Cartlanna Clibe: Éire

An Gorta Mór: cúnamh ó SAM

Eolas is pics ón alt seo le Timothy J. Sarbaugh.

Ins na 1800daí bhí na mílte ag fáil bháis ón nGorta in Éirnn is tháinig an scéal go Meiriceá faoi.

Ghlaoigh an Seanadóir Henry Clay i 1847 ar mhuintir SAM bheith flaithiúil is cúnamh a thabhairt do dhaoine in Éirinn a bhí ag fáil bháis ón nGorta Mór.

D’fhreagair na daoine. Tháinig neart airgid is cúnamh go hÉirinn trí Chumann na gCarad. Sheol siad 118 árthaí go hÉirinn le $545,145 de chúnamh ar bord. Sin atá i dtuarascáil faoi.

Ar ndóigh bhí daoine eile a thug cúnamh go díreach do dhaoine in Éirinn, dá muintir sa bhaile srl is tá chuile sheans ann gur fhág cúnamh ar luach na milliúin dollair Meiriceá ag an am. Tuigimid go raibh daoine iontach flaithiúil ag an am ach b’shin na daoine. Céard a rinne rialtas Mheiriceá go hoifigiúil?

Is beag meas atá agam ar an Uachtarán James Polk mar gheall ar an gcaoi ar ghoid sé talamh ó Mheicsiceó. Tuigim go raibh sé glic faoi ach bhí sé as bealach is tá daoine ag fulaingt fós mar gheall air anseo.

Chuala Polk agus a Rúnaí Stáit James Buchanan faoi chúrsaí in Éirinn. Mar a tharlaíonn anseo go minic, d’fhéach siad ar an fhadhb mar bhealach le airgead a dhéanamh. Is bia gann in Éirinn, d’fhéadfadh siad bia SAM a dhíol d’Éirinn.

Bhí George Bancroft, an fear a scríobh History of the United States from the Discovery of the Continent, i Londain mar aire SAM idir 1846 agus 1849. Scríobh sé go díograsach i 1846 go raibh an-éileamh ar mhin bhuí ó SAM. Dar le Bancroft, bheadh an Bhreatain ag brath ar SAM níos mó ná mar a bheadh SAM ag brath ar Shasana, rud a bheadh go maith do SAM. Chonaic sé saibhreas do SAM ann

D’aontaigh oifigeach consalachta SAM i mBaile Atha Cliath, Thomas Wilson, le Bancroft. Bhí airgead le fáil as. Is roinn sé a thuairim leis an Uachtarán Polk.

De réir an consalach i mBéal Feirste, Thomas Griffin, bheadh Éire ag méadú na hearraí a iomportáil sí ó SAM faoi dhó. Deis iontach brabús mór a bhaint amach a bhí ann.

Is na daoine seo ag comhaireamh airgid ina gcinn roimh réidh, bhí díospóireacht i gComhdháil SAM faoi ar chóir nó nár chóir cúnamh a thabhairt d’Éirinn. I Feabhra 1847, léirigh feisire Washington Hunt ó Nua Eabhrac a phlean le cúnamh a thabhairt do na hÉireannigh don gComhdháil. Bhí sé ag iarraidh go gcaithfidís $500,000 le cúnamh a cheannach is a sheoladh go hÉirinn. Léigh siad é faoi dhó. Cuireadh go coiste speisialta é. Labhair an feisire Charles Ingersoll ó Pennsylvania amach ar a shon. Luaigh sé tábhachtacht na hÉireannaigh i stair SAM agus an saibhreas a bhí i SAM ag an am. Faraor in ainneoin a rinne Hunt agus Ingersoll, níor éirigh leo.

Yankee Doodle's Corn Exchange(Yankee Doodle)This American cartoon praises that country's ability to feed Ireland from it's surplus grain;but it is unclear just how the destitute were expected to purchase such supplies.

Nuair a theip ar an mbille sa chomhdháil, rinne an seandóir John J. Crittenden ó Kentucky iarracht é a shábháil sa Seanad. Rinne sé trácht ar an uair a sheol an tUachtarán James Madison  £50,000 go Veiniséala i 1812 i ndiaidh crith talún ansin. Labhair sé go maith ar son na hÉireann. Fuair sé tacaíocht ón Seanadóir Thomas Clayton ó Delaware. Léigh siad os ard é trí huaire. Thug an Seanadóir Lewis Cass ó Michigan a thacaíocht don mbille freisin.

An lá dár gcionn labhair an taobh eile amach. Ba é John Niles ó Connecticut an duine ba láidre in aghaidh an bille.  Cén baint a bhí ag SAM le Éirinn? ar sé. Baint ar bith, dar leis. Fadhb na Breataine. Ba chóir don Bhreatain deighleáil leis, ina thuairim. Dá sheolfadh SAM cúnamh go rialtas Shasana, bheadh sé maslach mar bheadh siad ag cur le fios go raibh Sasana lag, an argóint a bhí aige faoi. ‘Charity begins at home’, ar Niles. Ná seol airgead do thíortha eile mar sin a dhearcadh.

