Bhí mé ag caint le mo mhac faoin nGorta Mór is d’iarr sé orm ar chuala mé an scéal faoin iarracht a rinne an Tuirc cúnamh a thabhairt dúinn agus an chaoi inar chuir Sasana isteach ar an iarracht sin. Níor chuala. D’inis sé an scéal. Tagann an t-eolas uaidh agus ón alt seo le Mike Dash
Is na mílte ag fáil bháis ón nGorta Mór in Éirinn, tháinig cúnamh chugainn ón Tuirc. Ag an am sin bhí a deacrachtaí féin ag an Tuirc is í ag fulaingt lena Gorta féin. Seo scéal faoin Sabhdán a rinne iarracht go leor airgid a thabhairt do na daoine in Éirinn nuair a bhí géarghá leis ach dúirt Sasana leis i bhfad níos lú a thabhairt ar fhaitíos go mhaslódh sé An Bhanríon Victoria.
Tá líne i Ulysses le James Joyce a dhéanann tagairt don airgead (piastre) a thug an Tuirc dúinn:
Even the Grand Turk sent us his piastres. But the Sassenach tried to starve the nation at home while the land was full of crops that the hyenas bought and sold in Rio de Janiero.
Seo an scéal faoin eachtra sin.
Bhí an Sabhdán Abdülmecid I ag iarraidh £10,000 (timpeall £1 milliúin san lá atá inniu ann) a sheoladh go Londain ach dúradh leis go mbeadh sé náireach do Victoria dá dtabharfadh sé i bhfad níos mó airgid do na hÉireannaigh ná mar a thug Victoria féin don tír. Níor thug sise ach £1,000 ar dtús. D’ardaigh sí go £2,000 é ina dhiaidh. Níor thug an Prionsa Albert ach £500, mar an gcéanna le Rí Hanover.
Dar leis an scríbhneoir Charles Mackay, an fear a scríobh beathaisnéis Robert Peel, spreag litir ón Bhanríon Victoria in Eanáir 1847 faoin gcruachás in Éirinn Abdülmecid le airgead a sheoladh go Londain:
“One of the most remarkable instances of the universal interest and sympathy manifested on this occasion was in the offer of no less than £10,000 by the Sultan, besides some ship-loads of provisions. His Majesty’s ministers represented, however, that Queen Victoria having subscribed only £2,000, it would not be respectful for a foreign sovereign to subscribe a larger sum; and the Sultan confined his subscription to £1,000, which was duly dispatched to Ireland.”
Mar sin, bhí ar an Sabhdán i bhfad níos lú airgid (£1,000) a sheoladh go Londain do na hÉireannaigh.
San Morning Post in Aibreán 1847 luaigh siad an bronntanas is an tábhacht a bhain leis:
The Sultan sent this day to Mr. Wellesley the sum of one thousand pounds for the relief of Ireland in the grievous famine under which that country is now suffering. This act of regal munificence on the part of his Imperial Highness is without precedent. For the first time a Mahomedan Sovereign, representing multitudinous Islam populations, manifests spontaneously a warm sympathy with a Christian nation. May such sympathies, in all the genial charities of a common humanity, be cultivated and henceforth ever be maintained between the followers of the Crescent and the Cross!
Ach ní ón mBanríon amháin a chuala Abdülmecid an scéal. Bhí dochtúir Éireannach aige: Justin Mc Carthy ó Chorcaigh. D’inis a mhac an scéal:
“… the Sultan had intended to give £10,000 to the famine-stricken Irish, but was deterred by the English ambassador, Lord Cowley, as Her Majesty, who had only subscribed £1000, would have been annoyed had a foreign sovereign given a larger sum…”
Mar sin sheol Abdülmecid trí long le bia go hÉirinn i ngan fhios do Shasana. De réir leagan amháin den scéal bhí ar a longa éalú ó longa Shasana mar bhí siad ag iarraidh daoine le cúnamh a choinneáil amach ón tír.
Tháinig na longa isteach ag Droichead Átha.
An Bhóinn, Droichead Átha
Bhí dhá pháipéar nuachtán i nDroichead Átha ag an am: an Argus agus an Conservative. Bhíodh nuacht iontu faoi na longa a thágadh go dtí an baile mór. Is beag long a thágadh go Droichead Átha ó thír eile seachas ón mBreatain ag an am. Mar sin bhí sé éasca do mhuintir na háite cuimhneamh ar na trí long a tháinig go dtí an baile mór le bratacha ó thíortha i bhfad i gcéin i mBealtaine i 1847. B’shin cúig mhí tar éis d’Abdülmecid scéal a fháil ó Shasana go raibh gá le cúnamh in Éirinn.
Seans gur tháinig long amháin acu ón Phrúis, Alita nó an Meta ó Stettin ar an Mhuir Bhailt. Tháinig an péire eile ó na Balcáin, áfach, áit faoi smacht Otamánaigh. Cé go raibh ainmneacha as Béarla acu, an Porcupine agus an Ann is daoine i gceannas orthu le ainmneacha as Béarla (Cleveland agus Floyd), tháinig siad ó Selânik (Thessaloniki inniu), cuid den impireacht Otamánach. Ar bord na trí long bhí min bhuí agus cruithneacht.
San Belfast News-letter i Márta 1853 ghabh siad buíochas leis an Tuirc:
We cannot forget that Mahommedan Turkey has more than once shamed the nations which boast of their Christianity, by the practice of those principles which they only professed. It was the present Sultan of Turkey who, more generously than any other European potentate, contributed to the relief of our famine-stricken countrymen in 1847.
Bhí míthuiscint ó am go ham faoin armas atá ag Droichead Átha. Cheap daoine gur aithrigh siad é in ómós d’Abdülmecid. Bhí an ghealach agus an réalt curtha ar bharr ann mar bhuíochas ón mbaile, a cheap daoine.
Mar a tharla sé bhí an cruth sin ar an armas ó am Rí John, 800 mbliain roimhe sin. Is daoine ag lorg na fírinne sa scéal tháinig siad ar phlaic chomórtha san óstán Westcourt (Halla na Cathrach fadó) i nDroichead Átha ag comóradh an cúnamh a tháinig ón dTuirc go Droichead Átha. De réir Frank Godfrey, maor na cathrach, caithfidh gur fhan mairnéalaigh an tSabhdáin san áit sin is iad ann i 1847.
I bhfad níos déanaí i 1957 bhí scéal faoin eachtra seo foilsithe san iris Threshold (faoi litríocht & stair) ag an Ollamh Thomas P. O’Neill, an duine a scríobh beathaisnéis d’Éamon de Valera. The Queen and the Famine an tideal ar an scéal.
Is inniu fuair mé an scéal ó mo mhac a chuala an scéal san ollscoil i Santa Barbara. Is roinnim an scéal libh anseo, a chairde. Mar is maith an rud cloisteáil faoi na daoine maithe ar an domhan seo a thugann cúnamh do dhaoine i gcruachás.
Tábhachtacht dúinn freisin a thuiscint cé a tháinig san mbealach agus cén fáth. Caithfimid foghlaim ón stair. Buíoch as na daoine maithe ar na domhan seo. Neart acu ann.