon Indiach í Kittur Rani Chennamma a throid i gcoinne an Comhlacht Briotanach na hIndia Thoir. Rugadh í i sráidbhaile Kakati i 1778. Mar chailín óg bhíodh sí ag marcaíocht ar chapaill, ba bhoghdóir í agus bhí scileanna maithe aici le claimhte.  Ag a 15 phós sí Mallasarja Desai, ceannaire Kittur. Fuair a fear chéile bás i  1816 agus fuair a mac bás tamall gearr ina dhiaidh sin.

kittur 4D’uchtaigh Chennamma (ceannaire Kittur anois), mac agus í ag iarraidh go mbeadh seisean ina cheannaire nuair a fhásfadh sé. Ach, mar chuid den phlean a bhí acu greim a fháil ar an India, chuir Rialtas na Breataine agus an Comhlacht Briotanach na hIndia i bhfeidhm an “Doctrine of Lapse.”

De réir an ráiteas seo ní raibh cead ag cinnirí leanaí a uchtú nuair nach raibh leanaí acu féin. Sa chaoi seo, d’fhéadfadh an Bhriotáin an talamh a ghoideadh uathu.  Níor aithin siad mac Chennamma agus tháinig Stát  Kittur faoi smacht Comhlacht Briotanach na hIndia. Ach níor ghlac Rani leis an dlí ná leis an dúnghaois. Níor aithin sí rialtas na Breataine ach oiread. Bhailigh sí a saighdiúirí féin lena Stát a chosaint ó na saighdiúirí Briotanach.

kittur 3

Bhuail siad le chéile is saighdiúirí Briotanach ag teacht isteach go Kittur. Maraíodh na céadta saighdiúirí Briotanach sa chath. Ina measc bhí an tUasal Thackeray, an duine a bhí ceapaithe ag an mBriotain le bheith ina cheannaire ar an áit.

Cé gur éirigh le Chennamma an uair sin, tháinig saighdiúirí eile ó  Mysore agus ó Sholapur le tacaíocht a thabhairt do na Briotanaigh agus bhailigh siad mór-thimpeall ar an mBanríon agus ar a dún. D’éirigh léi iad a choinneáil amach ón doras ar feadh 12 lá. Ach faoi dheireadh fuair fealltóirí réidh lena taiscí púdair agus ní raibh seans aici ansin.

kittur horse

Gabhadh, Kittur Rani Chennamma agus choinnigh siad i bpríosún í go dtí go bhfuair sí bás i 1829. Cé nár éirigh léi sa chath ná sa chogadh, ba dhuine tábhachtach í i ngluaiseacht na saoirse san India.

Rani