In ainneoin na hargóintí d’éirigh leis an mbille sa Seanad is sheol siad go Teach na hIonadaithe é.
D’iarr an feisire Hunt go mbeadh seans aige agus ag Lewis Levin ó Pennsylvania féachaint air is sheol siad go Coiste Ways and Means é. Leag Levin amach an scéal mar bhia do dhaoine a bhí ag iarraidh cóisir a bheith acu in áit daoine a bhí ag fáil bháis den ocras.Ní raibh grá ar bith ag Levin do na hÉireannaigh.

US President James Polk (Tennessee Historical Society)

Bagairt Crosta (veto) Polk

Nuair nach ndearna siad caint níos mó air, d’iarr feisire Robert C. Winthrop ó Massachusetts agus John Wentworth ó Illinois orthu rud éigin a dhéanamh faoi ach fós ní dhearna siad tada. Sa deireadh thuig siad gur cheap an Coiste Ways and Means dá gcuirfeadh siad an bille go Polk go núsáideach sé cumhacht crosta le é a mharú.

Cheapfá go dtabharfadh Polk tacaíocht don bhille is a mhuintir ó Albain is ó Éirinn. Ach bhí sé réidh leis an bille a mharú mar níor chreid sé go mba chóir do SAM airgead SAM a úsáid mar sin. Theip ar an mbille.

1847 cash draft issued in New York to be drawn on the National Bank of Ireland- over the course of the famine hundreds of thousands of dollars were sent from America to Ireland by the Irish immigrants.

Níor sheol an rialtas airgead ná bia ach, buíochas leis an Seandóir John Fairfield, lig siad cead do dhaoine dhá bhád a úsáid le cúnamh a thabhairt d’Éirinn. An Macedonian agus an Jamestown. D’úsáid an Boston Committee for Irish Relief an Jameson is a captaen Robert Forbes le 800 tonna de bhia a sheoladh go Corcaigh. Bhí fáilte is fiche roimh an gcriú i gCorcaigh. Thóg sagart Forbes go na háiteacha ba mheasa is scríobh Forbes: ‘I would gladly forget, if I could, the scenes I witnessed…in two hours walk, I saw more actual distress and apparent poverty than I ever saw in my whole life…’

The USS Macedonian, the second of two American warships which brought food aid to Ireland in 1847.(Illustrated London News)

D’fhág an Jamestown Corcaigh is tháinig ar ais go SAM in Aibreáin 24 lá ina dhiaidh. Bhí an Macedonian fós ag fanacht i Nua Eabhrac mar bhí fadhbanna acu bia is tacaíocht a fháil. Ba é George DeKay ó New Jersey an captaen is d’iarr sé cúnamh ó Forbes nuair a d’fhill sé. Tháinig Forbes agus Bostún le chéile le bia a sheoladh go Nua Eabhrac agus uaidh sin go hÉirinn. Lán le bia, d’fhán an Macedonian SAM i Meitheamh agus tháinig siad go Corcaigh i mí Iúil. Bhí fáilte mór roimh  DeKay is le cúnamh ó Chumann na gCarad roinn siad an bia. Bhí eisceacht amháin ann. Thug siad bia go pearsanta do Maria Edgeworth ag Edgeworthstown go roinnfeadh sí an bia leis na daoine ar a estát. D’éirigh le DeKay agus an Macedonian ach bhí ar DeKay $30,000 dá airgead féin a chaitheamh san iarracht. D’iarr sé ar an gComhdháil airgead a thabhairt dó mar bhí sé chomh bocht sin ina dhiaidh ach fuair an fear bocht bás is é bocht is tuirseach sular tháinig cúnamh ar bith ón gComhdháil.

Bhí daoine i mBostún agus áiteachaí eile a thug cúnamh do mhuintir na hÉireann ach ag deireadh an lae, níor thug comhdháil Polk ach dhá bhád do dhaoine a bhí ag iarraidh na mílte a shábháil. Is mór an trua sin.
Choctaw
.Kindred Spirits le Alex Pentek

Mar a thug na Choctaw cúnamh dúinn anseo

Iontach ar fad cúnamh a fháil ó dhaoine gan mórán acu féin. Sin cineáltas.

Turas ONCE

Nuair a théim ar aid go hÉirinn bím chomh gnóthach sin nach mbíonn am agam dom féin le dul ag taisteal. Maidin amháin bhí mé ar dhulagas leis féin a thabhairt go dtí an aerfort ag a 4:00rn. Dúirt siad go léir go mba chóir dom teacht díreach ar ais is dul a luí arís ach bhí mé i mBaile Atha Cliath. Seans agam na háiteachaí a chonaic mé sa scannán ONCE a fheiceáil i ndáiríre. Is é féin ar bord, sa charr liom go Cnoc Chill Iníon Léinín, an áit inar thug sí an freagra rómánsúil Miluju Tebe dó. 

Image

Thiomáin mé i dtreo na sléibhte ach chuaigh mé ar strae. Stop mé le treoir a fháil ó lead ag garáiste. Lead óg ón Rómáin a thuig mo thír níis fearr ná mise a chuir ar an mbóthar ceart mé. Roimh i bhfad bhí mé stoptha ag geata ag Victoria Hill. An raibh dul amú orm? Chuir mé ceist ar duine ag obair ann le fáil amach go raibh mé san áit ceart (céard atá Victoria ag déanamh fós anseo?!), isteach liom agus suas an cnoc.

Dealbh taobh istigh den geata.

Thus Dedalus Flew air.

Beagnach a 6:00 ar maidin agus geal agus daoine ag siúl thart fiú ag an am sin. Mé san áit ceart. Aithrigh an ainm sin ó Victoria Hill le bhur dtoil. Mar a chuirimid daoine ar strae agus muid fós ag iarraidh bheith béasach faoin stair. Ag barr an chnoic is tuirse orm tháinig mé ar an radharc IONTACH sin ó ONCE. Tá Éire fíorálainn!

Image

Tá stair ag an gcnoc seo domsa. Bhí mé anseo cheana ach dhreap mé ó thaobh eile é. Bhí an draíocht céanna san aer an uair seo. Chaith mé uair a chloig ann ag siúl thart, ag stánadh ar an áilleacht, gafa. An uair dheireanach ní fhaca mé an oibilisc ná an pirimid.

ImageCheap mé go raibh mé i Meiriceá Theas nuair a chonaic mé é seo.

Bhí oibilisc níos lú níos faide síos le seomra beag ann.

Radharc ón seomra sin.

Bhí áiteachaí a bhí cosúil le iarthar na tíre.

Image

Lean mé orm ag siúl thart go dtí gur tháinig mé go áit a d’aithin mé ómo chéad turas ann. Is shuigh mé ar an gcloch is rinne mé guí.

Ba mhór an difríocht idir an bóthar lán le carranna a d’fhág mé, an cosán leathan suas go barr an chnoic agus an coill seo.

Chuaigh mé trí na crainnte is ansin romhan bhí radharc ar an gcathair.

Tá an oiread sin le déanamh anseo, ag dreapadh aillte, an stair ann, na radharcanna, srl.

Rus a chonaic mé go minic is mé óg beagnach as radharc anseo freisin,

Ins an eolas go léir a bhfuair mé san aerfort ní bhfuair mé tada faoin áit seo agus is mór an trua é sin. Go Dealginis agus Páirc Mharlay liom ina dhiaidh roimh dul abhaile dom. Bhí ionadh orthu ar fad nuair a chuala siad an scéal is nuair a chonaic siad na pics. Ach sin an rud. Tá áilleacht ansin is déanaimid dearmad air. Amach linn le taitneamh a bhaint as an saol.

Am Caillte

Caillte

‘How’s my little gearrachaile?’ a chloisinn fadó ó mo Dhaid. Bhí amantaí maithe ann ach ‘siad na nóiméidí caillte a fhanann liom: nuair a bhí mo Mhaim a lorg fáisce is dhiúltaigh sé di é, nuair a bhí sé ag obair gan stad srl. Níor airigh mé mórán grá uaidh. B’fhéidir nach raibh grá ann ach ní dóigh liom gur fíor é sin ach oiread. B’aisteoir é nuair a bhí gá leis is nuair a thagadh duine ar chuairt bhí sé i dea humor ar feadh an ama sin. Is bhí grá ann fadó sular chaill said é is faoi dheireadh tháinig sé ar ais arís is anois níl ‘fhios agam cá bhfuil sé. Ait. Ach nach bhfuilimid uilig ait.

Teach na seandaoine

Tá mo Dhaid i dteach na seandaoine sa Mhuileann gCearr anois. Bíonn laethanta maithe aige agus amantaí eile nuair nach mbíonn sé ag iarraidh caint le duine ar bith is é ar a leaba leath ina chodladh ag déanamh tada is an t-am ag sciobadh uaidh. N’fheadar cén sórt smaointe a bhíonns aige ansin. Tá Parkinsons aige anois is tá sé fíor-dhian air dul amach ag siúl. Is cinnte go bhíonn gruaim air go minic agus mo Mhaim imithe ar shlí na fírinne tar éis bheith san áit céanna le blianta fada le Alzheimers. Caillte.

An pháirc in aice le mo theach (sa gheimreadh ar ndóigh)

Is mé ag fás aníos chloisinn faoi dhaoine i dteach na ngealt ach dúirt mo Mhaim liom gur ‘daoine le Dia’ a bhí san áit sin agus thaitin an frása sin liom. Bhí cineáltas ann. Nuair a bhí mé an-óg is cuimhin liom mo thuismitheoirí ag glaoch ‘sweethearts’ orthu féin. De réir a chéile d’imigh an grá. Nó b’fhéidir nár imigh. B’fhéidir go raibh siad tuirseach ag iarraidh bia a chur ar an mbord dúinne. Níl ‘fhios agam, dáiríre. Ait an mac an saol srl. Chaill said beirt dá gclann: mo dhearthair is mo dheirfiúr a d’fhág an saol seo sula raibh seans acu fásadh. Caithfidh go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm orthu. Níl a n-ainmneacha le fáil in aon reilig. Stair caillte. Sin an chéad rud eile a chaithfidh mé a cheartú is mé sa bhaile.

An Muileann gCearr

Ach nuair a chuir siad Maim isteach i dteach na seandaoine tháinig athrú ar Dhaid. Bhí siad uilig ag caint faoi: an fear a tháinig isteach lá i ndiaidh a chéile is a bhí ag caint lena bhean chéile is gan clú aici céard a bhí sé a rá. Ach d’aithin sí an grá arís is bhí sí óg arís ar bhealach is ‘le Dia’ ar bhealach eile. Tógadh í. Agus fuair sí sonas sular imigh sí, ró-dhéanach ar bhealach ach b’fhéidir go raibh sí níos fearr as. Agus Daid agus a chlann? Tá an gleic ann a bhí ann i gcónaí fós ann. Dream stuacach muid. Ach níl againn ach seal sa saol seo. Ní chóir am a chailleadh mar sin mar ní féidir le duine dul ar aghaidh. Tá Daid fós stuacach agus creideann sé i ndílseacht agus meascann sé an obair a rinne sé lena luach agus is mór an trua é. Ní ligeann sé do dhaoine an grá a thug sé do mo Mhaim a thabhairt dó. Seansanna caillte. Ach fós, fhad is atá saol ann, tá dóchas.

Is dóigh nár chóir dom an lúdramán a luaigh ach, bhuel, níl meas dá laghad agam ar a dhochtúir.  Ach sin scéal eile. Fágfaigh mé ar cheall é. Ach tá gá le feabhas ar an staid ina bhfuil cúrsaí. Ní bheidh mé san mbaile ar feadh bliain eile agus níl dabht ar bith orm go mbeidh rudaí ag dul in olcas. Sin an chaoi ina bhfuil an saol is níl neart agam air. Chlúdaigh mé a chosa leis na pluideanna is dúirt mé ‘Slán go bhfeicfidh mé aríst thú’ is tháinig an deahumor ar ais agus bhí mé buíochasach as an mbronntanas sin. Sin é. Grá fós ann. Slán.

Mo bhealach abhaile: an saol san aer

Go dtí go bhfeicfidh muid a chéile aríst…

D’fhill mé an lá sin ag an teach inar fhás mé suas is léigh mé an triú scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

Bean a Tógadh As

Tá Gach Reilig Beannaithe

Cré, Cró is Cearta

Nuair a bhí mé san mbaile  thug mé cuairt ar reilig do pháistí nach raibh baistithe agus do dhaoine a fuair bás ón gCalar. Tá an reilig bheag ann le fada an lá taobh leis an chanáil ríoga in aice le droichead Cill Phádraig taobh amuigh den Muileann gCearr. Sa bhaile sin a tógadh mé. Sa reilig sin atá m’uncail, dearthaireacha m’athair agus níl focal fúthu scríobhtha ann. Tá sé deacair go leor an áit seo a fheiceáil ón gcosán ach tá an-stair ag baint leis.

Bhí áthas orm a fheiceáil an uair seo go raibh cuí ar an reilig. Níl a fhios agam an bhfuil áthas orm faoin gcros ach caithfidh mé cuimriú go raibh a leithéid ann roimh am Naomh Pádraig. Tá rósanna ag fás ann anois agus faoi dheireadh tá cuimhneamh ar chlann amháin ann ar leac bheag.

Tá na leanaí atá curtha anseo agus a mhuintear a mhaireann sa chó dorcha le fada an lá. Is trua sin. Tá sé ceart is cóir aithint a thabhairt do na mairbh. Mo mhíle bhuíochas do na daoine a chuir an chéad leac suas mar ba mhaith liom an rud céann a dhéanamh anois do mo dhaoine ach níl sé éasca. Tá an meon aigne céanna againn in Éirinn agus atá acu sa Spáinn. ‘Sé ‘Veulve Ud. mañana’ nó ‘an méar fhada’ a chuireann gach rud siar anseo i gcónaí gcónaí.

An chéad leac sa reilig. Do formhór na daoine ann níl ann ach clocha gan ainmneach nach féidir a fheiceáil faoin bhféar.

Faoi dheireadh (trí bliain ina dhiaidh sin) d’éirigh liom leac a chur ann do m’uncail ach bhí orm éisteacht le scéalta Faoi Domhnall Lovely ar dtús ó fhear a cheap nach raibh dochar ann. Is iomaí cineál taibhsí atá againn in Éirinn!

Tá mé cleachtaithe le clocha mar seo faoin tuath is mé ag siúl trí na páirceanna thart anseo ó bhí mé óg. Doine a bhfuair bás sa Ghorta Mór, seans, is gan fágtha ach cloch, Ach an cuma céanna ag na clocha ar fad ón am sin.

  Is fada an turas atá agam ó California go Muileann gCearr. D’fhág mé an reilig agus shiúl mé ar ais ar bhruach an canáil ag stopadh le caint le capaill ar an mbealach. An chéad lá brea a bhí againn. Bhí an t-ádh liom.

Sa chré atá siad, mo mhuintear, ní sa chró. Is tá draíocht agus síocháin san áit seo. Níor mhaith liom go ndéanfaí dearmad ar áiteachaí mar seo go deo ná ar na daoine a mhair ar an saol seo fadó, fiú ar feadh seal an-bheag ar fad.

Ag smaoineamh ar mo thuras shuigh mé síos sa bhaile is léigh mé an dara scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

Aingle na dTrí Sciathán

Balor i Lár na Tíre

Mheall Balor Ann Mé

Bhí mé in Éirinn sa chúigiú cúige. D’éirigh mé maidin amháin is thug mé faoi deara go raibh meall i m’ascaill. Ag an dochtúir liom go sciopaidh le fáil amach nach raibh mé ag fáil bháis fós agus nach raibh aon dochar ann. Salann, uisce and brú air is bheinn ceart go leor arís a dúirt sí liom. Baineadh geit asam mar sin féin. Ní ait an rud é mar sin gur chaith mé an lá ar fad ag dul ó reilig go reilig is ag dreapadh cnoc spioradálta.

Tar éis dul ag caint le m’athair nach raibh fonn cainte air ar chor ar bith thug mé cuairt ar Bhaile Fhobhair, Co na hIarmhí. Tá cáil air mar mhainistir is bhí baint aige leis an bplá i 655. Chuaigh mé ann ag guí ar son mo shláinte. ‘Siad na déithe págánaigh a ghaloigh orm. D’fhéach mé ar leagan amach na háite ar mhapa a bhí ann. Ar thaobh mo lámha clé bhí an séipéil is an mhainistir sa ghleann thíos fúm. Ar dheis bhí cnoc mór is cloch mór milteach ar a bharr is bhí fonn orm dul suas an lá sin in áit dul síos. ‘Carrick Balor’ a bhí air de réir an mapa is mar sin suas liom. Ag an mbarr bhí mé tuirseach ach lán sásta i gcomhluadar na beithigh ar bharr an chnoic ag breathnú síos ar an radharc álainn. Ní raibh capall ann ná bagairt ná brú ar bith agus lig mé do mochorp sos a thógáil ann is mhothaigh mé teas is solas ag dul trím.

Roimh dul abhaile dom thug mé faoi deara go raibh crann in aice leis an gcarrchlós is é maisithe le píosaí éadaí. Stróic mé cuid de mo sheaicéad agus cheangail mé é ar chraobh is d’imigh mé liom.

Cheannaigh mé iasc is sceallóga ó fhear ó Nepal sa chipper i mBaile Fhobhair roimh dul abhaile dom is bhí cómhrá taitneamhach againn. Bail ó na Déithe ar a gcuid oibre. Ar ais sa teach dom thosaigh mé ag léamh faoin tSlua Sí ón leabhar Scéalta Chois Cladaigh. An-turas, an lá sin!

Sábháil ár dTeanga – An Liosta

Bansky gaeilgeLabhair í.

Tá obair le déanamh againn. Tá ár dteanga i mbaol ach tá seans iontach againn anois agus ní chóir dúinn bheith leisciúil. Bhí Seo Linn agus daltaí ó Choláiste Lurgan ar an Late Late agus mhothaigh an tír rud nár mhothaigh go leor daoine le fada: bród. Lurgan ag dul ó neart go neart mar tuigeann siad gur féidir le Gaeilge bheith taitneamhach. Mar tá sí álainn. Ní píonós í. Is bronntanas í. Is linne í. Tá suim ag daoine sa teanga mar feiceann siad gasúir óga ag baint taitneamh as, buíochas le Coláiste Lurgan anois. Ach caillfidh siad go tapaidh é muna dtugaimid cúnamh dóibh.

conas teanga a fhoghlaim

‘Gaeligh Tú Féin’

Seo an liosta:

1. Éist le ceol

ipod

Tosaigh le ceol. Sin an rud a spreag an tsuim. Feicim daoine ag scríobh ar YouTube: cuir ar iTunes é. Ní thuigeann siad go bhfuil sé le fáil dóibh saor in aisce mar ní thuigeann siad conas é a chur ina leabharlann iTunes. Múin dóibh le ceacht amháin sa scoil agus cúnamh ins na leabharlainn poiblí conas na hamhráin a íoslódáil ceol ó TgLurgan agus ceol ceannaithe ó iTunes . Má tá airgead agaibh, ceannaigí ipods (na cinn beaga thuas) agus cuir na hamhráin as Gaeilge iontu. Ná measc suas le amhráin as Béarla iad. Tum isteach sa Ghaeilge. Bíodh daoine ag déanamh obair an tí, ag jogáil, ag obair sa gháirdín, i ngach áit ag éisteacht le amhráin as Gaeilge. Tá níos mó ná 100 amhráin (nua-aimseartha) le fáil.

2. Éist le caint

Ansin, téigh go Podchraoltaí ó Raidió na Gaeltachta. Cuir ar iPod eile nó seinnteoir eile iad agus cuir ar siúl é nuair a shiúlann tú isteach sa teach. Dóibh siúd ina gcónaí in Éirinn, tá an t-ádh libh. Bíodh raidio amháin ar Raidio na Gaeltachta 93-95 MHz i gcónaí agaibh sa chistin.

Bíodh Gaeilge le cloisteáil i ngach áit le beannachtaí ó gach duine. Níl sé deacair! Tá gach duine ó gach tír in ann ‘Fáilte go… ‘ agus ‘Slán agus beannacht’ a fhoghlaim. Bíodh suaitheantas ‘Labhair Gaeilge Liom‘ nó a leithéid ar na daoine le Gaeilge líofa sna siopaí.

Más TD thú bíodh Gaeilge agat agus á úsáid roimh deireadh ‘Bliain na Gaeilge’ nó tabhair post do dhuine le  aistriúcháin a dhéanamh duit agus le do ráiteaisí sa Dáil a léamh amach duit. Bíodh Gaeilge mar riachtanas beartaithe i mbliana agus curtha i bhfeidhm i 2016! Déan rud fíor-thábhachatch don teanga!

3. Féach ar an teilifís (nó ar do ríomhaire)

TG4 thar barr. Dáiríre. Tá sé do-chreidthe! Tá clárachaí níos fearr acu ná ag na leads móra i Meiriceá. Tá sé le fáil dúinn arlíne agus daoibhse in Éirinn ar an teilifís. Déan am duit féin gach lá: uair a chloig ag féachaint ar chlár nó scannán as Gaeilge.

Bíodh na fógraí ar RTÉ as Gaeilge! Bíodh i bhfad níos mó (50%) Gaeilge ar RTÉ. Bíodh sé dá-theangach más mian leis ach ná tabhair níos mó ama don Bhéarla ná don Ghaeilge.

Bíodh ár nearraí le fáil as Gaeilge. Féir plé do Tayto. Anois, cá  bhfuil gach duine eile? Déan anois é i mBliain na Gaeilge. Níl mórán ama againn agus go leor le déanamh.

Tayto Gaeilge

4. Léigh

Tá go leor, leor leabhair maithe amuigh ansin anois. Bíodh siad ar na seilfeanna i ngach Siopa Leabhar. Cén fáth an gcaithfidh daoine a mhíniú do dhaoine i Siopa Leabhar in Éirinn go bhfuil litríocht.com ann mar níor chuala siadsan faoi?! Tá sé scannalach. Ba chóir go mbeadh níos mó leabhair inár dteanga féin ná mar atá i dteangachaí eile ar na seilfeanna ach tuigim go bhfuil bóthar fada romhainn fós ansin. Ach bíodh balla amháin againn ar a laghad i ngach siopa. Bíodh gach leabhar atá foilsithe as Gaeilge le fáil do gach scoil is gach leabharlann is gach ospidéal / teach na seandaoine… sa tír. Déan é. Dáiríre. Cé mhéid leabhar a léigh tú i do shaol as Béarla? Cé mhéid as Gaeilge? Oops. Tá leabhair maithe amuigh ansin anois. Agus níl siad cosúil le Peig. Bíodh Café Gaelach i ngach baile mór cosúil leis an Siopa Leabhar atá ag Conradh na Gaeilge ach le spás sa lár don café. Lig do na custaiméirí leabhar a léamh agus iad ag ól caife agus an leabhar a chuir ar ais roimh dul amach ar nós stíl Barnes & Noble sna Stáit Aontaithe. Oibríonn sé. Ceannóidh siad leabhair nuair a chuireann siad suim iontu.

Aiséirí2

Bíodh Gaeilge ar na comharthaí go léir i ngach áit. Ná cuir suas le comhartha i mBéarla amháin. Cabhraigí le daoine, leis an dlí, le treoir dóibh. Más féidir, tabhair an leagan ceart dóibh leis an rud a cheartú. Tabhair airgead dóibh leis an jab a dhéanamh má tá sé agat.

Caithfear na logainmneacha a cheartú. Is linne ár dteanga. Ná bíodh na leaganacha seafóideacha de Anglicization (praiseach – ag scríobh fuaimeanna mícheart) againn níos mó. Dár gcuairteoirí féadfaidh muid fuaimeanna agus míniú a scríobh. An stíl nua:

_____________________

Fáilte go dtí

An Muileann gCearr

On Mwilin Gyar

The Strange Mill

Labhair Gaeilge linn

________________________

5. Bí ag caint.

Bíodh ciorcal cainte ar siúl i ngach pobal, i ngach baile, i ngach contae, i ngach Cúige. Ag tarlú de réir a chéile agus cuireann sé ardáthas orm. Moladh go deo leis na Cnocadóirí, gach ciorcal comhrá ar fud na tíre, na siúlóidí stairiúil sa Rinn srl. Is laochra sibh. Scaip é ar fud na tíre mar tá an freagra agaibh. Seo an chaoi Gaeilge a chur ar na sráideanna go mbeidh sí in úsáid go nádúrtha mar theanga laethúil.

Tóg ar ais an Cúigiú Cúige atá caillte. Níl ciall leis an bhfocal gan é. Bíodh Uisneach ceannaithe ag an rialtas don tír is ionad ag an mbun is áiseanna iontacha le fáil do dhaoine ann le foghlaim faoinár noidhreacht. Nach féidir Grouse Lodge a úsáid agus daoine ag cur ceol as Gaeilge amach dúinn. Fógra gan Gaeilge d’áit mar seo?!

Uisneach

Leis na pobail (ciorcail comhrá) go léir bíodh sé cosúil leis na Comunity Games nó Tidy Towns fadó. Bíodh comórtaisí againn agus Raidió áitiúil as Gaeilge le fáil. Bhuel, ó scíobh mé é seo feicim go bhfuil stáisiúin nua ann sa tír. Maith sibh! Bíodh áiseanna le fáil le rudaí a dhéanamh as Gaeilge i ngach baile. Sa Mhuileann gCearr tá Áras an Mhuilinn acu ach freisin d’fhéadfaidís an halla atá ag titim as a chéile in aice leis an Eaglais Protastúnach a ghlanadh suas is céilithe a bheith ann. D’fhéadfaí ranaganna rince ar an sean-nós agus amhráin ar an sean-nós agus rincí seit agus rincí céilí agus ceol traidisiúnta agus ranganna dóibh siúd atá ag iarraidh uirlisí a fhoghlaim a bheith ann agus ranganna sa Ghaeilge freisin. Bíodh cúrsaí Gaeilge (taitneamheacha le imeachtaí spéisiúla) sna bailte móra. Ná caith daoine amach go háiteachaí eile i gcónaí. Sampla amháin i mbaile amháin.  Is Gaeltacht í an tír go léir má labhraíonn muid ár dteanga féin. Meitheal Mór atá ag teastáil. Caithfidh go bhfuil áit mar sin i ngach baile. Tá obair le déanamh againn.

Ach tá cúnamh againn. Tá Micheal D ar son na Gaeilge. Tá Máire Mhic Ghiolla Íosa ar son na Gaeilge. Tá ceoltóirí mór le rá is aisteoirí mór le rá ar son na Gaeilge: úsáid iad!

Dom féin, tá mé ag súil le bheith ag caint leis na hollscoileanna anseo. Ba chóir go mbeadh Gaeilge le fáil in ollscoileanna SAM i gCathair na nAingeal. Freisin tá ‘Deireadh Seachtaine Gaeltachta’ ag teastáil uainn i gCathair na nAingeal arís. Go leor le déanamh! Nuacht faoi sin, fós ag fanacht ar na hollscoileanna ach níos mó ranganna againn anois sa Ghaeilge agus an Deireadh Seachtaine ag dul ar aghaidh chuile bhlian. Craobh de Chonradh na Gaeilge againn anseo freisin agus grúpaí ag scaipeadh Gaeilge ar fud na cathrach.

Is é an rud a mhilleann ár bpleananna ná an caitheamh anuas a chloistear ó dhaoine a ghlaíonn ‘Fanatics’ orainn. Scríobh An Tuaireascóir faoi le déanaí. Ná cuir suas leis sin. Is nimh é. Cosúil le bulaíocht, tá orainn labhairt amach ar an bpointe nuair a chloisimid rud mar sin. Caithfidh muid a rá go bhfuil sé mícheart agus gur mhúin daoine a bhí ag iarraidh fáil réidh linn an ceacht sin dúinn. Tá muid níos fearr ná sin. Bíonn faitíos orthu siúd a deireann rudaí mar sin scaití nach mbeidh siad in ann coinneáil suas linn leis an nGaeilge agus mar sin is gá a rá freisin go mbeidh go leor cúnamh le fáil. Tarraing isteach sa chlub iad.

Saol nua

Caithfidh daoine aire a thabhairt dóibh féin agus iad ag dul ar gach chineál diet agus ag iarraidh bheith fiteáilte agus caithfidh siad a ndroch-nósanna a athrú. Agus déanann siad é. An rud céanna leis an tír. Caithfidh muid ár nósanna a athrú. Feicfimid go bhfuil sé i bhfad níos éasca ná mar a cheapamar Gaeilge a labhairt agus  go bhfuil sé an-taitneamhach. Ach CAITHFEAR tosnú anois.

Dhúisigh mé ar maidin le líne ó Pompeii (Leagan Lurgan de) i mo chloigeann ach bhí na focail athraithe.

♫ Tiocfaidh Gaeilge ar ais de réir a chéile ♫ a chuala mé arís agus arís eile agus is fíor é gur féidir é a dhéanamh. Ach ná caill an tseans! Déan anois é. Déan do liosta féin.

Bíodh spraoi againn. Sin a mhúin Lurgan dúinn. Bíodh níos mó féilte againn le ceol agus craic: Samhain, Hogmanny, Imbolg, Bealtaine, Mabon, Lúnasa … .

Anois, déan do liosta agus ar aghaidh leat!

Moladh go deo leis na daoine atá ag obair ar son na cúise le fada le croíthe maithe, lán le fuinneamh. Déanann sibh an-difríocht go deo sa domhan seo.

Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Daltaí na Gaeilge, srl is gach duine a deireann Conas atá tú? nó beannacht ar bith as Gaeilge le cairde is stráinséirí. Grá mo chroí sibh! Ar aghaidh linn!

Marty Walsh – Méara Bostúin

Is é Marty Walsh (46) Méara Bostúin.

marty walshAGUS tá Gaeilge aige! Gaeilge abú!

Marty WalshDeirtear go raibh sé go maith ag ceangail pobail le chéile agus go raibh feachtas iontach aige agus go bhfuil éacht déanta aige anseo. Ach ní raibh sé ina aonar. Bhí níos mó ná 100 daoine ó Chonamara páirteacht san bhfeachtas a thosaigh in Aibreán anuraidh. Is thaisteal roinnt mhaith acu go Bostún le tacaíocht a thabhairt dó. Nach iontach an rud é bheith ilteangach freisin mar bhí Mike Newell ó Ros Muc in ann labhairt i Spáinnis ar an nguthán le daoine ann. Féir plé dó!

Marty campaignScúp do Athmhaidin!

Ní dhearna sé dearmad ar na hÉireannaigh agus a thuismitheoirí ó Chonamara.

Mary ó Ros Cíde, Ros Muc agus John (nach maireann) ó Chaladh Mhaínse, Carna.

walsh and parents

Éist: Ina chéad agallamh leis na meáin tar éis an bua, labhair Méara Marty Walsh as Gaeilge anseo

Seo a dúirt Méara Marty Walsh:

Tá an-áthas orm a bheith ceapaithe mar mhéara ar Bhostún.

Cuireann sé gliondar agus bród orm go bhfuil mé in ann freastal ar phobal Bostúin.

Agus tá mé an-bhuíoch do na daoine ar fad a thug cúnamh dom

agus a thogh mé le bheith i mo mhéara.

walsh familyPeter O’ Malley (Ros Muc), Marty Walsh (Méara Bostúin), Tom Conroy (Ros Muc) agus John Walsh (dearthair Marty)

Tá súil agam go bhfuil ár bpolaiteoirí in Éirinn ag féachaint agus ag éisteacht!

Déanaigí iarracht bhúr dteanga féin a labhairt!

Tá a mháthair Mary O’ Malley as Ros Muc ag caint faoi anseo san Agallamh idir 23:18 – 25:14 agus í iontach bródúil as, ar ndóigh.

marty bostunSeo an chéad agallamh a bhí aige leis na meáin tar éis an bua! Scúp i ndáiríre.

marty_walshDúirt sé freisin go mbeadh sé ag teacht ar cuairt go Conamara i 2014 agus tháinig. B’shin a chéad cuair oifigiúil taobh amuigh de na Stáit Aontaithe. Thug sé cuairt ar Ros Muc agus Carna freisin ar ndóigh.

Cuireann an scéal seo áthas ar mo chroí. Is cuimhin liom nuair a chuaigh mé ar turas go dtí an Capitol i Washington DC blianta ó shin agus b’é mo mhac féin  a bhí i gceannas ar an turas agus é ag míniú gach rud do na sluaite agus dúinne. Bhí mé fíor-bhródúil as. Is dlíodóir anois é. Ach níl sé éasca, an turas sin. Tuigim go raibh deacrachtaí ag Marty freisin agus ailse aige uair. Is mé ag éisteach le máthair Marty anseo, tháinig an turas agus an bród ar ais chugham.

walsh bidenJoe Biden leis an Marty Walsh ceart 🙂 Ghlaoigh sé ar Martin Walsh eile le comhghairdeas eile a rá leis. Oops

Rinne an Teach Bán an botún céanna

Comhghairdeas ó chroí dó agus súil agam go bhfuil siad ag ceiliúradh an nóiméad stairiúil seo.